← LEADERSHIP TERMINAL

DÁIL ÉIREANN · FORMER

Dara Calleary

Mayo · Fianna Fáil · Ireland

IN THEIR OWN WORDS

Agriculture is the backbone. We have all been in the Mansion House today, or everyone has said they were anyway. Energy security is key and crucial. Everybody wants energy security but nobody wants wind energy. We have to strike a balance and get a real discussion, but food security is most important.

SITTING OF 2026-07-15 · READ THE OFFICIAL REPORT

While we have gaps there, we are addressing them. The Minister, Deputy Carroll MacNeill, has announced the minor injury units, which will take the pressure off major hospitals and ensure services are available.

SITTING OF 2026-07-15 · READ THE OFFICIAL REPORT

Recent figures from the CSO show that there is a 5.8% increase in the number of people living in rural areas between 2016 and 2022. In areas classified as highly rural and remote, the increase was 6.4%.

SITTING OF 2026-07-15 · READ THE OFFICIAL REPORT

Enterprise Ireland is investing in Irish-owned, Irish-founded companies. Similarly, 59% of IDA investments were located outside the Dublin region. We will continue to work, looking at the progress we can make through the IDA, Enterprise Ireland and, as Senator O'Loughlin said, through supporting our local enterprise offices.

SITTING OF 2026-07-15 · READ THE OFFICIAL REPORT

That is something we do daily and they are used where is necessary. The plan will be supported by ambitious, clear, practical and measurable actions. I have spoken to some of the funding programmes available within my Department.

SITTING OF 2026-07-15 · READ THE OFFICIAL REPORT

Táim tar éis cuairt a thabhairt ar gach ceantar Gaeltachta chun plé fairsing a dhéanamh leis na pobail sin chun a fháil amach uathu féin cén cineál tacaíochta ar féidir a chur ar fáil dóibh chun cabhrú leo. Táim chun leanúint ar aghaidh leis an obair sin sa bhuiséad le teacht agus na buiséid eile.

SITTING OF 2026-07-15 · READ THE OFFICIAL REPORT

The complete record

Every one of 2,162 lines we hold for Dara Calleary, in date order, each linked to its source. Free to read, in full, without an account. Page 35 of 44.

