Cynthia Ní Mhurchú
Member of the European Parliament · Renew · IE
“A Uachtaráin, a Choimisinéir, fáiltím roimh an meastóireacht seo ar an gComhbheartas Iascaigh. Ach cúis imní iad na torthaí seo, dáiríre, d'iascairí na hEorpa agus iascairí na hÉireann. Inbhuanaitheacht comhshaoil, ar ndóigh, fíorthábhachtach.”
“A Choimisinéir Kadis, iarraim ort ceithre rud a dhéanamh: Roghanna na Háige a chosaint, tacú le hathnuachan cabhlaigh, maorlathas a laghdú agus, uimhir a ceathair, cothrom na Féinne a chinntiú d'iascairí na hÉireann agus na hEorpa. (Ghlac an cainteoir le ceist cárta ghoirm) 4-0094-0000 Luke Ming Flanagan (The Left), ceist cárta ghoirm.”
“Because they can't get this funding for their marketing plans – 87 % of the fishers and they have less than 10 % of the quota ... (The President cut off the speaker) 4-0096-0000 Cynthia Ní Mhurchú (Renew), blue-card answer.”
“A Uachtaráin, agus Éire ag glacadh Uachtaránacht an Aontais chuici féin, tá treisiú iomaíochas na hEorpa go mór chun tosaigh. Mar sin, fáiltím roimh an tuairisc seo ag an bhFeisire Ódor, rapóirtéir ó mo ghrúpasa féin, Renew Europe, agus gabhaim buíochas leis as an ngrinnstaidéar atá déanta aige faoin 28ú réimeas cánach atá roghnach - rogh…”
“A Chathaoirligh agus a Choimisinéir, éistigí a chairde. Tá Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle ar tí tosú agus táim ag súil go mór leis an gclár cultúrtha. Bígí ag faire amach don ealaíontóir ó Éirinn Richard Malone a bhéas chun tosaigh - cuimhnígí ar an ainm sin.”
“Ní mór cúnamh a thabhairt do na healaíontóirí seo, na daoine a chruthaíonn cultúr dúinn féin agus a leathnaíonn an samhlaíocht fud fad na hEorpa. Ba cheart gairmeacha ealaíne a bheith oscailte do dhaoine ó gach cúlra - bocht, saibhir agus idir eatarthu. Iarraim oraibh rialtas na hÉireann a leanúint.”
The complete record
Every one of 88 lines we hold for Cynthia Ní Mhurchú, in date order, each linked to its source. Free to read, in full, without an account. Page 2 of 2.
“(Start of speech off mic) a chairde, I like choice, that is why my purse has cash in it, but also cards. In Ireland, my government confirmed this week that access‑to‑cash legislation will come into effect this Friday. I am very pleased, because cash is king for very good reasons. Number one: choice. Number two: access. Number three: equal rights for older citizens, refugees, the poor, those who are digitally illiterate. It is called financial inclusion. Alternatively, when people are faced with the breakdown of the ATM and no power, we need to have resilience. Alternatively, when we we're faced with tech glitches and we can't pay digitally, then of course we need cash. Also, we need an alternative when faced with money‑laundering concerns and suddenly our bank account is temporarily frozen.”
“A Uachtaráin, seasaim anseo ar son na mílte Éireannach a bhfuil a mbeathaí ag brath ar iascaireacht inbhuanaithe. Tá ár n-iascairí, ár bpróiseálaithe agus ár bpobail chósta ag iarraidh ar an Aontas a dtodhchaí a chosaint sula mbeidh sé ródhéanach. Seasaim don phobal iascaireachta in Éirinn Theas: Baile Chaisleáin Bhéarra - Castletownbere; an Dún Mór Thoir - Dunmore East; an Rinn - Ring; an Daingean - Dingle; Cé na Cille Móire - Kilmore Quay. Faoi láthair, níl rochtain ag Éirinn ach ar 15% - a haon, a cúig faoin gcéad - de na stoic a ghabhtar inár n-uiscí féin - uiscí na hÉireann. Tá 85% á bhaint ag longa eile den Aontas agus lasmuigh de, go háirithe an Iorua atá ag robáil bhricfeásta, dhinnéar agus thae na hÉireann.”
