← LEADERSHIP TERMINAL

EUROPEAN PARLIAMENT · SITTING

Cynthia Ní Mhurchú

Member of the European Parliament · Renew · IE

IN THEIR OWN WORDS

A Uachtaráin, a Choimisinéir, fáiltím roimh an meastóireacht seo ar an gComhbheartas Iascaigh. Ach cúis imní iad na torthaí seo, dáiríre, d'iascairí na hEorpa agus iascairí na hÉireann. Inbhuanaitheacht comhshaoil, ar ndóigh, fíorthábhachtach.

PLENARY SITTING OF 2026-07-09 · READ THE VERBATIM REPORT

A Choimisinéir Kadis, iarraim ort ceithre rud a dhéanamh: Roghanna na Háige a chosaint, tacú le hathnuachan cabhlaigh, maorlathas a laghdú agus, uimhir a ceathair, cothrom na Féinne a chinntiú d'iascairí na hÉireann agus na hEorpa. (Ghlac an cainteoir le ceist cárta ghoirm) 4-0094-0000 Luke Ming Flanagan (The Left), ceist cárta ghoirm.

PLENARY SITTING OF 2026-07-09 · READ THE VERBATIM REPORT

Because they can't get this funding for their marketing plans – 87 % of the fishers and they have less than 10 % of the quota ... (The President cut off the speaker) 4-0096-0000 Cynthia Ní Mhurchú (Renew), blue-card answer.

PLENARY SITTING OF 2026-07-09 · READ THE VERBATIM REPORT

A Uachtaráin, agus Éire ag glacadh Uachtaránacht an Aontais chuici féin, tá treisiú iomaíochas na hEorpa go mór chun tosaigh. Mar sin, fáiltím roimh an tuairisc seo ag an bhFeisire Ódor, rapóirtéir ó mo ghrúpasa féin, Renew Europe, agus gabhaim buíochas leis as an ngrinnstaidéar atá déanta aige faoin 28ú réimeas cánach atá roghnach - rogh…

PLENARY SITTING OF 2026-07-09 · READ THE VERBATIM REPORT

A Chathaoirligh agus a Choimisinéir, éistigí a chairde. Tá Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle ar tí tosú agus táim ag súil go mór leis an gclár cultúrtha. Bígí ag faire amach don ealaíontóir ó Éirinn Richard Malone a bhéas chun tosaigh - cuimhnígí ar an ainm sin.

PLENARY SITTING OF 2026-06-18 · READ THE VERBATIM REPORT

Ní mór cúnamh a thabhairt do na healaíontóirí seo, na daoine a chruthaíonn cultúr dúinn féin agus a leathnaíonn an samhlaíocht fud fad na hEorpa. Ba cheart gairmeacha ealaíne a bheith oscailte do dhaoine ó gach cúlra - bocht, saibhir agus idir eatarthu. Iarraim oraibh rialtas na hÉireann a leanúint.

PLENARY SITTING OF 2026-06-18 · READ THE VERBATIM REPORT

The complete record

Every one of 88 lines we hold for Cynthia Ní Mhurchú, in date order, each linked to its source. Free to read, in full, without an account. Page 1 of 2.

  1. A Uachtaráin, agus Éire ag glacadh Uachtaránacht an Aontais chuici féin, tá treisiú iomaíochas na hEorpa go mór chun tosaigh. Mar sin, fáiltím roimh an tuairisc seo ag an bhFeisire Ódor, rapóirtéir ó mo ghrúpasa féin, Renew Europe, agus gabhaim buíochas leis as an ngrinnstaidéar atá déanta aige faoin 28ú réimeas cánach atá roghnach - roghnach dár SMEs. Tosú san Eoraip, fás san Eoraip, fanacht san Eoraip agus gan imeacht ó bhaile. Níl an margadh scoilte san Eoraip ag feidhmiú ar son ár SMEs ar feadh i bhfad, ach a mhalairt, is ag feidhmiú ina n-aghaidh atá sé.

    PLENARY SITTING OF 2026-07-09 · READ THE VERBATIM REPORT

  2. Because they can't get this funding for their marketing plans – 87 % of the fishers and they have less than 10 % of the quota ... (The President cut off the speaker) 4-0096-0000 Cynthia Ní Mhurchú (Renew), blue-card answer. – 'Ní neart go cur le chéile.' 'Unity with strength.' As you know, Mr Ming Flanagan, that is mana Uachtaránacht na hÉireann. All of our fishers are being looked after by Minister Timmy Dooley – my government, Fianna Fáil, who is now leading out on the Council of the EU. Rest assured, all efforts are being made. All work is being done go dian dícheallach ar son gach iascaire in Éirinn. Ní hamháin na hiascairí móra ach na hiascairí beaga chomh maith. 4-0098-0000

    PLENARY SITTING OF 2026-07-09 · READ THE VERBATIM REPORT

  3. A Choimisinéir Kadis, iarraim ort ceithre rud a dhéanamh: Roghanna na Háige a chosaint, tacú le hathnuachan cabhlaigh, maorlathas a laghdú agus, uimhir a ceathair, cothrom na Féinne a chinntiú d'iascairí na hÉireann agus na hEorpa. (Ghlac an cainteoir le ceist cárta ghoirm) 4-0094-0000 Luke Ming Flanagan (The Left), ceist cárta ghoirm. – A Cynthia, tá ceist an-tábhachtach agam. Eighty-seven percent of fishers in Ireland are small-scale fishers. There is nothing stopping the Irish state from giving small-scale, low-impact fishers access to more quota. Nothing stopping us. There is nothing stopping the Irish state from providing small-scale fishers in Ireland with funding, front-loaded. But it isn't happening. And you can actually do it. So the question is: why don't you do that?