  1. Tairgim leasú Uimh. 64: Ar leathanach 35, i ndiaidh líne 6, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar an Acht um Chosaint Sonraí, 2018 15. Leasaítear an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018— (a) in alt 39(3)— (i) trí “de Pharlaimint na hEorpa, d’údarás áitiúil nó comhalta arna thoghadh nó arna toghadh chun Údarás na Gaeltachta, nó” a chur in ionad “de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil, nó” i mír (b), agus (ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c): “(c) iarrthóir lena thoghadh nó lena toghadh chun oifig Uachtarán na hÉireann nó oifig Mhéara Luimnigh, chun Parlaimint na hEorpa, chun údaráis áitiúil nó chun Údarás na Gaeltachta nó iarrthóir ar chomhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas.”, agus (b) in alt 40(5)— (i) trí “d’údarás áitiúil,” a chur in ionad “d’údarás áitiúil.” i mír (c), agus (ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c): “(d) comhalta arna thoghadh nó arna toghadh chun Údarás na Gaeltachta.”.”.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  2. Tairgim leasú Uimh. 61: Ar leathanach 35, líne 1 agus líne 2 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “(2) Tiocfaidh fo-alt (1)(a) i ngníomh cibé tráth is déanaí díobh seo a leanas— (a) an tráth a achtófar an tAcht seo, nó (b) tráth thosach feidhme alt 4(c) d’Acht 2021. (3) Tiocfaidh míreanna (b) agus (c) d’fho-alt (1) i ngníomh cibé tráth is déanaí díobh seo a leanas— (a) an tráth a achtófar an tAcht seo, nó (b) tráth thosach feidhme alt 5 d’Acht 2021. (4) Tiocfaidh fo-alt (1)(d) i ngníomh ar an Acht seo a achtú. (5) Tiocfaidh fo-alt (1)(e) i ngníomh cibé tráth is déanaí díobh seo a leanas— (a) an tráth a achtófar an tAcht seo, nó (b) tráth thosach feidhme alt 17 d’Acht 2021. (6) San alt seo, ciallaíonn “Acht 2021” Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.”.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  3. Tuigim. Tá sé réasúnta simplí ach tá mé ag iarraidh go mbeadh muinín ag na Teachtaí as an bpróiseas mar sin tá mé sásta iad a tharraingt siar ach amháin an leasú faoi ainm na Roinne. Tá sé tábhachtach go leanfar ar aghaidh leis an bpróiseas sin.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  4. Táim sásta an leasú seo a phlé. Is rud beag é ach tá sé tábhachtach. Le bheith soiléir, táimid ag caint faoi leasú Uimh. 58. Tá leasú Uimh. 58 faoi chúrsaí teicniúla. Tá mé dul ar aghaidh leis na leasuithe eile.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  5. Ba chóir a nótáil go bhfuil sé ar intinn agam leasú ar alt 192 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, arna chur isteach le halt 48 den Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011, a mholadh ag Céim na Tuarascála. Is leasú teicniúil é seo a bhaineann leis na feidhmeanna i dtaca le logainmneacha atá ag an Aire a bhfuil cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge air nó uirthi. Leis an leasú teicniúil a bheidh á mholadh agam, deimhnítear gur ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta atá na feidhmeanna sin i dtaca le logainmneacha, agus cuirtear deireadh le haon amhras dlíthiúil maidir leis an gceist.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  6. Mar sin féin, tá cúpla iarmhairt neamhbheartaithe nótáilte ó cuireadh i bhfeidhm í agus, chuige sin, tá na leasuithe seo á moladh anois. Leis na leasuithe seo, cuirtear soiléiriú ar fáil maidir le cineálacha fógraíochta sonracha nach bhfuil sa chomhaireamh don fhoráil seo, eadhon fógraíocht a dhéantar thar lear i dteanga nach teanga oifigiúil í mar aon le blaisíní a chuirtear amach chun poiblíocht a dhéanamh ar chláir teilifíse nó raidió. Is de bharr aighneachtaí, ón gCoimisinéir Teanga san áireamh, a bhfuiltear ag áireamh na leasuithe seo. Ag eascairt ón méid seo ansin, is leasuithe iarmhartacha iad alt (e) de leasú Uimh 58 agus leasuithe Uimh. 59 go 61, go huile. Tá leasú Uimh. 61 ag féachaint chuige go dtiocfaidh leasú Uimh. 58 i ngníomh láithreach ar achtú an Bhille seo. Dá bhrí sin, molaim na leasaithe seo don Teach.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  7. Cinntíonn ailt (a), (b) agus (c) de leasú Uimh. 58 go bhfuil foclaíocht na bhforálacha ábhartha sa leagan Gaeilge d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ag teacht go hiomlán leis an leagan Béarla. Is ar chomhairle ó Rannóg an Aistriúcháin de chuid an Oireachtais atá na leasaithe seo á ndéanamh. Cinntíonn alt (d) de leasú Uimh. 58 nach gá do chomhlachtaí poiblí tabhairt faoi bhearta díréireacha chun comhlíontacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a bhaint amach, ag féachaint ach go háirithe do luach ar airgead don Státchiste agus do mhianta foriomlána an Achta sin. Tá na leasuithe seo á moladh de bharr ceisteanna a d’eascair ó fheidhmiú na forála seo. Ní gá a rá gur foráil thar a bheith fiúntach í an fhoráil fhógraíochta atá tar éis cur go mór le feiceálacht na teanga.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  8. Tairgim leasú Uimh. 58: Ar leathanach 33, líne 27 agus líne 28, na focail go léir ó “Leasaítear” ar líne 27, agus an focal sin san áireamh, síos go dtí líne 28, agus an líne sin san áireamh, a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “Leasaítear Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003— (a) in alt 9(4)(a) (a cuireadh isteach le halt 4(c) d’Acht 2021), trí “ná ní lú feiceálacht, infheictheacht ná inléiteacht an chuid den téacs a bheidh i nGaeilge ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus” a chur in ionad “agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus”, (b) in alt 9C(2)(b) (a cuireadh isteach le halt 5 d’Acht 2021), trí “ná ní lú feiceálacht, infheictheacht ná inléiteacht an chuid den téacs a bheidh i nGaeilge ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus” a chur in ionad “agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus”, (c) in alt 9D(3)(b) (a cuireadh isteach le halt 5 d’Acht 2021), trí “ná ní lú feiceálacht, infheictheacht ná inléiteacht an chuid den téacs a bheidh i nGaeilge ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus” a chur in ionad “agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus”, (d) in alt 10A (a cuireadh isteach le halt 6 d’Acht 2021)— (i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): “(1A) Ní bheidh feidhm ag an alt seo— (a) maidir le fógraíocht— (i) a dhírítear ar lucht féachana agus éisteachta atá lasmuigh den Stát, agus (ii) nach bhfuil i dteanga oifigiúil, ná (b) maidir le fógraíocht— (i) ar sheirbhís craolacháin closamhairc, (ii) ar sheirbhís meán closamhairc ar éileamh, nó (iii) ar sheirbhís craolacháin fuaime, lena gcuirtear clár chun cinn.”, agus (ii) i bhfo-alt (2), trí na mínithe seo a leanas a chur isteach: “ciallaíonn ‘Acht 2009’ an tAcht Craolacháin, 2009; tá le ‘seirbhís craolacháin closamhairc’ an bhrí chéanna atá leis in Acht 2009; tá le ‘seirbhís meán closamhairc ar éileamh’ an bhrí chéanna atá leis in Acht 2009; tá le ‘clár’ an bhrí chéanna atá leis in Acht 2009; tá le ‘seirbhís craolacháin fuaime’ an bhrí chéanna atá leis in Acht 2009;”, agus (e) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 19A:”.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  9. Tairgim leasú Uimh. 57: Ar leathanach 33, líne 12 go líne 25, na focail go léir ó “Leasaítear” ar líne 12, agus an focal sin san áireamh, síos go dtí líne 25, agus an líne sin san áireamh, a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “Leasaítear an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997— (a) in alt 19(7), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c): “(ca) go mbaineann sé le toghchán, de réir bhrí an Achta um Údarás na Gaeltachta, 1979, mura rud é go bhfuil an fógrán ann sula ndéanann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ordú lena gceaptar an lá ar a dtógfar an vótaíocht, nó ar feadh 7 lá nó tréimhse is faide ná sin tar éis an lae is déanaí ar ar tógadh an vótaíocht don toghchán, nó”, agus (b) in alt 21(3), trí “pobalbhreith de réir bhrí Chuid 6 den Acht Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024, toghchán de réir bhrí an Achta um Údarás na Gaeltachta, 1979,” a chur in ionad “pobalbhreith de réir bhrí Chuid 6 den Acht Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024,” i mír (b).”