“Má táimid dáiríre, a chairde, faoi mhionaoisigh a chosaint, teastaíonn cúpla rud: dearcadh oiriúnach d'aois, seiceálacha aoise slána, srianta ar ghnéithe andúileacha agus ar 'loot boxes', agus cur i bhfeidhm daingean rialacha an Aontais. Agus más mian linn muinín tuismitheoirí a threisiú, caithfimid an rún seo a dhaingniú. Cuirim fáilte roimh an vóta amárach. 2-0426-0000”
“A Uachtaráin, a Choimisinéir, bíonn 97% de dhaoine óga ar líne gach lá, agus do go leor déagóirí, ciallaíonn sé sin uaireanta fada ar scáileáin nach bhfágann a lámh riamh. Agus tá a fhios againne go n-imíonn an méid a tharlaíonn taobh thiar díobh ó shúile tuismitheoirí rómhinic. Sleamhnaíonn creachadóirí isteach trí chomhráite príobháideacha agus teachtaireachtaí grúpa, agus tá na halgartaim curtha in oiriúint chun ár n-aird a tharraingt, ní ar son leas an úsáideora, ag brú ábhar níos géire nó níos gnéasaí chun cinn. I gcluichí a bhfuil cuma neamhdhíobhálach orthu, bíonn boscaí 'loot' i bhfolach iontu a dhéanann aithris ar mhodhanna oibre casaíne, go minic le fíor-airgead. Ní drochthuismitheoireacht é seo ach múnla gnó bunaithe ar shíceolaíocht iompartha agus ar phátrúin dhorcha.”
“É a dhéanamh níos deacra do chumhachtaí eachtracha nó do dhrochghníomhaithe ionramháil a dhéanamh ar ár ndíospóireachtaí, agus ár dtoghcháin fiú amháin a smachtú agus a athrú. Sin an fáth a dteastaíonn meáin áitiúla láidre neamhspleácha. Déanann siad trí rud thábhachtacha, a chairde. Coinníonn siad daoine fréamhaithe ina bpobail féin, cuireann siad fíricí fíoraithe ar féidir le daoine brath orthu in ionad ráflaí, agus cinntíonn siad nach mbánn tráchtairí i bhfad i gcéin agus algartaim gan ainm guthanna agus réaltachtaí áitiúla. Caithfimid iad a chosaint. 2-0104-0000”
“A Uachtaráin, a Choimisinéir, faoi láthair in Éirinn agus ar fud na hEorpa, tá ár ndaonlathas á nimhniú. Ní le tancanna ná le trúpaí, ach le bréaga a fhaigheann 'likes'. Ar gach ardán gach lá, feicimid scéalta bréagacha agus teoiricí comhcheilge á gcur isteach inár sochaí. Gluaiseann siad níos tapúla ná fíricí. Díríonn siad ar dhaoine atá ar buile nó buartha, agus athraíonn siad comharsana ina naimhde. Tá sé feicthe againn go léir conas a ionsaíonn sé seo an saol fíor: bagairtí ar iriseoirí, drochíde ar pholaiteoirí, ciapadh ar mhionlaigh, fiú foréigean sráide a spreagadh le ráflaí ar líne. Baineann Sciath an Daonlathais san Aontas lenár spás faisnéise a chosaint, mar a chosnaímid ár dteorainneacha.”
