Maolíosa McHugh
West Tyrone · Sinn Féin · Northern Ireland
“At present, they are largely dependent on borrowing through the Department's capital arrangements, which can limit their flexibility and their capacity to compete with ports elsewhere across these islands. The Bill represents an opportunity to address those issues.”
“Importantly, there will continue to be accountability and oversight through board structures, including representation from locally elected council members, as is already the case at Belfast harbour. That public connection and democratic input is an important safeguard, and one that should provide reassurance.”
“Tá céimeanna beaga ann is féidir linn uilig a ghlacadh lenár sláinte a fheabhsú: scrúdú sláinte a chur in áirithe leis an dochtúir; bheith ag labhairt go hoscailte faoin mheabhairshláinte; páirt a ghlacadh i mbothán na bhfear nó i ngrúpa siúlóide; nó bheith páirteach in aclaíocht eile. Cuireann siad uilig feabhas ar an tsláinte.”
“I welcome the introduction of the Harbours Bill, and I commend Minister Liz Kimmins for introducing legislation that seeks to modernise the framework within which ports operate.

Our ports are critical pieces of economic infrastructure.”
“Tháinig deireadh le Seachtain Shláinte na bhFear ag deireadh na seachtaine seo a chuaigh thart, ar Lá na nAithreacha. Is cuí gur le linn Sheachtain Shláinte na bhFear a thit Lá na nAithreacha, nó is minic a shíleann na fir nach bhfuil an dara rogha acu ach saighdiúireacht a dhéanamh.”
“They support employment, facilitate trade, enhance connectivity and contribute significantly to our local and regional economies. My party therefore welcomes the introduction of the Harbours Bill and looks forward to engaging constructively as it is progressed through the Assembly to ensure that it delivers for our ports, our economy and…”
The complete record
Every one of 620 lines we hold for Maolíosa McHugh, in date order, each linked to its source. Free to read, in full, without an account. Page 3 of 13.
“Cuirfidh a leithéid de bhearta an cúram abhus ar aon dul le caighdeáin aitheanta ar fud na n-oileán seo, agus cuirfidh siad feabhas ar thorthaí sláinte fadtéarmacha. Bíonn athbhreithniú sainordaitheach le dochtúirí comhairleacha ann uair amháin i gceann gach aon trí bliana ar a laghad i ndlínsí eile. Creidim, ar mhaithe le sláinte an phobail, gur chóir dó sin bheith ina dhualgas orainn i dTuaisceart na hÉireann.”
“Chuir an Deisceart samhail náisiúnta chúraim don haemacrómatóis i bhfeidhm, samhail lena gcinntítear go bhfuil rochtain ag othair ar sheirbhísí féithligin faoi stiúir dochtúirí teaghlaigh agus altraí. Is léir ón tsamhail náisiúnta na buntáistí a bhaineann le cur chuige atá in ord agus in eagar, rud atá fíorthábhachtach, ós rud é go meastar gur in iarthuaisceart na hÉireann — Tír Eoghain, Dún na nGall agus Doire — is mó agus is minice atá haemacrómatóis ghéiniteach le fáil.

Caithfidh an Roinn Sláinte samhail chaighdeánaithe don haemacrómatóis a bhunú anseo sa Tuaisceart. Ba chóir athbhreithnithe sainordaithe rialta le dochtúirí comhairleacha, conairí soiléire, agus teacht cothrom ar chóireáil chothabhála bheith sa tsamhail sin.”
“Tá haemacrómatóis ghéiniteach orm, arb í an gearán géiniteach is coitianta i dtuaisceart na hEorpa í. Is féidir í a bhainistiú ach í a chóireáil in am. Ach tá mo dhála féin ar chuid mhór othar sa Tuaisceart, braitheann an cúram a fhaighimid ar an chód poist atá againn. Murab ionann agus i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, áit a mbíonn coinní rialta ag othair le dochtúirí comhairleacha, níl aon chóras aontaithe sa Tuaisceart lena chinntiú go bhfuil maoirseacht rialta ó speisialtóirí ann. Tá maoirseacht rialta ó speisialtóirí ríthábhachtach le teacht roimh an ghalar, le deacrachtaí a bhainistiú agus le hothair a chur ar a suaimhneas.