    PLENARY SITTING OF 2026-07-09 · READ THE VERBATIM REPORT

  4. A Uachtaráin, a Choimisinéir, fáiltím roimh an meastóireacht seo ar an gComhbheartas Iascaigh. Ach cúis imní iad na torthaí seo, dáiríre, d'iascairí na hEorpa agus iascairí na hÉireann. Inbhuanaitheacht comhshaoil, ar ndóigh, fíorthábhachtach. Ach gan inbhuanaitheacht shóisialta agus eacnamaíoch, ní bheidh aon chosaint don chomhshaol ann. Tá iascairí na hÉireann tar éis glacadh leis na cinntí deacra a bhí is atá rompu, dul in oiriúint dóibh agus beart a dhéanamh de réir a mbriathair. Ach mar sin féin, tá brú millteanach millteanach mór orthu le cuótaí, le méadú maorlathais, costais, éiginnteacht faoina dtodhchaí, agus an rud is measa ná an mbeidh báid fágtha don chéad ghlúin eile in Éirinn? Bímis macánta, ní beartas rathúil iascaigh é beartas a laghdaíonn cabhlaigh, a bhaineann an bonn de ghnólachtaí agus a fholmhaíonn ár mbailte cósta.

    PLENARY SITTING OF 2026-07-09 · READ THE VERBATIM REPORT

  5. Ní mór cúnamh a thabhairt do na healaíontóirí seo, na daoine a chruthaíonn cultúr dúinn féin agus a leathnaíonn an samhlaíocht fud fad na hEorpa. Ba cheart gairmeacha ealaíne a bheith oscailte do dhaoine ó gach cúlra - bocht, saibhir agus idir eatarthu. Iarraim oraibh rialtas na hÉireann a leanúint. Tugaigí pá bunúsacha do na healaíontóirí fud fad na hEorpa, córas cuimsitheach cúnaimh dár n‑ealaíontóirí san Eoraip. Agus, Gaeilge go deo - Bosca 23. (Dhírigh an cainteoir a méar i dtreo bhoth ateangaireachta na Gaeilge) Gaeilge chun tosaigh. 4-0119-0000 Catch-the-eye procedure 4-0120-0000

    PLENARY SITTING OF 2026-06-18 · READ THE VERBATIM REPORT

  6. A Chathaoirligh agus a Choimisinéir, éistigí a chairde. Tá Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle ar tí tosú agus táim ag súil go mór leis an gclár cultúrtha. Bígí ag faire amach don ealaíontóir ó Éirinn Richard Malone a bhéas chun tosaigh - cuimhnígí ar an ainm sin. Tá beart á dhéanamh de réir a bhriathair ag rialtas na hÉireann mar rialtas ó thaobh cúrsaí cultúrtha de ag soláthar pá maireachtála do 2 000 ealaíontóir suas go dtí an bhliain 2029. Luaitear sa dearbhú comhpháirteach anseo san Eoraip go gcothaíonn ealaíontóirí agus gairmeacha cultúrtha éagsúlacht chultúrtha agus beocht na hEorpa. Tá sé fíor, ach conas is féidir leis na healaíontóirí seo a bheith sona sásta nuair atá siad ar an ngannchuid, mar a dúirt an Coimisinéir, iad beo bocht agus thar a bheith buartha?

    PLENARY SITTING OF 2026-06-18 · READ THE VERBATIM REPORT

  7. A Uachtaráin, tá an ganntanas tiománaithe gairmiúla ar fud na hEorpa fós ar cheann de na bagairtí is mó ar athléimneacht earnáil iompair na hEorpa. Más mian linn a chinntiú go sroicheann earraí riachtanacha gnólachtaí agus saoránaigh, ní mór dúinn an ghairm a dhéanamh níos inrochtana agus níos tarraingtí. Tosaíonn sé seo le nuachóiriú a dhéanamh ar an treoir maidir le deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil tiománaithe. Ní mór d'oiliúint teacht le réaltachtaí oibríochtúla agus forbairtí teicneolaíochta an lae inniu. Beidh sé ríthábhachtach tacú le deiseanna oiliúna do thiománaithe óga, lena n-áirítear dul isteach sa ghairm níos luaithe. Tá gá le solúbthacht rialála chiallmhar a chuidíonn le hoibreoirí agus le tiománaithe freagairt do chúinsí dúshlánacha ag teacht ó Bhallstáit ar nós Éireann atá mar oileán.

    PLENARY SITTING OF 2026-06-17 · READ THE VERBATIM REPORT

  8. But once again, to come back to the point I raised before, the Commission cannot do it alone, because what matters for SMEs in Ireland, as you were putting it, is not what the Commission puts forward as proposals, but what comes out as legislative process. Therefore, once again, I repeat my plea on the co-legislators, both the Council and Parliament, to move swiftly with those simplification proposals and not to water down the simplification ambition in those proposals – because that is the key to what the SMEs will be feeling at the end of the day – the outcome of the legislative process, not the Commission's proposal. 2-0330-0000

    PLENARY SITTING OF 2026-06-16 · READ THE VERBATIM REPORT

  9. In a sense, that's how we can measure success – whether we reach those burden reduction targets by the end of this mandate in 2029. So I think that's a fairly clear and fairly measurable indicator. I fully agree that, from SMEs' perspective, it's key. It's key also from a broader perspective, because if you look at the broader competitiveness issue, they are, I would say, not so encouraging figures – that 3.9% of all workforce in the EU is dealing with compliance, and only 1.7% of all workforces in the EU is doing this research and innovation, and we really need more people innovating and less people filling in forms. So that is what we want to achieve in this regard.