“A Uachtaráin, mar mháthair, tá an-díomá orm gur cuireadh nithe chomh huafásach agus chomh mí-oiriúnach sin ar fáil ar ardán Shein sa chéad áit. Is bratach mhór dhearg é go bhféadfaí táirge den chineál seo a liostú, a dhíol agus a sheoladh gan aon stró do mhargadh ar líne san Eoraip. Is ionann é agus teip iomlán agus maoirseacht easnamhach maidir le freagracht chorparáideach. Más féidir le comhlachtaí rud éigin chomh déistineach sin a cheadú chun tomhaltóirí a aimsiú, conas is féidir linn aon mhuinín a bheith againn as an gcuid eile de na táirgí a dhíolann siad? An gcomhlíonann a gcuid earraí leictreonacha caighdeáin sábháilteachta dóiteáin agus an bhfuil bréagáin nó éadaí do leanaí saor ó ábhair nimhneacha? Cén áit a stopann sé? Tá rud amháin ríshoiléir mar gheall ar an gconspóid seo.”
“Tá Jenny's Law nó Dlí Jenny á thabhairt isteach ag Rialtas na hÉireann - reachtaíocht chun clár oibre agus clár poiblí foréigin teaghlaigh a chruthú, agus rud a thugann ceart do mhná, do dhaoine, fios a bheith acu an bhfuil taifead de mhí-úsáid thromchúiseach gnéis ag duine? Ainmníodh an dlí nua seo in ómós do Jennifer Poole, máthair álainn óg ar dhúnmharaigh a páirtnéir í sa bhliain 2021. D'fhéadfaí bás Jenny a sheachaint agus tá súil agam go seachnóidh an reachtaíocht nua seo básanna cosúil le bás Jenny. 4-0081-0000”
“A Chathaoirligh, Women's Aid, Carlow; Amber Refuge, Kilkenny; ADAPT Domestic Abuse Services, Limerick; Oasis House, Waterford – I've visited them all. Molaim sibh go hard agus sibh i mbun chosaint na mban atá ag fulaingt faoi dhrochíde. Cuirim fáilte roimh an díospóireacht seo inniu agus is deis iontach í iarradh ar na Ballstáit an Treoir maidir le Foréigean in aghaidh na mBan agus na gCailíní a Chomhrac a chur i bhfeidhm go huile is go hiomlán is go sciobtha agus roimh spriocdháta Mheitheamh '27. In Éirinn, tuigimid go rómhaith an costas a bhaineann le neamhghníomhaíocht.”
“So I say to the Commissioner and to the Commission: please do everything in your power to protect this directive, to enhance this directive, and to ensure that there is at least 30 % of European origin on platforms, and that we don't bend to the culture outside ... (The President cut off the speaker) 4-0029-0000”
“A Chathaoirligh, a Choimisinéir. An Cailín Ciúin. Kneecap. Arracht. Amhrán na Mara. Róise agus Frank. Spongebob an Scannán. Cré na Cille. Mise Éire. Oíche Sheanchais. Foscadh, Poitín, agus d'fhéadfainn dul ar aghaidh. I could go on and on, but these are examples of the innate, cultural, wonderful, rich diversity that is associated with our Irish language in Ireland. That language is replicated amongst other languages within the Member States of the European Union. It is vital that we protect and defend our cultural diversity, our cultural sovereignty. It is a huge strength of Europe that we pay tribute and respect and protect our minorities, whether the language is a minority language or a minoritised language.”
“A Uachtaráin, tá amlíne níos tapúla de dhíth orainn chun neamhspleáchas fuinnimh iomlán agus trédhearcach ón Rúis a bhaint amach. Is mithid go gcuirimid an méid a thosaíomar i gcrích agus na lúba ar lár a chur ina gceart. Na lúba a chuireann ar chumas ola agus ghás na Rúise ár margaí a bhaint amach trí thíortha eile, tíortha i mbéal forbartha. Ola agus gás na Rúise atá sáite i bhfuil na mílte Úcránach a fuair bás sa chogadh. Cabhraíonn gach euro a íocaimid ar fhuinneamh na Rúise le cogaíocht Putin a mhaoiniú, cogadh atá ag cruthú géarchéime san Aontas Eorpach. Tá sé léirithe ag an Eoraip cheana féin gur féidir éagsúlacht a chruthú. Tá ár spleáchas lagdaithe againn. Tá foinsí fuinnimh in-athnuaite forbartha againn agus tá ár dteacht aniar neartaithe againn, ach baineann bealaí éalaithe an bonn dár n-aontacht agus dár n-inchreidteacht.”