Níl sin cóir, ceart ná inghlactha.”
“We cannot ignore those contradictions. Cuts to winter fuel payments or benefit entitlements undermine any effort to support vulnerable households. It is simply wrong to withdraw support while outdated homes remain unfit for purpose. In supporting the motion, we must combine higher housing standards with a broader anti-poverty strategy. Only then can we reduce bills, tackle fuel poverty, meet climate change obligations and deliver dignity for families across the North of Ireland.”
“Mar sin féin, ní féidir an bhochtaineacht breosla a laghdú trí bhearta tithíochta amháin. Tá athchóiriú agus caighdeáin níos fearr ríthábhachtach, ach is den bhochtaineacht féin an bhochtaineacht breosla. Tá teaghlaigh ag streachailt, ní hamháin de dheasca tithe a bheith faoi bhun caighdeáin, ach de dheasca ioncam íseal, obair neamhchinnte, costais atá ag ardú agus éagothroime chórasach. Sin an fáth a bhfuil straitéis fhoriomlán frithbhochtaineachta riachtanach le haghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna.”
“Tá caighdeáin níos láidre á gcur i bhfeidhm ag comhairlí fosta trí phleananna forbartha áitiúla, trí bhéim a chur ar thábhacht fabraice maithe agus tithe á ndéanamh, trí shochar a bhaint as teas na gréine agus tríd an chomhtháthú in-athnuaite. Is féidir leis na beartais sin, atá fréamhaithe sa ráiteas beartais ar phleanáil straitéiseach, is féidir leo sin tithe a chur in éifeachtacht, ach iad a chur i bhfeidhm go réadúil. Ní mór fíorthairbhe a bhaint as beartais ar pháipéar do theaghlaigh.”
“I commend the tireless work of the community and voluntary sector and charitable organisations. Their advocacy, practical help and compassion makes a real difference to families who would otherwise have nowhere to turn. They are an essential avenue of support in our communities.

Tá a fhios againn go gcuireann an tithíocht go mór le hastaíochtaí carbóin. Chan amháin gur riachtanas comhshaoil é tithe a iarfheistiú le hinsliú, le córais téimh éifeachtacha agus le teicneolaíochtaí in-athnuaite; is riachtanas eacnamaíochta é. Léiríonn fianaise ón Roinn Pobal gur féidir le huasghráduithe fuinnimh na céadta punt a bhaint de bhillí tí gach bliain, rud a sholáthraíonn teas ar phraghas réasúnta do na háiteanna is mó a bhfuil gá leis.”
“Tá éagsúlacht idir na figiúirí. Sin ráite, áfach, deir an Ghníomhaíocht Náisiúnta ar son Fuinnimh linn go bhfuil 27% de theaghlaigh faoi bhochtaineacht breosla de réir an mheastacháin is déanaí ón tSuirbhé ar Bhail na dTithe 2016. Ar an drochuair, tá an teachtaireacht soiléir: tá rogha an dá dhíogha os comhair barraíocht teaghlach: iad féin a chothú nó a théamh.”
“Tacaím leis an rún, mar gur gruama í an fhírinne: tá na mílte teaghlach faoi bhochtaineacht breosla ag tithíocht shóisialta atá inslithe go dona agus go neamhéifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus is siocair í le billí teaghlaigh a bheith ag ardú.”
“Minister, you will know that many families have been forced from their homes. Why have many of them not been offered appropriate accommodation? Will you explain that, and do you have an estimate of how often that happens?”
“Minister, will the JobStart scheme interact with the disability and work strategy that you announced earlier? Will disabled people be eligible under the scheme?”
“Gabhaim buíochas leis an Aire as a ráiteas.”
“Minister, you mentioned that the strategy will interconnect with other strategies such as those on anti-poverty, skills, autism and mental health. Does the disability and work strategy connect with the Sign Language Bill, which is going through its Committee Stage, and the gender equality and sexual orientation strategies?”
“He will be well aware of the vital role that the GAA plays in communities, particularly in rural communities. Across the North, GAA clubs are often the hub for other cultural activities, over and above just our Gaelic games. They are used for dance events, our music and so on. They fulfil another role, however. For instance, when it comes to a bereavement, and visitors to a community have to be accommodated for, say, tea after a funeral, the GAA club will be used, as it is perhaps the only facility available in certain rural communities. Will the Minister confirm that GAA clubs and halls will not be excluded from the fund?”
“Gabhaim buíochas leis an Aire as a ráiteas.”
“Minister, why was the NI Executive spending web page developed?”
“Minister, what efforts will you make to ensure that this recognition extends to marching bands across all cultural backgrounds and that it includes GAA bands, traditional Irish bands, republican bands, international bands and LGBT bands that are associated with the pride event?”
“Minister, will you outline what work is happening to address illegal, unregulated bonfires?”
“Gabhaim buíochas leis an Aire shóisearach as a freagra.”
“A great welcome to your statement, Minister. The use of online crowdfunding platforms as a fundraising tool, which you have already referred to, will be second nature to many clubs. Will other clubs that prefer a different means of fundraising still be included in the scheme?”
“Cuirim fáilte roimh a ráiteas anseo inniu.”
“I welcome the fact that Dergview, a club in my home town, is included in the second tier. What is the next step for successful clubs, and when will they be notified of the total grant that they will receive? What is the next step for the clubs that have not been successful?”
“Gabhaim buíochas leis an Aire as a ráiteas.”
“Minister, can you provide an update on the active travel delivery plan?”
“I appreciate that. I understood, when asking the question, that that would be the likely response.