    PLENARY SITTING OF 2026-06-16 · READ THE VERBATIM REPORT

  10. Because, quite frankly, references to omnibus and deep-clearing and everything else that we have heard about, that means nothing to the SMEs of Ireland, who have told the chartered accountants that seven out of ten of them are more pessimistic than six months ago, rising costs are impacting on them, especially labour costs, and the biggest challenge is the topic of this conversation: reducing the regulatory and the compliance burden on them. So, please produce the results of your success. 2-0329-0000 Valdis Dombrovskis, Member of the Commission. – Thank you for this question. So, the question, what is our KPI on this? And I think I was mentioning our KPI, which is reduction of administrative burden by 25% for all companies and by 35% for SMEs.

    PLENARY SITTING OF 2026-06-16 · READ THE VERBATIM REPORT

  11. Commissioner Dombrovskis, put yourself in the shoes of the SMEs in Ireland South that I represent. They measure the success of their business, or whether it will survive or not, by the profit margin, the revenue remaining after the SME has deducted its operating costs. They measure KPIs, key performance indicators, in order to survive. My question to you, Commissioner, is, a year and a half into your role, how do you measure your KPIs? How have you measured them thus far, a year and a half on? How are you measuring them, and what will be the measure of your success and your huge ambition that you have outlined to us by 2029, the end of the mandate?

    PLENARY SITTING OF 2026-06-16 · READ THE VERBATIM REPORT

  12. Go raibh maith agaibh a Chathaoirligh agus a Choimisinéir. MV Hondius agus rabhadh hantaivíreas. Meabhraíonn siad dúinn nach mbeidh deireadh go deo le héigeandáil sláinte agus is féidir léi teacht chun cinn go han sciobtha, go tobann ag tabhairt dúshlán mór dár bpleananna is fearr ullmhúcháin. Tá ceachtanna crua foghlama againn ó COVID 19 ar aghaidh. Cruthaíonn córais nach bhfuil aontaithe mearbhall do dhaoine. Braitheann muinín an phobail ar chumarsáid rí-shoiléir, ar sheirbhísí láidre agus ar chomhordú tapa agus teastaíonn pleanáil fhadtéarmach i bhfad níos fearr in infheistíocht leanúnach, i seirbhísí sláinte agus córais faireachais níos láidre. Comhordú soiléir chomh maith idir údaráis áitiúla náisiúnta agus na hEorpa. Bímis réidh solúbtha a chairde agus aclaí ag déileáil leis an gcéad éigeandáil eile. Bíodh ciall cheannaithe againn.

    PLENARY SITTING OF 2026-05-21 · READ THE VERBATIM REPORT

  13. A Chathaoirligh, a Choimisinéir. Tá cluichí físeáin mar chuid dár gcultúr. Insíonn siad scéalta agus cruthaíonn siad cuimhní cinn agus do na milliúin duine a imríonn iad, tá cluichí níos mó ná siamsaíocht. Cruthaíonn siad cairdeas, taithí, teangacha agus glúnta, daoine agus cultúir a nascadh le chéile pobail a thógáil na luachanna a cheiliúrann muid anseo san Eoraip. Ach sa lá atá inniu ann, is féidir leis na cluichí seo imeacht go tobann, is féidir freastalaí a mhúchadh agus pobail ar líne a scriosadh thar oíche. Níl sé cothrom. Níl sé cóir. Níor chóir d'imreoirí a fhágáil gan rud ar bith. Tá dreamanna amuigh ansin ag coinneáil na gcluichí seo beo i bhfad tar éis na tacaíochta oifigiúla a chríochnú. Tá fíor réitigh á moladh ag na dreamanna seo agus ba chóir dúinn éisteacht uathu.

    PLENARY SITTING OF 2026-05-21 · READ THE VERBATIM REPORT

  14. A Uachtaráin, 'Is domhan fireann é seo', a dúradh le mo sheanmháthair agus le mo mham, ach d'athraigh mo mham an teachtaireacht sin agus d'fhás mé suas le mná láidre cumasacha a thóg cinntí deacra éagsúla go tapaidh agus go hinniúil. In ainneoin sochaí a d'fhág iad ar na taobhlínte. Sin mar a bhí agus seo mar atá. Inis Bó Finne, oileán beag in iarthar na hÉireann, áit ar bhunaigh mná Óstán Dhún Mór, ag cothú tionscal turasóireachta a mheallann os cionn daichead míle cuairteoir chuig an oileán chuile bhliain. Oileán eile is ea Oileán Chliara in iarthar na hÉireann. Arís, tá trí ghnó inbhuanaithe tógtha ag bean iontach, Ciara Chulainn - caifé, ionad tearmainn agus feirm athghiniúna. Agus tá bean eile, Beth Moran, ag caomhnú chultúr na hÉireann trí cheardlanna fíodóireachta a eagrú.

    PLENARY SITTING OF 2026-04-30 · READ THE VERBATIM REPORT

  15. Madam President, Commissioner Hansen, this report on securing a sustainable future for the EU livestock sector is long overdue. Europe is haemorrhaging livestock farmers. Farmers are shutting up shop and taking to the streets. Why? Simples. Food prices are going down. Production costs, energy, fertiliser, etc. are soaring. Also, EU red tape is choking them and animal disease destroying them. But we need our farmers, especially our young farmers. Why? Well, we need a strong European agricultural sector for food security, environmental protection, citizens' health and wellbeing, the circular economy and living rural communities that we represent. So, Commissioner, my message to farmers, Irish and European, is clear and simple. We need you. You have a future. We have your back and we will create a level playing pitch.