“A chairde. Tá athrú ag teacht ar chríocha slándála na hEorpa. Tá dúshláin ach go háirithe romhainn maidir le camscéimeanna digiteacha agus calaois ar líne. Tá forbairtí sa teicneolaíocht ag tabhairt deiseanna nua do dhronganna coiriúla brabús a dhéanamh as na mílte Eorpach atá á mealladh trí ardáin infheistíochta bhréaga, camscéimeanna rómánsaíochta agus goid aitheantais. Ní stopann an cineál seo coiriúlachta ag teorainneacha ach rómhinic a chairde, stopann ár bhfórsaí póilíneachta ag teorainneacha. Ní féidir linn ligean a thuilleadh dár straitéis slándála a bheith bunaithe ar déileáil leis an gcibearchoiriúlacht agus leis an gcalaois ar líne ar bhonn náisiúnta amháin. Is fadhbanna coiriúlachta tras-Eorpacha iad.”
“When societies address inequality and build security together, they nurture resilience and mental health resilience. 4-0111-0000”
“A Uachtaráin, a Choimisinéir, on World Mental Health Day, we are reminded that mental well-being is not just an individual issue, it's deeply shaped by the world we live in. I proudly wear the pin of the Samaritans in Ireland today because economic inequality, unemployment, poor housing, lack of access to education or healthcare – they all create conditions that can harm mental health, push people to the margins, to the edge. And, of course, when people struggle to make ends meet, their stress, anxiety and sense of hopelessness only grows. So mental healthcare must go beyond therapy rooms. It should include fair wages, safe communities, affordable housing and quality education. Investing in these social foundations isn't charity, it's prevention.”
“A Uachtaráin, a chairde, nuair a bhíonn rialacha nua don ré dhigiteach á bplé ag an Eoraip, cloisimid go minic go ndéanfaidh an rialáil dochar do ghnólachtaí ná go gcuirfidh siad srian ar nuálaíocht. Ach insíonn an stair scéal iomlán difriúil. Gach uair a chosain an Eoraip a muintir ‑ le cearta saothair, caighdeáin chomhshaoil nó táirgí níos sábháilte ‑ tugadh na rabhaidh chéanna. Ach chabhraigh rialáil chliste le muinín a thógáil, spreag sí nuálaíocht, agus leag sí síos caighdeáin dhomhanda. Chonaiceamar é sin le criosanna sábhála agus le sábháilteacht bia. Ba shiombailí iad na rudaí a thosaigh mar 'ualaí' de shábháilteacht, cáilíocht agus dul chun cinn. Níor cheart do chumhachtaí eachtracha ná d'ollchuideachtaí neamhrialaithe ár dtodhchaí a shrianadh ná ár luachanna a bhaint.”
“Mar sin féin, i bhfianaise thraidisiún na hÉireann maidir le comharchumainn talmhaíochta láidre faoi stiúir feirmeoirí, go háirithe in earnáil na déiríochta, beidh mé ag tacú le leasuithe mo chomhghleacaí Barry Cowen chun an cead a thabhairt do Bhallstáit maolú a chur ar fáil do chomharchumainn ar an mbonn go gcloítear le grinnscrúdú daonlathach ar chonairí soláthair bainne, agus go ndéantar deimhin de go bhfuil téarmaí cothroma sna conarthaí sin. 2-0355-0000”
“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ioncam cóir ar ár bhfeirmeoirí, ní hamháin in Éirinn ach ar fud na hEorpa. Meastar go sroichfidh meánioncaim feirme in Éirinn €48,500 in 2025. Is ionann sin agus méadú 39% ar 2024 agus méadú 82% ar 2023, nuair a bhí an meánioncam chomh híseal le €19,000. Cuirim fáilte roimhe seo. Braitheann ár slándáil bia san Eoraip ar fheirmeoirí ag fáil íocaíocht chothrom don bhia a tháirgíonn siad. Ní mór dúinn seasamh ár bhfeirmeoirí i slabhra an tsoláthair bia a neartú agus iad a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála.”