Minister, what steps are you taking to improve the terms and conditions for staff in Health and Social Care? How will the strategy specifically reduce the service's reliance on agency staff?”
“Mar bhuille scoir, cén cúnamh airgid a bheidh ar fáil le tacú le gnólachtaí neamhspleácha áitiúla a n-oibleagáidí a chomhlíonadh? Caithfidh tacaíocht bheith mar chuid den réiteach.

Más é an cuspóir an timpeallacht thógtha a fheabhsú agus leas an phobail a chosaint, caithfear cosaint a thabhairt dóibh siúd atá freagrach as an athrú sin a chur i gcrích fosta— ár gcomhairlí — agus dóibh siúd a mbeidh tionchar aige orthu — ár ngnólachtaí áitiúla.
Tacaímid le dul chun cinn an Bhille, ach déanaimid amhlaidh go faichilleach agus le glao soiléir ar chur i bhfeidhm a bheidh cothrom, inmharthana agus maoinithe mar is ceart.”
“Tá baol ann go mbeidh crannchur de réir cód poist ann maidir le feidhmiú, ag brath ar acmhainn airgeadais na comhairle.

Ní mór dúinn an tionchar ar ghnólachtaí beaga agus leochaileacha a mheas. Cén raon costais athchóirithe atá i gceist, ní hamháin an meánchostas £7,300 punt ach an t-íosmhéid agus an t-uasmhéid fosta? Cén dóigh a n-athróidh na costais sin de réir chineál an ghnó, de réir mhéid agus riocht na maoine nó de réir shuíomh an ghnó? An mbeidh ar ghnólachtaí na costais iomlána a íoc láithreach, nó an mbeidh deis ann comhlíonadh a chéimniú thar thréimhse réasúnta ama? An dtig údar a chur leis an mhaíomh go dtabharfar isteach na costais le méaduithe fadtéarmacha i luach maoine go háirithe i gceantair thuaithe nó i gceantair dhíothacha?”
“Is geal linn cuspóir Bhille an Trochlaithe. Ní féidir neamhaird a thabhairt ar an drochthionchar a bhíonn ag foirgnimh chontúirteacha thréigthe ar na bailte móra, sráidbhailte agus cathracha againn. Tá sé thar am cur i bhfeidhm atá níos láidre agus níos comhsheasmhaí a fhorbairt.

Mar sin féin, cé go dtacaímid leis an Bhille, déanaimid sin go faichilleach, go háirithe maidir leis na himpleachtaí airgeadais. Tá go leor comhairlí faoi bhrú airgeadais cheana féin. Ní mór na hacmhainní cuí a bheith ag gabháil leis na cumhachtaí nua.

Tá soiléireacht de dhíth orainn i dtaca leis an tsamhail airgeadais atá mar bhonn faoin Bhille. Níor cheart bheith ag tabhairt ar na comhairlí dul i mbun oibreacha deisiúcháin riachtanacha gan meicníocht praiticiúil ann leis na costais a thabhairt isteach.”
“Minister, the recent court judgement on the A5 is disappointing. I noted your responses to two other questions in regard to the implications of it. What will happen next financially?”

