Conor D McGuinness
Waterford · Sinn Féin · Ireland
“Vincent de Paul, both of whom, to be fair, are stepping up but that is not the way it should be. I have also spoken to principals who are told to stretch their ICT budgets, and, in fact, that is the response I got from the Minister of State’s colleague, the Minister, Deputy Naughton, when I queried this. Those budgets have been cut.”
“Every July and August, families steel themselves for the cost of children going back to school, including uniforms, books, and shoes, and, as the Minister of State well knows, school transport. Now, for thousands of parents, there is another bill waiting on the kitchen table. It is one for hundreds of euro for a digital device.”
“It is simply passing responsibility on to families and calling it policy. A child's education should never depend on his or her parents' ability to buy a digital device, and no student should be disadvantaged because they cannot afford the device his or her school requires.”
“I dtaobh chúrsaí Gaeltachta, ní aontaím leis an Aire in aon chor go bhfuil dearcadh nó aighneachtaí na ndreamanna éagsúla atá ag obair sa spás seo iniata leis an gcáipéis seo. Is léir go ndearna an Roinn agus an bheirt Airí sa Roinn tithíochta neamhaird air sin.”
“Today is a very important day because the State has finally and formally apologised to the survivors of Bill Kenneally's abuse. Those who should have been protected were instead failed in the most profound and devastating way. No apology can undo the harm that was done.”
“It is a recognition of the persistence and bravery of you men who are here in the Distinguished Visitors Gallery and those who are not here today. Those of you who refused to give up in your pursuit of truth and justice, I thank you for what you have done. I thank you for your courage and for your power.”
The complete record
Every one of 843 lines we hold for Conor D McGuinness, in date order, each linked to its source. Free to read, in full, without an account. Page 2 of 17.
“Approval was granted but the goalposts are now being shifted. To say that the school community feels utterly dejected and let down would be a massive understatement.”
“Not only is this making teaching very difficult and not only is it impacting the learning experience of the children attending the school but it is also preventing parents from accessing oideachas trí Ghaelainn dá bpáistí, getting an education through the Irish language for their children. Next to the school is a 155-home housing development that is to come on stream in the next year or year and half. That is much needed in Dungarvan. Demand is only going to increase. In the catchment area, there are two English-language schools but both are landlocked and do not have room to expand. I should also mention that, back when I was a councillor, the Department of education funded Waterford City and County Council to buy a site to build an extension for this school. The site is there. It has been paid for with public funds.”
“The school, which was originally built for 100 pupils, now has 320 and demand is increasing. I should mention that this is a Gaelscoil in Dungarvan. Dungarvan has been recognised as a Gaeltacht service town for a number of years now. Government makes significant investment in promoting the use of Irish as a living community language in the town of Dungarvan. This is the sole Gaelscoil and it is intrinsically important to that project, to the school community, to the children who are educated there and to the promotion of Irish in west Waterford. There is no other Gaelscoil. There is no other option but demand increases. There is a naíonra on site which acts as a feeder for the school. There are waiting lists.”
“This requires daily movement away from the school campus and results in a loss of normal teaching continuity. The children educated off site also lose out on the community they might otherwise enjoy. Another class has been located in the halla for five years. The entirety of the funds to build that halla were raised by the parents and school community. However, for almost all of that five years, it has served as a classroom. That has removed any kind of proper PE and assembly space from the school. The schoolyard is also taken up with two prefabs, which means there is no outdoor paved area for play on those days when it is not lashing rain. Kids are effectively kept in their classrooms. Those in the prefabs are dealing with damp, deteriorating conditions and structural concerns.”
“In November 2024, after many years of delay and a lot of miscommunication and shifting goalposts, the Department issued a formal offer for a nine-room extension made up of four mainstream classrooms, two special education classrooms and three special education tuition rooms. That offer was made in response to an already recognised accommodation crisis in the school. Today, the school has 13 classes but only nine permanent classrooms, meaning the school cannot operate within its own physical capacity. As a result, children are being taught across a fragmented mix of off-site accommodation, prefab buildings and repurposed spaces that were never designed for long-term use. One of the classes is based off-site in a nearby secondary school. That has been the case for three years.”