“Madam President, Commissioner, Europe and this Parliament prides itself on complying with international law, championing the rule of law. A few questions, therefore, for the Commissioner, President von der Leyen and High Representative Kallas: is the continuation of the EU‑Israel trade agreement compatible with EU law? No. Is Israel interfering with EU aid and aid infrastructure? Yes. What are the EU Commission doing about protecting taxpayers' funds? Nothing. Is the arms trading with Israel by certain countries in the EU compatible with EU law? No. So, why are we waiting? You need to play your part, Commission. Suspend the EU‑Israel trade agreement forthwith. Halt the sale of arms to Israel by certain EU states. Stop prioritising dialogue over action in the face of abject genocide. Do your job. Do it right. Do it right now. 2-0254-0000”
“Since Putin's full-scale illegal invasion of Ukraine in 2022, followed by – rightfully so – broad ranging sanctions imposed by Europe, Russia has relied on its shadow fleet to smuggle oil and natural gas to valuable markets in the Global South. So Europe – no more naivety, I say. No more benefit of the doubt – an attack on Poland is an attack on Europe. Let's have a swift, united, robust response and we need more efficient sanctions against Russia. Long live a free Poland and a free Russia. 4-0161-0000”
“A Uachtaráin, the violation of Poland's territorial integrity and sovereignty by Russia was reckless, unprecedented, but nevertheless an all-too-familiar move out of Putin's playbook –deliberate, brazen, evil and corrupt. In July of this year, an investigation carried out by The Irish Times in Ireland, a newspaper, found that there was a dramatic increase in the number of Russian shadow ships in Irish waters. Our Irish Naval Service and Air Corps have stepped up their monitoring of the sanctioned vessels. These shadow ships are taking economically inefficient routes. They are sailing well outside of their recognised shipping lanes.”
“Ní mór dúinn athchóiriú a dhéanamh, agus ní mór dúinn gníomhú anois chun a chinntiú go n-oibreoidh an margadh aonair ag ardchaighdeán agus ag barr a chumais amach anseo. Áirítear leis seo maorlathas neamhriachtanach a laghdú, cur i bhfeidhm comhsheasmhach den reachtaíocht atá ann cheana féin i ngach Ballstát ar fud na hEorpa. 4-0114-0000 Spontane Wortmeldungen 4-0115-0000”
“I myself contested public elections in Ireland, where my name and my face was on the ballot paper, since the age of 22. Therefore I am very, very proud to be the European Commissioner for Democracy, and I will do all that I can working with the directly elected Members of this House, irrespective of their views, to ensure that we preserve and indeed strengthen the integrity of European democracy in the European Union. That is the purpose of what we will bring forward in the coming months in the European Democracy Shield. And I do not see how anybody could object to what I think is a noble and laudable objective. 3-0446-0000 VORSITZ: KATARINA BARLEY Vizepräsidentin 3-0447-0000 Die Präsidentin. – Die Aussprache ist geschlossen.”
“I want to assure people that the purpose of the Democracy Shield is to ensure that there is a safe space for people to make up their own mind when it comes to casting their vote. It is not about influencing how they vote; it is the sovereign, independent right of each individual citizen of the European Union to make a decision as to who to provide their support to in a democratic election, but they deserve to do so in a safe environment, free from interference by people and actors who have a political motivation for seeking to influence the outcome of our elections. What we need is more democracy: we need democracy at a local level, at a community level; we need more young people to become engaged in European democracy. When people accuse us of being unelected, I would also make the point that many of us come from electoral backgrounds.”