Léiríonn na ceisteanna sin an tábhacht atá le maoiniú ilbhliantúil d’earnáil na n-ealaíon. Tugann an t-athbhreithniú caiteachais deireannach deis dúinn, den chéad uair le 10 mbliana, Buiséad ilbhliantúil a bheith againn, rud a thabharfaidh cinnteacht d’eagraíochtaí ealaíon le réamhphleanáil a dhéanamh.

Tá a fhios againn go léir go bhfuil an t-airgead gann agus go dtabharfar tús áite do sheirbhísí tosaigh amhail sláinte agus oideachas.”
“Faigheann an Chomhairle Ealaíon anseo thart ar leath an mhaoinithe a fhaigheann a macasamhail in Albain agus sa Bhreatain Bheag, rud a chuireann teorainn mhór leis an tacaíocht is féidir a thabhairt do ghrúpaí agus d’ealaíontóirí aonair. Is cúis mhór frustrachais í an easpa maoinithe do go leor ealaíontóirí, agus iad ag comhrac le costais atá ag síor-ardú, agus iad ag caitheamh ama ag streachailt le maoiniú gearrthéarmach tionscadal-bhunaithe a fháil, rud a dhéanann pleanáil fhadtéarmach agus, fostaíocht shlán a sholáthar an-chasta. Cuireann ealaíontóirí in iúl arís agus arís eile na himní atá orthu faoi na litreacha tairisceana ón Chomhairle Ealaíon a bheith ag teacht an-mhall — b’fhéidir míonna i ndiaidh thús na bliana airgeadais, rud a thugann ar ealaíontóirí a ndolaí a dhíol as a bpócaí féin.”
“Níl le déanamh againn ach smaoineamh ar an rath a bhí ar chláir teilifíse agus scannáin amhail ‘Game of Thrones’, ‘Blue Lights’, ‘An Irish Goodbye’ agus ‘Belfast’ chomh maith le ceoltóirí mar shampla Kneecap leis an tionchar atá ag ealaíontóirí ón Tuaisceart ar an ardán domhanda a thuiscint.

Ach ainneoin a bhfuil de chruthaitheacht agus de thallann ag ár muintir, caithfidh siad deiseanna a bheith acu lena gcumas a léiriú. Rinne an Coiste Pobal plé leitheadach le hearnáil na n-ealaíon le cúpla mí anuas. Chuala muid faoi na dúshláin atá roimpi, agus d’oibrigh muid leo le teacht ar réitigh inbhuanaithe a chosnóidh na healaíona do na glúnta atá le teacht.

Ar ndóigh, maoiniú an mórdhúshlán. Is fíor nach mbíonn go leor maoinithe ar fáil in am ar bith d’earnáil na n-ealaíon.”
“Ar dtús, gabhaim buíochas leis na Comhaltaí as an rún seo a thabhairt os comhair an Tí, agus is mór agam an deis seo le plé a dhéanamh ar an dóigh a gcuireann na healaíona leis an tsochaí. Mar bhall de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, tá suim mhór agam sna healaíona, agus tá a fhios agam, ó mo thaithí féin, go saibhríonn na healaíona agus an cultúr saol na ndaoine sin a ghlacann páirt iontu.