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  10. Tairgim leasú Uimh. 56: Ar leathanach 33, líne 7 go líne 10, na focail go léir ó “Leasaítear” ar líne 7, agus an focal sin san áireamh, síos go dtí líne 10, agus an líne sin san áireamh, a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “Leasaítear alt 18 den Acht Toghcháin, 1997, i bhfo-alt (2), trí “an Achta Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024 nó an Achta um Údarás na Gaeltachta, 1979” a chur in ionad “an Achta Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024”.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  11. Tairgim leasú Uimh. 55: Ar leathanach 33, líne 1 go líne 5 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “ “(i) an vótaíocht i dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta.”, agus (f) i Riail 14 den Dara Sceideal, trí “i dtoghchán do Mhéara Luimnigh, i dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta nó” a chur in ionad “i dtoghchán do Mhéara Luimnigh nó” i mír (5).”.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  12. Cinntíonn an leasú seo go bhfuil an fhoclaíocht soiléir. Tugadh faoi deara tar éis an Bhille a bheith foilsithe, nach raibh na tagairtí san alt cruinn agus is mian liom anois an deis a thapú é sin a cheartú. Molaim, mar sin, leasuithe Uimh. 62 agus 63 don Teach.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  13. Cinntíonn leasuithe Uimh. 54 go 57, go huile, go bhfuil an fhoclaíocht sa leagan Gaeilge den Bhille seo agus an fhoclaíocht atá sa leagan Béarla den Bhille seo ag teacht lena chéile. Cinnteoidh sé seo go mbeidh téacs na reachtaíochta ar tagraíodh di agus a achtaíodh i mBéarla amháin roimhe seo ar fáil go dátheangach. Tá na leasuithe seo á lorg ar chomhairle an Ard-Aighne i gcomhthéacs gur cheart gach leasú sa Bhille a thionlacadh go dátheangach ag féachaint don riachtanas bunreachtúil go mbeadh Achtanna uile an Oireachtais ar fáil sa dá theanga oifigiúla. Dá bhrí sin, molaim leasuithe Uimh. 54 go 57, go huile, don Teach. Baineann leasuithe Uimh. 62 agus 63 leis an bpróiseas pleanála teanga, agus leasú á dhéanamh ar Acht na Gaeltachta, 2012 le sonrú a dhéanamh ar na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus an bealach go n-aithnítear iad.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  14. Tairgim leasú Uimh. 54: Ar leathanach 31, líne 16 go líne 36, na focail go léir ó “Leasaítear” ar líne 16, agus an focal sin san áireamh, síos go dtí líne 36, agus an líne sin san áireamh, a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “Leasaítear an tAcht Toghcháin, 1992— (a) in alt 2, tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1): “ciallaíonn ‘toghchán chun Údarás na Gaeltachta’ toghchán chun comhaltaí a thoghadh chun Údarás na Gaeltachta a dhéanfar de bhun Chuid IVA den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979;”, (b) in alt 11, trí “toghchán sonrach Eorpach, toghchán sonrach áitiúil nó toghchán sonrach do Mhéara Luimnigh, toghchán chun Údarás na Gaeltachta nó reifrinn” a chur in ionad “toghchán sonrach Eorpach, toghchán sonrach áitiúil nó toghchán sonrach do Mhéara Luimnigh nó reifrinn” i bhfo-alt (2), (c) in alt 14(2), trí “toghchán Eorpach, toghchán áitiúil nó toghchán do Mhéara Luimnigh, toghchán chun Údarás na Gaeltachta nó reifrinn” a chur in ionad “toghchán Eorpach, toghchán áitiúil nó toghchán do Mhéara Luimnigh nó reifrinn” i mír (c), (d) in alt 17— (i) trí “2024, i bpobalbhreith de réir Chuid 6 den Acht sin nó i dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta” a chur in ionad “2024 nó i bpobalbhreith de réir Chuid 6 den Acht sin” i bhfo-alt (1), agus (ii) trí “toghchán Eorpach, toghchán áitiúil nó toghchán do Mhéara Luimnigh, toghchán chun Údarás na Gaeltachta nó reifrinn” a chur in ionad “toghchán Eorpach, toghchán áitiúil nó toghchán do Mhéara Luimnigh nó reifrinn” i bhfo-alt (6)(c), (e) in alt 165(1)— (i) trí “Luimnigh;” a chur in ionad “Luimnigh.” i mír (h), agus (ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):”.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  15. Tairgim leasú Uimh. 52: Ar leathanach 31, idir líne 5 agus líne 6, an méid seo a leanas a chur isteach: “(f) i mír 7(2)— (i) tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (a): “(a) má bhreithnítear ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í agus mura mbeidh an fhéimheacht sin neamhnithe ná urscaoilte,”, agus (ii) tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (a): “(aa) más pearsa aonair é nó í is páirtí i gcomhshocraíocht dócmhainneachta (de réir bhrí an Achta um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012) nach bhfuil scortha d’éifeacht a bheith léi,”,”.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  16. 51, rachaidh na treoirlínte go PAS. Táim i m’Aire. Tá an ceart ag an Teachta Connolly. Tá an polasaí Our Living Islands againn, agus tá sé tábhachtach go n-úsáidfear guth na n-oileán i ngach caoi. Ach aontaím go mór go gcaithfear treoirlínte PAS a úsáid chun é seo a dhéanamh agus go mbeimis in ann a obair amach cé as na hoileáin agus cén t-oileán a bheadh ann agus cén chaoi a bpiocfaimis an duine agus an guth sin. Ag an bpointe seo, dearbhaím go láidir go mbeidh guth na n-oileán ar bhord an údaráis, ach nílim in ann glacadh leis an leasú ar an reachtaíocht seo.