“I can assure those who were highly critical of this project before they even see the output of our work, that the Democracy Shield will certainly not be about censorship. Where we see censorship, it's where we see the voice of the free and independent media being shot down, where we see the voice of civil society being restricted. Censorship is where we see control of the information space for political purposes, and it can be where we see interference in the courts of Member States of the European Union. I want to assure all of the Members of this House that this Democracy Shield will be in full respect, and will actually strengthen and uphold, the right to freedom of expression of the people of the European Union. This is about democracy, which is enshrined in Article 2 of our Treaty, which is a legal foundation of the European Union.”
“– Madam President, I'd like to thank all of the honourable Members who spoke in this debate – a very interesting debate, quite polarised, which has been the experience whenever we discuss issues around democracy. But I do want to thank everybody for their contribution, and I want to reaffirm that the European Parliament is an essential partner for the Commission in designing this important initiative: the European Democracy Shield. We have already a solid EU digital and democratic rulebook. Its implementation and enforcement will be part and parcel of our work on democracy. Under this mandate, the Commission aims to move to a more operational phase of our work, empowering the actors who are key to democracy, from national authorities to the media, from citizens to civil society organisations.”
“Infheistíocht in iriseoireacht d'ardchaighdeán neamhspleách, mar atá molta ag mo ghrúpa, Renew Europe. Molaim do mo chomhghleacaithe anseo sa teach tacú lenár n-iarratas agus Ciste Eorpach den sórt seo a bhunú. 3-0443-0000 (End of catch-the-eye procedure) 3-0444-0000 Marie Bjerre, President-in-Office of the Council. – Madam President, honourable Members and Commissioner, this debate has shown the importance of strengthening democratic resilience. Many of you have today mentioned the real risk that our democracies face. We hope that these issues will be addressed by the Commission in its upcoming European Democracy Shield, and we are looking forward to the cooperation with Parliament. 3-0445-0000 Michael McGrath, Member of the Commission.”
“A Uachtaráin, Tá an Eoraip ag dul i ngleic le méadú mór bagairtí ó chur isteach eachtrach agus ó fheachtais bhréagaisnéise. Tá muinín inár n-institiúidí Eorpacha faoi ionsaí agus deighiltí á gcothú inár bpobail. Tá an domhan ag crosbhóthar: tá an daonlathas faoi bhrú ollmhór agus baineann réimis uathlathacha ar fud an domhain úsáid as an mbréagaisnéis mar uirlis faobhair fuatha. I Renew Europe, creidimid go bhfuil géarghá le gníomhú agus muid ag dul i ngleic le feachtais shofaisticiúla agus le grúpaí eagraithe atá dírithe ar ionramháil mhí-ionraic eolais is faisnéise. Baineann na feachtais seo leas as leochaileachtaí digiteacha chun an bonn a bhaint den daonlathas san Eoraip. Táimid ag caint faoi mheascán de chibirionsaithe, ionramháil na meán sóisialta agus bréagaisnéis. Conas is féidir troid ar ais?”
“A Chathaoirligh, a Ardionadaí, táim an-bhuartha faoi ionsaithe míleata Iosrael ar an Iaráin agus frith-ionsaithe na hIaráine ar Iosrael. Táim buartha go príomha do na daoine soineanta, na sibhialtaigh. Is sárú ar dhlí daonnúil idirnáisiúnta é sibhialtaigh nó bonneagar sibhialtach a ionsaí d'aon ghnó. Tá dí-ghéaruithe ar an gcoimhlint agus measarthacht riachtanach. Má thagann géarú, tá baol dáiríre ann go leathnóidh sí amach sa réigiún. Caithfimid leanúint ag caitheamh solais ar Gaza, áit a bhfuil radharcanna uafásacha fós le feiceáil. Tá feachtas míleata Netanyahu agus Rialtas Iosrael, chun Gaza a thabhairt faoi smacht iomlán, imithe as cuimse. Tá sé glan in aghaidh an dlí idirnáisiúnta. Ná ligimis do chúrsaí san Iaráin ár n-aird a bhaint den chinedhíothú. Cinedhíothú atá ar siúl in Gaza ag Netanyahu.”