    PLENARY SITTING OF 2026-04-30 · READ THE VERBATIM REPORT

  16. Grazie, go raibh maith agaibh. 'Dún do chlab, a bhitseach amaideach'. 'Tá tú literally ann mar chomhartha éagsúlachta, a leithéid de dhuine leamh'. 'Dofhulaingthe'. 'Fucking fealltóir tusa, Ní Mhurchú, do mhuintir na hÉireann'. Níl iontu seo, a chairde, ach dornán beag bídeach do na tagairtí atá fágtha ar mo chuntas X. Nuair a thuairiscím do X na tagairtí seo agus do Choimisiún na Meán ní tharlaíonn mórán nó faic. Tá seans fiche seacht n-uaire níos mó ag banpholaiteoirí a bheith ionsaithe ar líne ná a gcomhghleacaithe fireanna. Tá bagairtí éignithe déanta ar bheagnach leath de bhanpharlaiminteoirí. Cuid den saol laethúil é seo dúinne mar bhanpholaiteoirí: drochíde agus bagairtí a fhulaingt. Mar sin, iarraim ar an gCoimisiún dlús a chur le dlíthe láidre coiriúlachta chun dul i ngleic leis seo.

    PLENARY SITTING OF 2026-04-29 · READ THE VERBATIM REPORT

  17. They are under serious attack from right inside this House by the political groupings that you have heard speaking here this afternoon. They are spreading misinformation, disinformation and hatred, and undermining... (The President cut off the speaker) 2-0366-0000

    PLENARY SITTING OF 2026-04-28 · READ THE VERBATIM REPORT

  18. Mr President, as human beings, we all want to be loved, cherished, respected and, particularly, protected. And that is what the EU Charter of Fundamental Rights has done over the last 25 years. It has protected all of us. It is the foundation for thousands of laws, policies, initiatives. It has been cited in thousands of legal cases. It is our protective shield, and the rights belong to everyone. Respect for human dignity, freedom, democracy, equality, the rule of law and protecting persons from minorities: these are not abstract themes. These are about real people: protecting women, supporting victims of crime, not ignoring those with a disability, monitoring borders in a firm but fair way, and tackling racism and hatred head‑on. But don't take any of these fundamental European human rights or rights for granted.

    PLENARY SITTING OF 2026-04-28 · READ THE VERBATIM REPORT

  19. A Uachtaráin, samhlaigh d'iníon óg 18 mbliana d'aois ar saoire sa Bhulgáir. Chuaigh sí chun cóisir aréir. D'éirigh go hiontach léi. Chas sí le leaid óg. Agus an chéad rud eile, éigníodh í. Ach, cosúil le 70% d'íospartaigh éignithe eile, reoigh Máire agus thit sí i laige. Agus ní dúirt sí 'Ní hea', ní dúirt sí 'Stop' agus níor throid sí ar ais. Sa Bhulgáir, áfach, éilíonn an córas dlí fianaise an íospartaigh gur throid sí ar ais go fisiciúil chun a cás a bhuachaint. Mar sin, ní dócha go bhfeicfeadh Máire, d'iníon álainn, a héigneoir ciontaithe. Anois, dá mbeadh Máire ar saoire sa tSualainn, d'éireodh lena cás éignithe. Mar is é an sainmhíniú dlí ar éigniú sa tSualainn ná aon ghníomh gnéis gan toiliú. Tá easpa aontachta ar fud Bhallstáit an Aontais maidir le dlíthe éignithe scannalach.

    PLENARY SITTING OF 2026-04-27 · READ THE VERBATIM REPORT

  20. Caithfidh an Eoraip a bheith chun tosaigh, ní hamháin sa nuálaíocht a chairde, ach in úsáid na hintleachta saorga freisin chun feabhas a chur ar mhuintir na hEorpa. Molaim don Ombudsman nua, Iníon Teresa Anjinho, tógáil ar an obair a rinne iar-Ombudsman, Emily O'Reilly, mo chomh-Éireannach. Go raibh míle maith agaibh. 4-0024-0000

    PLENARY SITTING OF 2026-03-12 · READ THE VERBATIM REPORT

  21. A Uachtaráin, a Choimisinéir, Go raibh maith agaibh, Agus muid ag druidim leis an 70ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan, ag tarlú an mhí seo chugainn, ní mór dúinn a bheith ionraic: Tá an pobal idirnáisiúnta ag teip ar mhná agus ar chailíní maidir le beagnach gach beart comhionannais faoi Chlár Oibre 2030. Tá foréigean in aghaidh na mban ag méadú as cuimse agus imithe gan phionós den chuid is mó. Is beag feabhas atá tagtha ar éagothroime eacnamaíoch ná éagothroime pinsin. Níl fáil cothrom uilíoch ar chearta ban agus tá géarchéimeanna agus bacainní ann nuair nach gcosnaíonn dlíthe agus nuair a fhanann cúirteanna as feidhmiú dúnta, bíonn an comhionannas ina ghealltanas folamh. Ní féidir glacadh leis an easpa sainmhínithe comhaontaithe san Aontas seo ar bhain éigniú ar fud na mBallstát uile.

    PLENARY SITTING OF 2026-02-12 · READ THE VERBATIM REPORT

  22. A mhalairt ar fad a chairde, is léirithe riachtanacha iad ar dhínit an duine. Ní féidir leanúint le gnáthchaidreamh na hIaráine leis an Eoraip, fad is atá na húdaráis ag marú, ag scriosadh, ag sleá. Ní binn béal ina thost. Iarraim ar an gCoimisiún seasamh suas i gcoinne na n-údarás san Iaráin trí smachtbhannaí láidre a chur orthu. Go raibh míle maith agaibh. 3-0583-0000

    PLENARY SITTING OF 2026-02-11 · READ THE VERBATIM REPORT

  23. A Uachtaráin, a Choimisinéir, mar bhall den Toscaireacht Eorpach um Chaidreamh leis an Iaráin, is cúis mhór imní dom na heachtraí is déanaí a fheiceáil san Iaráin agus na tuairiscí ann faoin gcos ar bolg brúidiúil i gcoinne agóideoirí síochánta, cuid acu daortha chun báis. Ó mhí na Nollag, tá ceann de na gluaiseachtaí is mó agóide le blianta fada tagtha chun cinn ar fud na tíre, spreagtha ag saoránaigh atá ag éileamh; saoirsí bunúsacha, dínit agus athrú polaitiúil fiúntach. Seo saoirsí a ghlacaimid mar rud nádúrtha san Eoraip. Ní cearta uilíocha iad seo. Is cearta iad a chuireann stair na hÉireann i gcuimhne dom. Cearta gur fiú iad a chosaint. Mar Éireannach a chreideann go láidir i Riail an Dlí tá a fhios agam nach coireanna iad an fhrithbheartaíocht shíochánta ná an tóir ar an gceartas.