Is léir go bhfuil ré órga ann do na healaíona agus don léiriú ealaíonta. Tá ár dtionscail chruthaitheacha ag déanamh éachta, agus tá siad ag fáil an mheasa atá tuillte acu ar fud an domhain as.”
“Are there measures that the Minister can put in place in the event of it emerging that healthcare workers are coming under pressure as a result of the recent experiences?”
“I express my deepest sympathies as well to John Blair and his family on the loss of his father.”
“Minister, I am sure that you are aware that the Public Accounts Committee recommended that the anti-poverty strategy include targets. Why have you chosen to ignore that advice?”
“Gabhaim buíochas leis an Aire as a ráiteas.”
“In my previous life, I worked as a youth training programme (YTP) coordinator in the former North West Institute. For many years, I was involved in establishing and setting up courses for those with special educational needs. I welcome the current direction of travel. Is there potential for an all-island approach when making provision for those with special educational needs?”
“There is a whole lot of difference between being informed and being consulted. Being consulted implies that you would have an opinion on whether that particular facility should be used as a refuge for people in dire straits. Minister, can you see the difference between "informed", which you think that every elected representative is entitled to be — I agree with you there — and "consulted"?”
“Minister, at the time, I said that I was both shocked and surprised at the element of your statement in which you said:”
“Minister, what benefits will a multi-year Budget bring?”
“Gabhaim buíochas leis an Aire as a fhreagra.”
“Ní hé amháin gur chóir sin a dhéanamh; is é rud gur gá sin a dhéanamh. Cuirfidh sé le creidiúnacht, le cothroime agus le hoscailteacht na háite seo feasta.”
“I gcroílár an Bhille seo, tá prionsabal simplí, ach má tá sé simplí féin tá sé fíorthábhachtach: má tá athruithe le déanamh ar thuarastail Comhaltaí den Tionól Reachtach, ba chóir sin a dhéanamh go neamhspleách. Cinnteofar le the Assembly Members (Independent Remuneration Board) Bill gur ar fhoras neamhspleách seachtrach a bheidh an fhreagracht sin. Tuigeann Sinn Féin an imní a bhíonn ar dhaoine nuair a fheictear go bhfuil polaiteoirí ag socrú a dtuarastail féin. Baineann dearcadh den chineál sin de chreidiúnacht ionadaithe tofa. Níor cheart do Chomhaltaí aon chur isteach bheith acu agus a dtuarastal á shocrú. Caithfidh institiúidí daonlathacha an chothroime agus an oscailteacht a léiriú.

Cinnteoidh bord luach saothair neamhspleách úr go mbeidh an chothroime agus an oscailteacht ann i dtaca le pá na gComhaltaí de.”
“Minister, you will know that pensioners and older people always want certainty. I think that you said that, hopefully, the legislation will be in place by July. When are people likely to receive their winter fuel payment?”
“Minister, can you provide an update on the expansion of Magee, which is also a catalyst for greater prosperity in the north-west?”
“Minister, since the NSMC meeting, have you had any engagement with the Irish language bodies to discuss the challenges that they currently face as a result of the financial context in which they find themselves?”
“Is iad cuspóirí an fheachtais i mbliana ná feasacht na ndaoine a ardú ar an ghéarghá atá le deonuithe fola agus plasma agus ar an difear a dhéanann na deonuithe sin do shaol na n-othar; daoine atá ina ndeontóirí cheana féin agus deontóirí nua a spreagadh le fuil a thabhairt go rialta sa chruth go mbeidh soláthar buan, dóthanach fola ann; tacaíocht a fháil ó na Rialtais agus ó pháirtithe foráis le hairgead a chur isteach i gcláir náisiúnta fola ionas go mbeidh teacht ag gach aon duine ar fud an domhain ar an fhuilaistriú.

Gabhaim buíochas leis na deontóirí fola uile go léir atá againn, molaim iad as a bhflaithiúlacht, agus iarraim ar gach duine is féidir smaoineamh ar fhuil a dheonú. Den dóchas an deonú.”
“Beidh Lá Domhanda na nDeontóirí Fola ann Dé hAoine. Beifear ag ceiliúradh ar fud an domhain an lá sin, a Cheann Comhairle, ag moladh na milliún daoine a thugann a gcuid fola go deonach gach bliain le beo daoine eile a shábháil, daoine nach gcasfar go deo orthu, is dócha. Lá atá ann le buíochas a ghlacadh leis na deontóirí flaithiúla sin uile go léir, ach, ina theannta sin, a Cheann Comhairle, lá atá ann le béim a chur ar an ghéarghá atá le deonuithe fola atá rialta, sábháilte.

Is é téama an lae i mbliana an dóchas: an dóchas a thugann deontóirí le gach deoir fola dá dtugann siad. Ó tharla na milliúin othar ar fud an domhain ag brath ar an fhuilaistriú lena mbeo a shábháil, is amhlaidh gurb iad na deontóirí a ndóchas.”
“Minister, will you provide an update on the refugee integration strategy and how it will be implemented and funded?”