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  17. Tá sé tábhachtach go mbeadh guth na n-oileán ann, ach leagfar é sin amach sna critéir a chuireann an Roinn go dtí PAS. Mar shampla, iarradh sa chomórtas a reáchtáil PAS in 2022 chun gnáthchomhaltaí a cheapadh go mbeadh taithí fhairsing a léiriú i réimse amháin díobh seo ar a laghad: cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga; forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta; agus forbairt pobail nó cur chun cinn na n-ealaíon. Chomh maith leis seo, athraíonn an saineolas a bhíonn ag teastáil ar bhord mar seo ó am go ham. Tá sé sin pléite agam ar feadh na n-uaireanta anois. Ní bheadh sé cuí go mbeadh liosta seasmhach sa reachtaíocht. Dá bhrí sin, ní féidir liom glacadh le leasú Uimh. 50. Mar a dúirt mé, tá sé tábhachtach dom go pearsanta agus don Roinn go mbeidh guth na n-oileán ar an mbord, ach maidir le leasú Uimh.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  18. Mar is eol do na Teachtaí, dhéanfadh leasú Uimh. 52 athrú ar an bhfoclaíocht mar a bhaineann sí leis na hiarrthóirí agus féimheacht in Acht Údarás na Gaeltachta, 1979. Tá an leasú foclaíochta seo ag teacht le polasaí reatha an Rialtais i leith féimheacht. Molaim an leasú seo don Teach. Maidir le leasuithe Uimh. 50 agus 51, a bhaineann leis na critéir i gcomhair ceapacháin, ní chím go bhfuil gá a leithéid a leagadh síos sa reachtaíocht mar gur ceisteanna riaracháin nó oibríochtúla atá iontu. Bíonn na cáilíochtaí agus critéir cheapacháin leagtha síos sa phróiseas riaracháin a bhaineann le PAS. Baineann na treoirlínte le PAS. Is sna treoirlínte sin an áit a leagtar amach na critéir agus na cáilíochtaí sin. Is ón Roinn a thagann na critéir sin. Leasaítear iad dá réir chun riachtanais reatha an bhoird ó thaobh scileanna agus taithí a léiriú.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  19. Cé nach mbeidh mé ag glacadh leis an leasú ag an bpointe seo, tá an Teachta McGuinness tar éis freagra a thabhairt dom. B’fhéidir go dtiocfaidh muid ar ais ar an chéad Céim eile maidir le srianta an bhoird trí chéile. Caithfidh mé a rá, b’fhéidir de bharr go bhfuil mé anseo chomh fada sin, agus tá an Teachta Ó Snodaigh anseo níos faide ná mé, nach bhfuil mé i bhfabhar term limits le haghaidh toghchán. Is faoi na daoine an cinneadh sin. B’fhéidir go bhfuil rud ann sa mhéid a dúirt an Teachta McGuinness. Tá sé tábhachtach go mbeidh muid in ann na scileanna a athrú agus an bord a athrú mar athraíonn scileanna. Má tá na Teachtaí sásta an leasú a tharraingt siar ag an bpointe seo, scrúdóidh muid na srianta seo don bhord ar fad roimh an chéad Céim eile. B’fhéidir go mbeidh muid in ann meascán a bheith againn.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  20. Lena bheith soiléir le haon Aire eile a bheidh i gceannas ar thoghchán a bheidh ar siúl ag an lá céanna, beidh Roinn na Gaeltachta ag íoc as na billí a bhaineann leis an toghchán údaráis. Táim ag caint faoi na ballot papers don toghchán údaráis agus na billí a bhaineann leis. Lena bheith soiléir le Ranna Rialtais eile, ní bheidh Roinn na Gaeltachta ag íoc billí le haghaidh Ranna eile.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  21. Tairgim leasú Uimh. 48: Ar leathanach 25, líne 11 go líne 13 a scriosadh agus “Oidhreachta, lena n-áirítear an ceann comhairimh céanna a cheapadh agus acmhainní a chomhroinnt;” a chur ina n-ionad. Leis an leasú seo, bainfear amach “agus caiteachais ghaolmhara a chomhroinnt idir an tAire agus an t-údarás áitiúil" ionas go mbeidh sé soiléir, i gcás go mbeidh toghcháin chuig an údarás ar siúl ar an lá céanna le toghchán eile, go mbeidh deis faoi na rialacháin an ceann comhairimh chéanna a cheapadh agus acmhainní a chomhroinnt ach go mbeidh na costais a bhaineann le toghcháin don údarás le híoc ag an Aire mar atá leagtha síos san alt nua 26B(5) atá molta. Molaim an leasú seo.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  22. Tairgim leasú Uimh. 41: Ar leathanach 23, líne 11, “in alt 26D(a)” a scriosadh agus “in alt 26D(1)(a)” a chur ina ionad. Is ar mhaithe le botúin in uimhreacha na bhfo-alt atá luaite faoi alt 26E den Bhille a foilsíodh a cheartú atá na leasuithe seo de dhíth. Ní athraíonn aon cheann acu an bhrí atá le téacs an Bhille. Mar sin, molaim leasuithe Uimh. 41 go 47, go huile.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  23. Mar is eol do na Teachtaí, tá aistriú feidhmeanna ag dul ar aghaidh faoi láthair agus beidh cúram na Gaeltachta ag teacht faoin Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Leis seo, tá sé tábhachtach go mbeidh sonraí mar a bhaineann siad le teideal an Aire mar léiriú ar an athrú seo. Tá brón orm as cur isteach ach bhí sé tábhachtach é sin a rá.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  24. Tairgim leasú Uimh. 38: Ar leathanach 17, líne 29, “mar” a scriosadh agus “agus” a chur ina ionad. Maidir le leasuithe Uimh. 38 go 40, go huile, is athrú foclaíochta atá molta ag Rannóg an Aistriúcháin chun “mar a shonraítear” a athrú chuig “agus a shonraítear” atá i gceist. Ní athraíonn sé ciall an téacs. Is fiú a nótáil ag an gcéim seo go mbeidh gá le leasuithe den sórt céanna á moladh ar Chéim na Tuarascála ionas go mbeidh na leaganacha Gaeilge agus Béarla ag teacht lena chéile. Phléigh an Teachta Ó Snodaigh é sin roimhe seo. San áireamh anseo, beidh leasuithe ar leathanach 23 ó líne 8 go dtí líne 27 chun "mar" a chur isteach in áit "agus" sna línte sin. Ag an bpointe seo, glacfaidh mé an deis chun a chur in iúl go bhfuil sé i gceist agam leasú eile a thabhairt chun cinn ar Chéim na Tuarascála maidir le teideal an Aire.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  25. Tairgim leasú Uimh. 25: Ar leathanach 13, idir líne 27 agus líne 28, an méid seo a leanas a chur isteach: "(9) Maidir leis an gcomhalta tofa don cheantar a shonraítear in alt 26D(1) (a), beidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta freisin den choiste réigiúnach sa limistéar dá dtagraítear i bhfo-alt (6)(b)."