“A Chathaoirligh, a Choimisinéir. Seanscéalta crá croí: Moill ar eitilt, nasceitilt curtha ar ceal, tú fágtha i bponc leat féin. Turas saoire millte nó bainis theaghlaigh caillte. Agus tú ag lorg cúnaimh? Seoltar thú siar is aniar idir an t-aerlíne agus an chuideachta áirithinte ar feadh míonna. Tá sé i gceist ag an athbhreithniú seo stop a chur leis sin. Ní bheidh ort glacadh le pé tairiscint a thagann ón gcomhlacht - moill 24 uair a chloig, nó níos measa fiú, faic. Beidh ar an aerlíne malairt slí a ofráil laistigh de thrí uair a chloig, nó beidh sé de cheart agat do rogha taistil mhalartaigh a chur in áirithe, le haerlínte eile fiú, nó le traein nó meascán den dá rud. Agus ceart ag na cuideachtaí suas le 400% de luach an chéad ticéid a éileamh mar chúiteamh ar na costais thobanna.”
“A Chathaoirligh, a Choimisinéir, má táimid ag iarraidh go mbeadh an t-iompar poiblí mar rogha réalaíoch do dhaoine, caithfidh sé a bheith éifeachtach agus mealltach. Tá gá le córas iompair ar ardchaighdeán, ar chostas réasúnta agus atá inrochtana. Le paisinéirí a thóg an traein idirchathrach maidin inniu ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, chaith siad 2 uair is 39 nóiméad ar an traein, ach, thógfadh sé an méid céanna ama sa charr. Níos luaithe i mbliana, léirigh mé staitisticí a thaispeánann go mbíonn an traein go Baile Átha Cliath mall go minic, mionmhinic. In Eanáir 24, 20 as 26 thuras, bhí an traein déanach. Caithfidh iompar poiblí a bheith níos saoire ná roghanna eile agus in am, ní cuid den am, ach an t-am go léir.”
“Maidir le turasóireacht, le tacaíocht dírithe trí chiste úr Eorpach, d'fhéadfaí borradh, a bhfuil géarghá leis, a chur faoi nuálaíocht timpeall na hEorpa trínár n‑aerfoirt réigiúnda ar nós Waterford Airport. 1-0217-0000”
“A Chathaoirligh, cuireann aerfoirt réigiúnda na hEorpa go mór le nascacht, le hiomaíochas agus le fás eacnamaíoch cothrom i réigiúin na hEorpa. Is údar imní dom, faraor, nach bhfuil ár ndóthain infheistíochta á dhéanamh orthu, mar shampla in iardheisceart na hÉireann, atá lonnaithe i mo thoghcheantar féin, ina bhfuil Aerfort Phort Láirge, Waterford Airport, fágtha leath-dhímhaoin. Is deis iontach ann go n‑úsáidfear Aerfort Phort Láirge chun taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt. Tá an Eoraip go mór chun cúil ar na Stáit Aontaithe maidir le breosla inbhuanaithe a fhorbairt d'eitleáin. Agus níl an scéal ach ina thús i dtaobh teicneolaíochta na ndrón a chabhróidh linn, in oibríochtaí tarrthála, mar shampla.”