“Táim chun caint anocht faoi Scoil Gharbháin i nDún Garbháin i gContae Phort Láirge. Tá sága - scéal an-fhada - sa scoil seo i dtaobh síneadh a chur leis an bhfoirgneamh scoile. I raise the situation of Scoil Gharbháin in Dungarvan, County Waterford and the long-running saga the school community, the children, teaching staff, management, board and parents have been dealing with over several years. The Department of education has recently communicated the decision to the school that it is to scale back a long-approved nine-room extension. This decision has caused serious concern in the school community because it cuts across what was previously approved, communicated and planned for and what the school has been working towards in good faith over a number of years.”
“Those aspirations deserve solidarity and support and for those reasons, I support this motion. Israel is not a normal State and it must not be treated as such. Stand up for Palestine, stand up for humanity and stop the game.”
“I support this motion because there are moments when people must choose whether to remain silent or to take a stand. The world has witnessed the devastation inflicted on the Palestinian people by Israel. Tens of thousands have been killed. Homes, schools and hospitals have been destroyed. Children have endured bombardment, hunger, displacement and trauma on a vast scale. Israel is guilty of genocide, war crimes, crimes against humanity and the crime of apartheid. These are not matters that can simply be ignored while business continues as usual. The Palestinian people seek what every people seeks: freedom dignity and peace. They want to raise their children safely, build a future, build homes and communities and play football on their own fields and determine their own future in their own homeland.”
“Táim ag tacú leis an rún seo mar tá dualgas orainn seasamh a ghlacadh nuair a fheicimid éagóir. Tá an domhan tar éis féachaint ar an scrios atá déanta ag Iosrael ar mhuintir na Palaistíne. Tá na mílte fir, mná agus páistí maraithe. Tá pobail leagtha go talamh agus tá páistí ag fás aníos faoi bhuamáil, ocras agus eagla. Tá cúiseamh ann faoi chinedhíothú, coireanna cogaidh agus apartheid. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh mar is gnáth agus na himeachtaí seo ar siúl. Tá rud simplí á lorg ag muintir na Palaistíne; tá siad ag iarraidh a bpáistí a thógáil i síocháin. Tá siad ag iarraidh a gclann agus a dtodhchaí a thógáil agus saoirse, dínit agus a gceart a gcinniúint féin a mhúnlú ina dtír féin. Sin an fáth go bhfuilim ag tacú leis an rún seo.”
“Líne amháin téacs atá ann. Nílimid ag cur ceiste ar an Aire rud éigin tromchúiseach nó deacair a dhéanamh, ach táimid ag tabhairt an deis dó a thaispeáint agus a léiriú an méid a dúirt sé – go bhfuil sé sásta éisteacht agus glacadh lenár moltaí.”
“Ní ghlacaim leis sin i slí amháin. Nóiméad amháin tá an tAire ag rá nach féidir leis na coistí réigiúnacha seo a gcuid gnó a dhéanamh i gceart gan ionchur ó na hoifigigh phleanála teanga, agus aontaím leis sin. An nóiméad eile, áfach, tá an tAire ag rá nach gá dúinn é sin a chur síos sa reachtaíocht. Sin an jab atá á dhéanamh againn faoi láthair. Seo an jab atá os ár gcomhair anois, chun an píosa reachtaíochta seo a chur i gcrích. Táimid ar an taobh seo den Teach ag rá gur cheart go mbeadh cinnteacht ann go mbeadh an ról agus an spás sin do na hoifigigh phleanála teanga daingnithe sa reachtaíocht agus go mbeadh an chathaoir curtha amach dóibh chun a chinntiú go bhfuil siad ag an mbord agus go mbeidh an guth, an t-ionchur, an taithí agus an saineolas atá acu - rud nach bhfuil ag go leor daoine eile - ar na coistí sin. Tá sé an-simplí.”