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  26. Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Tá sé leagtha amach go mbeadh consulting role ag na grúpaí pleanála teanga sna coistí réigiúnacha ach beimid ag obair leis an mbeirt Teachta chun an ról a phlé. Tosóimid ar an obair sin.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  27. Cé a phiocfadh na daoine sin? Nílim ag magadh. Táim ag iarraidh é sin a thuiscint. Tá meas mór agam ar na hoifigigh phleanála teanga. Tá siad ag déanamh an-jab agus tá an ceart ag an Teachta Connolly ó thaobh na gcoinníollacha de. Caithfimid obair a dhéanamh ar an méid sin. Beidh mé ag cur béime ar sin le linn mo chuid ama mar Aire. Táim ag iarraidh é a thuiscint. Má tá 30 oifigeach ann, cé a phiocfadh na baill? An bpiocfadh an grúpa féin iad? B'fhéidir go n-oibreoimis air roimh an gcéad Chéim eile chun oibriú amach cad a oibríonn. Tá suim agam go mbeidís páirteach sna coistí réigiúnacha, de bharr - mar a dúirt an Teachta - na hoibre a bhfuil á déanamh acu. Cén chaoi a n-oibreodh sé? B'fhéidir, roimh an gcéad Chéim eile, go n-oibreoimis go léir é sin amach. Táim ag rá go bhfuil suim agam go mbeidís páirteach sna coistí réigiúnacha.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  28. Tá sé i gceist ag an Rialtas go mbeidh seachtar comhalta i gceist leis an gcoiste réigiúnach a dhéanann an t-alt 10A(6)(b) molta tagairt dó. Baineann an coiste réigiúnach seo le Gaeltachtaí na Gaillimhe, na Mí, agus Thuar Mhic Éadaigh. Déanadh cinneadh duine sa bhreis a chur leis an gcoiste seo chun a chinntiú go mbeidh ionadaíocht láidir ag Tuar Mhic Éadaigh. Leis an leasú seo, beidh an comhalta boird thofa i Maigh Eo mar chomhalta ar an gcoiste réigiúnach don iarthar chomh maith le coiste an tuaiscirt. Faoi láthair, ní fheicim go bhfuil aon chúis ballraíocht na gcoistí réigiúnacha eile a mhéadú. Toisc go bhfuil an leasú seo á dhéanamh, beidh gá le mionleasuithe teicniúla ar na huimhreacha a thagann ina dhiaidh agus iad uilig a athrú de réir seo. Molaim leasuithe Uimh. 23 agus 25 go 36, go huile, don Teach.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  29. Rachaidh coiste réigiúnach i gcomhairle le grúpaí pleanála teanga sa limistéar ina leith a mbunófar an coiste chun comhairle a thabhairt don údarás agus chun cuidiú leis i gcomhlíonadh a fheidhmeanna sa limistéar sin. Léiríonn sé seo an ról atá ag na coistí réigiúnacha - táimid ar ais ag na coistí sin - ó thaobh na hionadaíochta de. Is fiú a rá chomh maith go bhfuil oifigeach pleanála teanga ar bhord reatha de chuid Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil iaroifigeach pleanála teanga air chomh maith. Mar a sheasann rudaí, ní cheapaim go bhfuil gá ar leith go mbeadh spás oscailte d’oifigeach pleanála teanga ar na coistí. Is cinnte go mbeidh comhráite fiúntacha idir na coistí agus na grúpaí pleanála teanga. Dá bhrí sin, ní féidir liom glacadh le leasú Uimh. 24 ag an bpointe seo ach tá suim agam é a phlé.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  30. Tá an-chuid staitisticí dearfacha ann sa spás seo anois le tacú leis an méid seo, idir an méadú suntasach atá tagtha agus atá ag teacht ar líon na ndaoine atá ag glacadh páirte i gcúrsaí oiliúna Gaeilge san earnáil phoiblí le blianta beaga anuas – d'ardaigh an figiúr sa Státseirbhís 123% idir earrach 2022 agus earrach 2025 - agus an líon ard a luaigh sa suirbhé don phlean náisiúnta gur mian leo cur lena n-inniúlacht sa teanga. Is iad na leasuithe féideartha eile atá á bhfiosrú agam faoi láthair ná: seasamh na gceann comhairimh i gcomhthéacs fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chinntiú; agus lipéid tagartha Choimisiún na Meán sa reachtaíocht sin a leasú ó Bhéarla go Gaeilge.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  31. Tá sé seo ag teacht le holl-aidhm na forála agus go deimhin an Achta, is é sin, go mbeidh líon dóthanach foirne ag comhlachtaí poiblí chun seirbhísí poiblí méadaithe agus feabhsaithe trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal. Sa chomhthéacs seo, tá sé an-tábhachtach go ndéanfar gach rud is féidir le spreagadh a thabhairt do chomhlachtaí poiblí agus d'fhostaithe reatha na hearnála poiblí i gcomhthéacs uasoiliúint Ghaeilge a éascú. Más féidir uasoiliúint a dhéanamh anois, go háirithe ag na gráid níos sóisearaí, ciallaíonn sé go mbeidh líon níos mó daoine le Gaeilge ar fáil chun glacadh leis na gráid níos sinsearaí sna blianta amach romhainn i dtreo na sprice 20%.