    PLENARY SITTING OF 2026-02-11 · READ THE VERBATIM REPORT

  24. A Uachtaráin, tuairiscíodh an tseachtain seo caite go bhfuil níos lú ná 5.9% de dhaltaí scoile in Éirinn - mo thír dhúchais, ag freastal ar bhunscoil nó ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge. Seo an céatadán is lú daltaí ó 2013 ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge! Seo in Éirinn! Tír ina bhfuil cosaint bhunreachtúil ag an nGaeilge in Airteagal a 8 a deireann: "Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta, is í an phríomhtheanga oifigiúil í". Is scannal í an titim thubaisteach seo. Tá sí níos measa i líon na ndaltaí atá ag freastal ar mheánscoileanna lán-Ghaeilge - cé go bhfuil níos mó daltaí iarbhunscoile ann anois ná mar a bhí riamh in Éirinn! Tá an tuismitheoir Aidan Kinsella ó Dhún Dealgan, agus a ghrúpa “Imeasc” (Irish Medium Education at Schools) - ag obair go dian dícheallach chun an fhadhb leanúnach seo a leigheas.

    PLENARY SITTING OF 2026-02-11 · READ THE VERBATIM REPORT

  25. A Uachtaráin, in Éirinn, ní insíonn 66% de leanaí idir 12 bhliain d'aois agus 15 bliana d'aois dá dtuismitheoirí go bhfuil siad faoi ionsaí ag cibearbhulaíocht. Tá siad eaglach, éiginnte, leochaileach agus coinníonn beagnach 45% de leanaí na heachtraí cibearbhulaíochta dóibh féin, faoi rún. Bíonn bagairtí agus maslaí damanta á ndéanamh ar na leanaí seo. Bíonn siad bodhartha le scéalta bréagacha agus le líomhaintí bréagacha: "Is rud gan mhaith thú!" "Dobhrán, tútach thú!" Go mion minic, moltar dóibh iad féin a ghortú agus ghortaíonn siad iad féin trí féinghearradh, féin-nimhniú, féindochar. Tá leanaí na linne seo níos ceangailtí ar líne ná riamh agus má bhíonn cráiteoir acu ar scoil, bíonn an cráiteoir céanna acu sa bhaile - níl aon éalú!

    PLENARY SITTING OF 2026-02-10 · READ THE VERBATIM REPORT

  26. As for equality, I am also Commissioner for Equality, and I can assure you that there is specific attention to the most vulnerable – women, children and people with disabilities. When it comes to communication in case of a crisis, I just visited yesterday the EU Space Agency, and we have their Galileo satellite navigator, which is one of the most efficient in the world. Thanks to this Galileo satellite system, we will soon be able to send messages to all European citizens in case of major crisis, even if there is a blackout or a complete shutdown. Honourable Members, hoping for the best is not a strategy, and that is why I am personally, as the first Commissioner for Preparedness, committed to taking this work forward. 2-0085-0000

    PLENARY SITTING OF 2026-02-10 · READ THE VERBATIM REPORT

  27. Many of you raised the importance of solidarity funding and the EU Solidarity Fund set up to respond to major natural disasters after the severe floods in central Europe in 2002 has been activated for over 140 disasters. This is European solidarity, and the aim of the fund is to help Member States and accession countries to cope with the extraordinary budgetary pressure. After a disaster, a Member State has 12 weeks after the occurrence of damage to apply for EU Solidarity Fund support. The applicant Member States can request payment in advance up to 25 %. This is a rapid solidarity response and no bureaucracy. There is no specific criteria that can create a disadvantage for small Member States like Malta.

    PLENARY SITTING OF 2026-02-10 · READ THE VERBATIM REPORT

  28. That is why, in the Commission, we are working diligently to improve our joint capacity to deal with these events, whether in prevention, preparedness, response or recovery. We need more robust instruments, better adapted to current scenarios without silos and with all areas of government and of society. That is why last March we presented our first ever preparedness union strategy based on a whole-of-society, all-of-government and all-hazards approach. Climate change and extreme natural events is one of today's major threats. We want to work better and we want to support Member States more and better. Because while Member States are the first responsible, the first to respond, the reality is that they are more and more overwhelmed by major disasters.

    PLENARY SITTING OF 2026-02-10 · READ THE VERBATIM REPORT

  29. Ba cheart do chiste dlúthpháirtíochta nua agus leathnaithe níos mó infheistíochta a dhéanamh i gcórais nua rabhaidh aimsire, i mbonneagar cosanta tuilte, go háirithe in oirdheisceart na hÉireann. Níor cheart go mbeadh dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh ina prionsabal amháin - caithfidh sí cúnamh praiticiúil a sholáthar do phobail uile na hEorpa. 2-0083-0000 (End of catch-the-eye procedure) 2-0084-0000 Hadja Lahbib, Member of the Commission. – Madam President, honourable Members, first of all, I would like to thank you for this very important debate. I consider that it is of the utmost importance and it highlights the following key areas and ideas. The world is different today – more vulnerable and more dangerous. Past policies no longer respond to the challenges of the present.