“Táimid ag rá le dream atá ag obair go dlúth agus go crua chun an Ghaeilge a chur chun cinn, chun na Gaeltachtaí a choimeád slán agus chun dul i ngleic le bánú na Gaeltachta go bhfuil an doras oscailte agus b’fhéidir, trí sheans éigin, go mbeidh siad ar na coistí seo. Aithníonn ár leasú gur cheart go mbeadh siad ann mar cheart agus mar chuid den troscán. Seo teist i ndáiríre maidir le má tá an tAire oscailte do na tuairimí seo agus má tá sé toilteanach glacadh le cuid den aiseolas agus cuid de na héilimh atá ag teacht ó na ceantair Ghaeltachta agus na hoifigigh phleanála teanga chun a chinntiú go bhfuil siad iniata sna comhráite atá ag dul ar aghaidh agus ar na coistí réigiúnacha seo.”
“Is cúis díomá é nach bhfuil an tAire sásta glacadh leis seo. Mar a dúirt mé, sílim go ritheann sé le ciall. Tá réasún ag baint leis an gceist áirithe seo. In an-chuid boird Stát agus an-chuid coistí deonacha agus coistí reachtúla, tuigimid má tá ceisteanna ag teacht aníos le linn cruinnithe coiste nó cruinnithe boird agus má tá coimhlint leasa ann nó faoi baol go mbeadh, gur féidir le daoine seasamh amach. Dá mba rud é go raibh rud éigin le plé ag na coistí réigiúnacha a bhaineann le tuarastal na n-oifigeach pleanála teanga, mar shampla, seans nach mbeadh gá dó a bheith istigh sa chruinniú áirithe sin.”
“Tá sé seo ag teacht ón aiseolas ó na hoifigigh pleanála teanga, ó na comharchumainn áitiúla, ó na heagrais atá ag plé le cúrsaí teanga go laethúil, agus ar ndóigh ó na daoine atá ag déanamh ionadaíochta ar na ceantair Ghaeltachta ar an dtaobh seo den Teach.”
“Freisin, ar ndóigh, bheadh daoine atá ag plé go laethúil leis na dúshláin, na constaicí agus leis na féidearthachtaí agus na tosaíochtaí atá ag an bpobal i dtaobh an Ghaelainn a chur chun cinn ina gceantair éagsúla ag an mbord mar chuid de na comhráití agus mar chuid de na coistí réigiúnacha. Impím ar an Aire glacadh leis an moladh seo. Níl costas i gceist. Nílimid ach ag rá go mbeadh daoine eile le saineolas ag an mbord agus rudaí sna réigiúin á phlé. Ritheann sé le ciall. Mar a dúirt an tAire cheana féin cúpla babhta, tá sé oscailte dár moltaí agus don aiseolas atá ag teacht ó na ceantair Ghaeltachta.”
“Tairgim leasú Uimh. 21: Ar leathanach 13, idir líne 27 agus líne 28, an méid seo a leanas a chur isteach: “(c) Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh ag obair sa limistéar arb ina leith a bhunófar an coiste réigiúnach.”. Tá an leasú seo an-simplí. An sprioc atá againn ná a chinntiú go mbeadh oifigigh pleanála teanga áitiúil i measc na mball ar na coistí réigiúnacha atá luaite sa Bhille. Is é sin le rá go mbeadh na daoine atá fostaithe ag na comharchumainn agus atá faoi stiúir Údarás na Gaeltachta chun pleananna pobalbhunaithe teangeolaíochta agus pleananna teanga a chur i gcrích ar na coistí réigiúnacha chun an saineolas sin agus an taithí atá acu mar shaineolaithe pleanáil teanga a thabhairt chuig na coistí sin.”
“Níl aon duine ag argóint go mbeadh gach freagracht ar an údarás le déileáil leis seo, ach tá freagra ar chuid de na ceisteanna ag an údarás. Tá muid ag iarraidh go mbeidh na cumhachtaí sin aige chun dul i ngleic leis an ngéarchéim seo agus a ról a imirt ina leith.”