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  32. Tairgim leasú Uimh. 23: Ar leathanach 13, líne 19, “6 chomhalta” a scriosadh agus “7 gcomhalta” a chur ina ionad. Ba mhaith liom a lua ag an bpointe seo go bhfuilim ag breathnú ar cúpla leasú féideartha eile a thabhairt isteach ar Chéim na Tuarascála. Baineann an chéad cheann féideartha le sprioc earcaíochta Acht na dTeangacha Oifigiúla, is é sin go mbeidh 20% díobh siúd a earcaítear chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030. Féachfar leis an leasú féideartha seo a chinntiú go bhfuiltear siúd a éiríonn leo ardú céime inmheánach a bhaint amach, de thoradh uasoiliúna sa teanga agus a leithéid, sa chomhaireamh don sprioc earcaíochta 20% seo.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  33. Tá siad ag iarraidh obair leis na húdaráis áitiúla agus leis na grúpaí áitiúla chun é sin a dhéanamh. Táim buartha faoi false expectations, mar a thugtar orthu as Béarla, dá dtabharfaí na cumhachtaí seo don údarás agus dá ndéarfaí leis gurb é an freagra i leith cúrsaí tithíochta na Gaeilge. Táim buartha faoi na expectations sin. Tá sé an-tábhachtach a rá go bhfuil suim ag an bpríomhfheidhmeannach agus ag an gcathaoirleach. Bhí sé soiléir go bhfuil suim ag an mbord freisin. Ba mhaith leo a bheith ina bpáirt den fhreagra ach ní hiad an freagra ina n-aonar. Ag dul ar ais go dtí an leasú seo, mar a dúirt mé, tá na coistí réigiúnacha ann chun na fadhbanna sna ceantair áitiúla a phlé. Caithfidh gach coiste réigiúnach tuarascáil a thabhairt do bhord an údaráis. Beidh deis ann cúrsaí áitiúla a phlé. Ní bheidh an bord ag plé cúrsaí áitiúla amháin.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  34. Bhí siad in ann seasamh le daoine a bhunaigh comhlachtaí beaga atá ina comhlachtaí móra anois. Bhí foireann an údaráis in ann seasamh leis na daoine sin a bhunaigh comhlachtaí ina bhfuil poist anois mar gheall go raibh siad dírithe ar an jab sin. B'fhéidir go bhfuil sé seo á rá agam de bharr mo sheanphoist sa Roinn fiontair ach tá sé sin an-tábhachtach. B'fhéidir go mbeidh fadhb againn le poist ag an am seo an bhliain seo chugainn. Is é sin an fáth go bhfuilim ag iarraidh go mbeimid dírithe ar phríomhról an údaráis, is é sin, cúrsaí fostaíochta, fiontair agus pleanála. Gan dabht, tá sé páirteach. Tá suim mhór ag an údarás. Bhí cruinniú iontach agam leis an gcathaoirleach agus an príomhfheidhmeannach agus tá suim mhór acu a bheith ina bpáirt den fhreagra sin.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  35. Táimid ag teacht ar ais go dtí an difríocht atá eadrainn. Tuigim agus seasaim leis an Teachta McGuinness. Táim ag iarraidh go mbeidh daoine in ann tithe a chruthú sa Ghaeltacht agus clanna a bheith acu inti. Táim go mór i bhfabhar é sin sa Ghaeltacht agus i gceantair nach bhfuil sa Ghaeltacht freisin. Dúirt an Teachta nach raibh easpa post ann - is iontach an rud é nach bhfuil - ach go bhfuil easpa tithíochta ann. Tá fadhb mhór i leith cúrsaí tithíochta. Is páirt den fhreagra é an t-údarás ach tá eagla orm go bhfuil na Teachtaí ag rá gurb é an t-údarás an t-aon fhreagra amháin ar an bhfadhb seo. Ní hé an t-údarás an freagra ina aonar. Tá sé iontach go bhfuil cúrsaí fostaíochta chomh láidir agus atá siad ach níor tharla sé sin trí sheans. Tharla sé sin de bharr taithí fhoireann an údaráis.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  36. Ar an gcéad dul síos, tá mórán measa agam ar an triúr Teachta. B'fhéidir nach bhfuil mé ag glacadh leis na leasuithe ach, mar gheall ar an meas sin, ní bheimid ag teacht ar ais le haghaidh an chéad Chéim eile sula mbeidh cruinnithe againn faoi chúrsaí tithíochta leis na grúpaí agus leis an údarás. Mura bhfuil na Teachtaí sásta, beidh seans acu leasuithe a chur síos. Ag croí an Bhille seo, táimid ag dul ar ais go dtí toghcháin a scriosadh 12 bhliain ó shin. Bhí toghcháin ann agus bhí guth agus rogha na ndaoine sa Ghaeltacht in ann dul amach. Tá sé sin ag croí an Bhille seo. Níl an Teachta in ann a rá go bhfuil eagla orainn roimh dhaonlathas agus muid ag tabhairt ar ais toghcháin ionas go mbeidh daoine in ann a rogha daoine a chur ar bhord an údaráis seachas rogha duine amháin, is é sin, an tAire.