    PLENARY SITTING OF 2026-02-10 · READ THE VERBATIM REPORT

  30. A Uachtaráin agus a Choimisinéir, chuir méid na dtuilte a tharla de bharr stoirm Chandra ar chósta oirdheisceart na hÉireann ualach ollmhór ar theaghlaigh, ar ghnólachtaí agus ar údaráis áitiúla ar fud an réigiúin. Bhuail báisteach nach bhfacthas riamh contaetha Cheatharlach, Chill Chainnigh, Phort Láirge, Chill Mhantáin, Loch Garman agus rud a d'fhág tuilte móra ina dhiaidh - tithe, páirceanna agus gnólachtaí scriosta. Impím ar an gCoimisiún, mar sin, Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a mhéadú agus téarmaí tagartha an Chiste a leathnú. Ar an drochuair, feicfimid níos mó tubaistí nádúrtha a bhaineann leis an aimsir chuile bhliain amach anseo, rud a chiallaíonn nach leor an ciste dlúthpháirtíochta de luach 1.1 billiúin euro a thuilleadh.

    PLENARY SITTING OF 2026-02-10 · READ THE VERBATIM REPORT

  31. Tá ár bhfeirmeoirí ag pleanáil agus ag plandáil go héiginnte - púicín orthu sa dorchadas. Cosnóimis ár bhfeirmeoirí, a chairde, le polasaithe cinnte agus inoibrithe. 1-0215-0000

    PLENARY SITTING OF 2026-02-09 · READ THE VERBATIM REPORT

  32. A Uachtaráin, tá caighdeán inoibrithe á lorg ag feirmeoirí Éireannacha. Inniu, is sampla foirfe iad prátaí síl den chaoi a ndéanann rialacha dochar do phríomhthomhaltóirí nuair a chuirtear i bhfeidhm iad gan phráinn agus gan chinnteacht. Roimh an mBreatimeacht, bhí Éire ag brath go mór ar sholáthar prátaí síl ón Ríocht Aontaithe. Níor cruthaíodh aon mhargadh nua ina éagmais agus dá bharr, tá saothróirí na hÉireann ag brath ar réimsí roghnacha níos cúinge agus níos costasaí. Cruthaíonn na réimsí nua seo imní nua freisin maidir le cáilíocht, galair agus oiriúnacht d'ithreacha na hÉireann. Ní hionann aon talamh, aon ithir ná aon tír, agus caithfidh beartas SPS an réaltacht sin a aithint chun a bheith éifeachtach sa bhfíorshaol. Is céim sa treo ceart é an Creat Tráchtearraí Aonair, ach níl sé fós ag cur prátaí síl ar fáil sa bhfíorshaol.

    PLENARY SITTING OF 2026-02-09 · READ THE VERBATIM REPORT

  33. A Uachtaráin, tá 220 000 duine ag maireachtáil le hailse in Éirinn. Aithnítear 24 000 duine gach bliain leis an ngalar. Tá mo chara, an Seanadóir Teresa Costello ó Fhianna Fáil, ar dhuine de na mílte ban a d'fhulaing ailse brollaigh. Ach tháinig Teresa slán de bharr fionnadh luath. Is cuma cá bhfuil tú i do chónaí nó cad as a dtagann tú - is féidir le hailse éinne a bhualadh. San Eoraip, tá ailse ar 22 mhilliún duine, 5% den daonra. Sna blianta amach romhainn, d'fhéadfaimis méadú 18% a fheiceáil ar chásanna ailse san Eoraip. Is saincheist í seo don Eoraip a éilíonn comhoibriú idir tíortha. Méadaímis an maoiniú, a deirim, do chláracha dírithe ar fionnadh luath go háirithe, cosúil leis an gclár a chabhraigh le Teresa. Neartaímis comhpháirtíochtaí taighde. Feabhsaímis rochtain ar thrialacha agus seachadadh.

    PLENARY SITTING OF 2026-02-09 · READ THE VERBATIM REPORT

  34. We are drowning in red tape in banking and businesses throughout Europe. I urge you to work with Ireland's Presidency at the end of this year and make good on your commitments here this evening. Suivez les Verts, travaillons ensemble. 1-0136-0000

    PLENARY SITTING OF 2026-02-09 · READ THE VERBATIM REPORT

  35. Madam President, Ms Lagarde, if you are serious about bolstering Europe's resilience and competitiveness, then make good on your commitment here this evening and ensure that the citizens of Europe can continue to use central bank money in all situations, all communities, all parts. By money, I mean cash, because cash is king and queen. And the voters have told me that, Madame Lagarde, in their thousands: they want the choice of using their cash along with or without the digital euro. Ms Lagarde, make good, I ask you, on your commitment this evening to support the legal tender regulation to ensure cash remains available, accessible to all, no undue, unintended or hidden restrictions on its use and never a replacement of it. Also, drive forward the EU savings and investments union and the simplification of the regulatory framework.

    PLENARY SITTING OF 2026-02-09 · READ THE VERBATIM REPORT

  36. – Mr President, I will just use the opportunity to say thank you all for your input. And thank you, Commissioner, for your input into today's debates. I am glad to hear that almost all of us are on the same page about this issue and the importance of this issue, and we all basically agreed that our biggest challenge is speed. So, later today when this report ‑ I hope ‑ will be approved, nothing ends with that. It actually will be the start. And we will need to push the Commission to implement all this strategy. 4-0052-0000

    PLENARY SITTING OF 2026-01-22 · READ THE VERBATIM REPORT

  37. On my side – because my portfolio is connected with the work on our own defence industry – it's important to note that designing a defence industry that extracts value from our European talents, from our students' education, from our STEM education, the skills creating jobs, high-quality jobs related to this field, is extremely important. Because in the end, we want an industry that is not fragmented, that is efficient, that is able to scale – although that is dependent, of course, on the professionals, on the talent, on those that work in this topic. So, I invite you, of course, to support this report with your vote later today, and all other related topics that have been raised in the debate today can be replied by my colleagues from the Commission. 4-0051-0000 Reinis Pozņaks, rapporteur.