“An cinneadh seo ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn maidir le sonraí daoine a bheith curtha lasmuigh den Aontas ag TikTok, cuireann sé i gcuimhne dúinn agus do na fathaigh teicneolaíochta gur rud é muinín a chaithfear a ghnóthú agus go gcaithfimid fíorfhreagracht a chinntiú sa tslí is gur féidir linn nuálaíocht a dhéanamh i slite eiticiúla agus sábháilte. Treise leat, a Choimisinéir. 3-0463-0000”
“A Chathaoirligh, a chairde, tá breis is 700 000 Éireannach ag fanacht ar liostaí feithimh ospidéil. Faoin Treoir Sláinte Trasteorann is féidir leis na hothair sin leas a bhaint as an seans go n‑íocfar as an gcóireáil sin i dtír de chuid an Aontais. Léirigh figiúirí a fuair mé ón HSE in Éirinn go bhfuil laghdú 80 % tagtha ar líon na n‑othar atá ag fiafraí faoi chóireáil thar lear agus laghdú suntasach eile, 55 %, ar líon na n‑othar a fhaigheann aisíocaíochtaí faoin Treoir idir 2018 agus 2023. Dúshlán mór é seo gan amhras. Chaith seirbhísí sláinte na hÉireann €15 mhilliún i 2020 ag aisíoc othar faoin scéim, ach faoi 2023 bhí an figiúr sin titithe go €9 milliúin.”
“Cé go bhfuil an tAontas Eorpach tar éis céimeanna a ghlacadh chun cur chuige níos aontaithe a chruthú leis an Treoir um Dheonú Orgáin, tá i bhfad níos mó le déanamh. Is ceist Eorpach é trasphlandú orgáin. Caithfidh an tAontas Eorpach creat a thógaint a chinnteoidh go mbeidh córas trédhearcach tapa ar fud na mBallstát go léir. Go raibh maith agaibh. 1-0230-0000”
“A Chathaoirligh, gach aon bhliain, cuirtear na mílte Eorpach ar liostaí feitheamh fada d'orgáin riachtanacha. Faoi láthair, tá an Eoraip breac le córais éagsúla agus gach Ballstát i bhfeighil ar a shocruithe trasphlandaithe féin. Tá cláir dheonaithe ag roinnt tíortha atá go maith forbartha, ach tá tíortha eile ann atá ag streachailt chun freastal ar an éileamh. Is minic gur crannchur tíreolaíochta é an mairfidh nó nach mairfidh othar. Níl sé sin inghlactha. Má dhéantar acmhainní agus sonraí a roinnt thar teorainn, d'fhéadfadh an tAontas Eorpach creat roinnte a chur ar bun. Le cleachtas caighdeánaithe agus stór sonraí aontaithe, d'fhéadfaimid an t-am a thógann sé chun orgáin oiriúnacha a aimsiú d'othair a laghdú agus beathaí a shábháil.”
“A Uachtaráin, criptea-airgeadraí. Forbairt mhór teicneolaíochta, gan dabht, le deiseanna dearfacha ar nós córas airgeadais níos ionchuimsithí, idirbhearta trasteorann níos tapúla agus féidearthachtaí réabhlóideacha trí theicneolaíocht bhlocshlabhra. Níor chóir dúinn san Eoraip neamhaird a dhéanamh de chriptea. Ach, ná ligimis orainn go mbeidh sé seo brea éasca. Tá fíordhúshlán ag baint leis na deiseanna seo. Guagacht praghsanna, gníomhaíochtaí mídhleathacha agus easpa cosaintí láidre do thomhaltóirí. Ábhair imní dhlisteanacha iad seo a éilíonn freagairt láidir shoiléir, ach, ag an am céanna, níor cheart dúinn rialú iomarcach a dhéanamh ar bhonn eagla na heagla. Má dhéanaimid nuálaíocht a thachtadh, tá an baol ann go gcaillfimid an borradh díreach céanna a d'fhéadfadh ceannaire domhanda a dhéanamh den Eoraip sa gheilleagar digiteach.”