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  37. Tá freagracht ann trí chóras an toghcháin agus go gcaithfidh daoine obair a dhéanamh. Freisin, tá mise mar Aire freagrach don Dáil, don Seanad agus don choiste mar gheall ar an obair atáimid ag déanamh sa Roinn. Mar sin tá freagracht ann sna cúrsaí sin freisin. Níl mé in ann glacadh leis an leasú seo. Dírím ar ais chuig na coistí réigiúnacha a mbeidh in ann cuidiú le grúpaí áitiúla le cúrsaí áitiúla i gcásanna nuair atá difríochtaí b’fhéidir. Caithfidh na húdaráis áitiúla seasamh suas freisin agus gach cuid de chúrsaí áitiúla agus an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  38. Sheas siad leis na daoine a bhunaigh na gnóthaí sin agus chuidigh siad leo. Tá jab le déanamh ag an údarás. Tá sé leagtha amach go réasúnta. Tá sé fós tábhachtach. Tá sé iontach go bhfuil rudaí chomh hiontach ansin ach b’fhéidir nach mbeidh siad amach anseo agus beidh an t-údarás in ann seasamh le muintir na Roinne chun poist agus comhlachtaí nua a chur le chéile. Tá dainséar ann má thugaimid jabanna breise don údarás nach mbeidh an bhéim sin ann. Táimid ag teacht ar ais agus ar ais go dtí an pointe sin. Maidir le cúrsaí freagrachta agus daonlathais, tá an toghchán ann. Caithfidh gach duine sa Teach seo agus gach duine sna húdaráis áitiúla dul os comhair ár bpobal roimh gach toghchán. Mura bhfuilimid ag déanamh ár gcuid oibre, beimid imithe agus sin é an bealach a dhéantar é.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  39. B’fhéidir go mbeidh na coistí réigiúnacha in ann cúrsaí cosúil leis an oifig an phoist sa Rinn a phlé. Ní bheadh mórán suime ag muintir Chonamara in oifig an phoist na Rinne, ach is cinnte go mbeadh cuid mhór suime ag an gcoiste réigiúnach é sin a phlé. Luíonn roinnt de na rudaí eile leis na húdaráis áitiúla. Tá mé ag ceapadh, le leasú amháin i ndiaidh leasaithe eile, nach bhfuil mé ag iarraidh éalú a thabhairt do na húdaráis áitiúla ón jab go gcaithfidh siad déanamh. Níl mé ag iarraidh na dualgais sin a thabhairt go dtí an údarás. Maidir leis an méid a léigh an Teachta McGuinness, tá sé iontach an méid atá ag tarlú sa Rinn. Is obair mhuintir na Rinne agus obair an údaráis is cúis leis sin. Is iontach go raibh siad in ann béim a chur ar chúrsaí tionscadail agus cúrsaí fiontair agus go raibh siad in ann pleananna a dhéanamh.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  40. Tá mé chun cruinniú a bheith agam le BÁNÚ, le TINTEÁN agus le Conradh na Gaeilge sna céad seachtainí eile le go mbeidh plean againn. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an dream seo atá sa Chamber mar is iad a bhfuil an tsuim is mó acu sa réimse seo. B’fhéidir go mbeidh seans againn cruinniú neamhfhoirmiúil a bheith againn. Tá mé an-sásta teacht os comhair an chomhchoiste nuair atá sé bunaithe, ní hamháin chun cúrsaí tithíochta a phlé, ach aon rud a bhaineann le mo Roinn a phlé freisin. Is é sin an saghas update ón oíche dheireanach faoi na leasuithe seo. Níl mé ag iarraidh gach leasú a dhiúltú. Ní hé sin mo bhealach. Bhí mé ag éisteacht leis an díospóireacht sin. Is tábhachtach go dtuigeann muid go bhfuil na coistí réigiúnacha an-tábhachtach i gcomhthéacs a lán de na rudaí a dúirt na Teachtaí Ó Snodaigh agus McGuinness.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  41. Tá mé chun cruinniú a bheith agam le príomhfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúla sna ceantair Ghaeltachta. Tá seachtar acu ann. Beidh cruinniú agam leis an ngrúpa príomhfheidhmeannach sin. Tá mé ag ceapadh go dtarlóidh a lán de na cruinnithe sin sula dtiocfaidh muid ar ais chun Céim na Tuarascála a dhéanamh. Gabhaim chomhghairdeas leis an Teachta Connolly as a bheith tofa mar Chathaoirleach ar an gcoiste Gaeilge nua. Beidh seans againn na nithe seo a phlé ansin. Gabhaim buíochas chomh maith le hiarChathaoirleach an choiste sin, an Teachta Ó Snodaigh. Bhí cruinniú an-suimiúil agam le hÚdarás na Gaeltachta. Tuigim anois an plean. Oibreoidh sé le mo Roinn agus leis na hoifigigh i mo Roinn, mar aon leis na hoifigigh sa Roinn tithíochta.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  42. Gabhaim buíochas leis na Teachtaí Dála as na leasuithe seo. Ón uair dheireanach a bhí mé anseo, bhí cruinniú agam le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus cathaoirleach Údarás na Gaeltachta faoi chúrsaí tithíochta amháin agus faoi na pleananna a bhí acu agus an plean atá á réiteach acu. Tharla rud agus chaill mé seachtain mar gheall ar rud pearsanta. Mar sin, ní raibh seans agam aon chruinniú eile a bheith agam, ach beidh cruinnithe eile agam. Beidh cruinniú agam leis an Aire tithíochta, an Teachta Browne, roimh dheireadh na míosa seo. Ní hamháin go bpléifidh muid na treoirlínte Gaeltachta ach pléifidh muid na cumhachtaí atá ann sa dlí pleanála nua faoi chúrsaí Gaeilge agus faoi na treoirlínte nua atá ann. Scrúdóidh muid iad agus b’fhéidir go mbainfidh muid úsáid astu.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  43. The review will absolutely capture all of that. It is very important. There are a lot of local companies involved in this that otherwise would not be providing quality employment and service without this programme.