    PLENARY SITTING OF 2026-01-22 · READ THE VERBATIM REPORT

  38. Agus sa tSionainn, tá dróin á bhforbairt ag A-Tech SYN le haghaidh faireachais agus mapála. Chomh maith leis sin, tá ár n-aerfoirt réigiúnda, Aerfort Phort Láirge in Éirinn Theas, mar shampla, réidh agus in ann dul i gcomhpháirtíocht lenár n-ollscoileanna teicneolaíochta SETU chun teicneolaíocht na ndrón a chur chun cinn. 4-0049-0000 (End of catch-the-eye procedure) 4-0050-0000 Roxana Mînzatu, Executive Vice-President of the Commission. – Mr President, thank you for the very valuable debate, for your contributions. It is important to reiterate that drones and drone defence are a top priority of the Commission, and clearly also of the Parliament.

    PLENARY SITTING OF 2026-01-22 · READ THE VERBATIM REPORT

  39. A Uachtaráin, go raibh míle maith agat, a Choimisinéir Mînzatu. Más mian leis an Aontas Eorpach a bheith chun tosaigh i dteicneolaíocht na ndrón, ní mór dúinn a bheith ullamh agus infheistíocht a dhéanamh inti go straitéiseach agus ar scála leathan. Ní uirlisí nideoige iad dróin a thuilleadh ach teicneolaíocht riachtanach. Sea, tá ról ríthábhachtach ag na dróin sa chosaint mhíleata, ach tá siad chomh riachtanach céanna do mhisin chuardaigh agus tarrthála, do phóilíneacht ár gcóstaí i gcoinne trádáil agus drugaí agus daoine, ar ndóigh don mhapáil agus don talmhaíocht, agus do go leor de na cúraimí laethúla atá ríthábhachtach do shlándáil agus d'athléimneacht na hEorpa. Anois, tá Éire chun tosaigh sa nuálaíocht sin cheana féin. I gCorcaigh, tá ICP Newtech ag táirgeadh ard-dhíscaoilteoirí buamaí agus drón a throideann tinte.

    PLENARY SITTING OF 2026-01-22 · READ THE VERBATIM REPORT

  40. I have listened carefully and taken note of the concerns that you have raised and while negotiations during the trialogues allowed convergence on several topics, as you know, additional efforts will be needed when the discussions resume. I am fully aware of the differing positions on some crucial issues, such as the delay compensation thresholds and enforcement. However, I want to tell you that I am confident that the co-legislators will be able to find solutions and deliver, and I am also looking at the Council ‑ we need to deliver, we need to finish with this file and give passengers their rights after all this delay. We must not waste this opportunity to establish a modern, forward-looking, comprehensive and balanced legal framework for air passenger rights. The time is now and we don't have any other time to lose.

    PLENARY SITTING OF 2026-01-20 · READ THE VERBATIM REPORT

  41. Agus cuimhnigh go bhfuil tionscal na heitleoireachta san Eoraip i bhfad níos fearr ná Meiriceá, i bhfad níos fearr ná an tSín, agus sin é an fáth go gcaithfimid an chothromaíocht sin a aimsiú agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil ár dtionscal eitleoireachta iomaíoch san Eoraip agus go bhfuil ár bpaisinéirí cosanta. 2-0269-0000 (Fine della procedura "catch the eye") 2-0270-0000 Apostolos Tzitzikostas, Member of the Commission. – Madam President, first of all, I would like to thank all of you for this very constructive debate and especially this dream team from the TRAN Committee, Members that are indeed united across party lines, and this is very, very important for our topic.

    PLENARY SITTING OF 2026-01-20 · READ THE VERBATIM REPORT

  42. A Uachtaráin, a Choimisinéir, Cynthia anseo ó Éirinn agus ag súil le bheith ag obair leat ar an gcomhad tábhachtach seo. Anois, ceannaíonn daoine eitiltí agus cuireann siad in áirithint iad nuair a bhíonn muinín acu sna coinníollacha, sna rialacha, agus nach dtréigfear iad nuair atá siad i dtrioblóid. Agus sin é an fáth go dteastaíonn cearta láidre paisinéirí. Nuair a chuirtear moill ar eitiltí, nuair a chuirtear ar ceal iad agus nuair a dhéantar ró-áirithint orthu, nó nuair a chailltear nasc eitilte. Ach caithfidh na rialacha oibriú chomh maith do thionscal na heitlíochta, mar is córas é seo agus is tionscal é seo a oibríonn ar fharasbarr an-íseal. Anois, níl cearta láidre paisinéirí agus margadh sláintiúil iomaíoch na hEorpa ó thaobh na heitleoireachta de, níl siad contrártha ar a chéile.

    PLENARY SITTING OF 2026-01-20 · READ THE VERBATIM REPORT

  43. A Uachtaráin, tá an tAontas Eorpach ar cheann de na cumhachtaí trádála is mó ar domhan, agus nuair atá an Eoraip aontaithe, tá cumhacht, athléimneacht agus tionchar aici. Ach nuair atá an Eoraip deighilte, tá sí lag leochaileach. Sin é an fáth nach rogha í aontacht na hEorpa ach riachtanas, a chairde. Múineann an stair fírinne shimplí dúinn. Ní thugann an géilleadh slí síocháin, ach meallann sé níos mó ionsaithe. Agus ní dhéanann an cur chuige seo ach Trump a ghríosadh chun éileamh níos mó agus breise a iarraidh orainn, atá ag éirí níos meargánta in aghaidh an lae. Mar sin, cosúil le mo chomhghleacaithe, tá mé ag éileamh freagra láidir daingean uaitse, a Choimisinéir Kallas, agus ó na cumhachtaí agus ón gceannaireacht san Aontas. Tuigeann Trump cumhacht agus neart, agus baineann sé leas as moill, agus déanann sé beag is fiú den laigeacht.

    PLENARY SITTING OF 2026-01-20 · READ THE VERBATIM REPORT

  44. A Choimisinéir, a chairde, Tá an ionramháil ar líne ag athmhúnlú ár sochaí. Is féidir linn é sin a fheiceáil chuile lá sa nuacht agus inár bpolaitíocht. Is minic gurb iad na daoine óga, na leanaí, na chéad spriocanna atá faoi ionsaí. Cuir ceist ar aon tuismitheoir nó múinteoir faoi sin, nó cuir ceist ormsa mar Mhamaí do bheirt. Is féidir leis bogadh an-sciobtha: uafás, comhcheilg, náiriú agus ansin radacú. Tá cur isteach eachtrach ag cothú mímhuiníne ar feadh rófhada. Cuireann AI dlús leis seo agus sin é an fáth a bhfuil tábhacht le Sciath an Daonlathais Eorpaigh faoi stiúir an Choimisinéara anseo.

    PLENARY SITTING OF 2025-12-18 · READ THE VERBATIM REPORT

  45. A chairde, tá Daidí na Nollag ag teacht agus beidh go leor daoine ag déanamh go leor taistil thar na seachtainí amach romhainn, agus ba bhreá liom dá mbeadh iompar poiblí in Éirinn ag obair go náisiúnta do chuile dhuine, ach faraor, níl. Tá ár gcóras iompair in Éirinn ag teip ar go leor daoine go fóill. Tá Baile Átha Cliath, ár bpríomhchathair, ina phríomhionad iompair, ach níl seirbhís meitreo ná iarnród díreach ann go lár na cathrach go fóill. Mar sin, bíonn taistealaithe ag brath ar sheirbhís bus a bhíonn mall go minic, rómhinic, nó nach dtagann in aon chor, agus in aimsir fhuar fhliuch. Má táimid dáiríre faoinár spriocanna aeráide agus comhshaoil a bhaint amach, ní mór fíorinfheistíocht a dhéanamh inár gcóras iompair phoiblí.

    PLENARY SITTING OF 2025-12-15 · READ THE VERBATIM REPORT

  46. And we need to diversify our supply chain. We should not be held to ransom by the USA, by China or India because of shortages or high prices or other political tensions. I say bring production back to the EU. Bring research back, clinical trials and fund these industries, Commissioner. As my mother used to say: 'A stitch in time saves nine.' Let's plan. Let's act. Let's work hard as elected representatives for our citizens and ensure they are well served. 1-0233-0000

    PLENARY SITTING OF 2025-12-15 · READ THE VERBATIM REPORT

  47. A chairde, a Choimisinéir, we talk non-stop about EU defence and security, but inside our very borders, we must defend our critical medicines industry – our pharma, our biotech, our research and development and, of course, our public health systems, as we have ageing populations throughout Europe. We should ensure that a citizen's diagnosis or treatment or prognosis, whether it's for cancer or a neurological illness or something else, doesn't depend on where they live. I say 'no' to second-class citizens or third-class patients. We need to strengthen the EU medicines production and supply and access to critical ingredients, because access to medicines should never be a luxury. We need cooperation between Member States in procurement – it's a priority. Our citizens deserve rapid, safe and affordable critical medicines.

    PLENARY SITTING OF 2025-12-15 · READ THE VERBATIM REPORT

  48. Anois, a Choimisinéir, cuir deireadh leis na ballaí maorlathais agus leis an gcreat beartais trína chéile. Ní mór do EASA agus rialtóirí eile agus aerlínte na hEorpa agus, ar ndóigh, an Coimisiún - tú féin, a Choimisinéir - oibriú as lámh a chéile chun tús áite a thabhairt don turasóireacht agus don eitleoireacht iontaofa seo. Dúiseacht, gníomhú agus breith suas ar Mheiriceá, ar an tSín, ar an Meánoirthear, agus tógaimis an chéad áit sa domhan - an chéad áit don Eoraip. 4-0030-0000

    PLENARY SITTING OF 2025-11-27 · READ THE VERBATIM REPORT

  49. A Uachtaráin, a Choimisinéir, ag taisteal le déanaí dom trí aerfort na Bruiséile, a bhí plódaithe toisc bagairtí dróin níos luaithe sa lá, rith sé liom gur stopamar ag infheistíocht i mbonneagar eitlíochta na hEorpa i bhfad ó shin. Cén fáth? Bhuel, níl sé faiseanta ó thaobh na timpeallachta de. Idir an dá linn - an tSín, Meiriceá, an Mheánoirthear - tá siad ag caitheamh na mbilliún chun ceartlár aerfoirt don chéad ghlúin eile a fhorbairt, ag mealladh infheisteoirí, turasóirí agus eitleán. Ba cheart don Aontas, a Choimisinéir, díriú ar bhreosla eitlíochta inbhuanaithe a airgeadú, a mhaoiniú. Taispeáin an t-airgead dóibh, a Choimisinéir. Teastaíonn tacaíocht agus cúnamh rialtais. Infheistíocht agus cinnteacht atá uathu chun na breoslaí seo a fhorbairt - breoslaí sábháilte agus iontaofa.

    PLENARY SITTING OF 2025-11-27 · READ THE VERBATIM REPORT

  50. It's simple, my friends: cash needs to be mandatory to sit alongside its shiny new cousin, the digital euro. But the digital euro should never be pushed upon us exclusively to the detriment of cash. I stand with the voters of Ireland South who have told me that they want choice and freedom: power over their purse. 'Let's keep the cash', they say. Yes! Cash is king and queen. 3-0561-0000

    PLENARY SITTING OF 2025-11-26 · READ THE VERBATIM REPORT