    SITTING OF 2025-05-01 · READ THE OFFICIAL REPORT

  44. I had a good discussion with Deputy O'Reilly about the potential involvement of the meals on wheels network in delivering school meals and we will look into doing that if the capacity is there. The review on nutrition will consider all the other issues raised by the Deputy. Pasta sauce is not that bad for you.

    SITTING OF 2025-05-01 · READ THE OFFICIAL REPORT

  45. I totally agree with the Deputy that a five-year-old should not receive the same portion as a 13-year-old and we get that feedback a lot. I suspect there are Members who have seen food come home with schoolbags and probably found it a few days later. Every school has the flexibility, within procurement rules, to choose the provider of the food. There is not some massive corporate monolith. There are a lot of locally-based companies providing services, local employment and the highest standard of locally sourced food. Yes, there are anomalies and it is always the anomalies that are highlighted In my own and Deputy Conway-Walsh's county there are small, owner managed companies working hard and that is replicated across the country so we do not want to lose that model.

    SITTING OF 2025-05-01 · READ THE OFFICIAL REPORT

  46. The nutritional review is being led by a dietician under the supervision of the Department of Health. This ensures they are the expert person to look at the nutritional side and then the operational side of the programme will be reviewed once the final roll-out into the remaining primary schools has been completed.

    SITTING OF 2025-05-01 · READ THE OFFICIAL REPORT

  47. I agree with the Deputy entirely. We want this scheme to work. We will do the final roll-out in September so that every primary school pupil in the country will have had the opportunity to have hot school meals within their school. At that time I intend to stand back and examine at the scheme to see where it has been working and where it has not. I will be very focused on DEIS secondary schools during the lifetime of this Government as well. The review that is under way is on nutritional standards. I will have the final report of that review by the end of December and will act on that because there are concerns contained within it. There will be 400 inspections conducted by my Department this year relating to the contracts between schools and school meal providers. That is a process I am also looking at to make sure it is more in-depth.

    SITTING OF 2025-05-01 · READ THE OFFICIAL REPORT

  48. I have asked for a report on the nutritional standards be submitted to me by the end of this calendar year. In the meantime, food that is high in saturated fat, sugar and salt will be removed from the school menus by September 2025. Up to now this food had been permitted once a week at most and only when selected by childrens' parents. I trust this clarifies the matter for the Deputy.

    SITTING OF 2025-05-01 · READ THE OFFICIAL REPORT

  49. As I said in reply to Deputy O'Reilly, the hot school meals review was announced when we expanded programme just ahead of the Easter school holidays. With regard to nutrition, the specific standard was set under the nutritional standards for school meals and nutritional standards for hot school meals. A technical nutrition subgroup comprised of dietitians from the Irish Nutrition and Dietetic Institute of Ireland, the HSE, Safefood, and the Food Safety Authority of Ireland came together and developed the standards, which are available on gov.ie . Nutritional standards are a priority. I have asked for a review of the scheme’s nutritional standards, and this will be conducted by a dietician who will be supervised by the Department of Health and in co-ordination with the interdepartmental group on school meals.

    SITTING OF 2025-05-01 · READ THE OFFICIAL REPORT

  50. One feature relating to all of these schemes - RSS, Tús and CE - is that I want there to be a greater understanding within my Department that they are no longer just labour market activation schemes; they are far greater than that. Something we want to see is that these schemes have a social employment value but also are of social value to participants on the scheme and provide services to communities, as referred to by the Deputy, that otherwise would not be available. We would be a far poorer country without the work done by RSS, CE and Tús schemes.

    SITTING OF 2025-05-01 · READ THE OFFICIAL REPORT