“Ag féachaint ar na húdaráis áitiúla, mar a luaigh mé cheana féin, aontaím leis an Aire go bhfuil ról le himirt acu, ach bíonn siad ag déileáil leis an ngéarchéim tithíochta ina limistéir ina iomláine. Mar shampla, bíonn Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag déileáil leis an ngéarchéim tithíochta sa chathair agus i nDún Garbháin, Port Lách agus in áiteanna eile. Bíonn sé freagrach as forbairt tithíochta go ginearálta. Tá taithí agus ról ag Údarás na Gaeltachta chun an Ghaeltacht a choinneáil beo. Nuair a bhí easpa fostaíochta ag cur le bánú na Gaeltachta, bhí an ról sin dírithe ar chúrsaí fiontraíochta agus cruthú post. Is cúrsaí tithíochta atá anois ag cur le bánú na Gaeltachta. Mar sin, caithfidh Údarás na Gaeltachta ról níos lárnaí a bheith aige i dtaobh tithíochta.”
“Dúirt an tAire ansin, “There are other quicker ways to do it”, ach ní fheictear dúinn iad. Níl aon dul chun cinn déanta le linn ré an Aire, le linn ré a pháirtí nó le linn ré a chomhghleacaithe Rialtais, Fine Gael. Tá sé seo ag cur isteach ar na ceantair Ghaeltachta. Tá muid ag iarraidh go mbeadh na cumhachtaí breise seo ag an údarás ionas gur féidir leis ról a imirt i réiteach na géarchéime tithíochta sa Ghaeltacht. Ní dóigh liom go bhfuil aon duine sa Seomra seo ag rá gurb é an t-údarás an t-aon dream a bheidh lárnach i réiteach na faidhbe seo. Tá géarghá le gach údarás agus Roinn Rialtais a bheith ag oibriú as lámha a cheile chun dul i ngleic leis seo.”
“Bhí siad ag rá gur chóir na cumhachtaí sin a thabhairt don údarás. Dúirt an tAire nach bhfuil na freagraí go léir ag an údarás agus aontaím leis. Tá an ceart aige. Tá freagracht ar na húdaráis áitiúla dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta. Tá freagracht ar an Aire, ar a chomhghleacaí, an tAire tithíochta, agus ar an Rialtas dul i ngleic léi. Ní cóir dearmad a dhéanamh air sin. Tá an oiread sin ceisteanna ann mar gheall ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, lena n-áirítear tithíocht inacmhainne, tithíocht sóisialta, cúrsaí bonneagar - leanfaidh mé ar aghaidh nuair nach bhfuil aon duine ag féachaint orm - agus, ar ndóigh, cead pleanála, gur féidir linn dul chuig an údarás i gcomhair cuid de na freagraí. Is é sin an fáth go bhfuil na leasuithe seo á gcur chun cinn.”
“Tá sé go breá a rá go bhfuil sé oscailte dár dtuairimí agus moltaí ach tá leasuithe curtha síos againn ar an gCéim seo agus ar Chéim an Choiste agus níor ghlac sé le hoiread is ceann amháin dóibh. Tá sé go breá a rá go bhfuil sé oscailte ach an léireoidh sé dúinn go bhfuil? Níor ghlac sé le hoiread is ceann amháin dár moltaí, moltaí atá ag teacht ó pholaiteoirí san Fhreasúra. Agus an tAire sa Rialtas, ritheann sé le réasún nach nglacfadh sé le leasuithe ón taobh seo. Tuigim é sin go léir. Ag Céim an Choiste, bhí leasuithe i m'ainm féin, in ainm mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, in ainm an Teachta Quaide agus in ainm Catherine Connolly, a bhí ina Teachta ag an am sin agus atá ina hUachtarán anois. Bhíomar oscailte go raibh an-chuid de na moltaí sin ag teacht ó Chonradh na Gaeilge, BÁNÚ agus Tinteán, daoine a bhfuil saineolas acu.”
“Tá sé ráite agam agus ag roinnt Teachtaí eile anseo cheana féin gurb í an ghéarchéim tithíochta an riosca is mó dár gceantair Ghaeltachta. Tá ár gceantair Ghaeltachta i mbaol de dheasca easpa tithíocht inacmhainne, tithe sóisialta agus cead pleanála do dhaoine gur mhaith leo cur fúthu ina gceantair dhúchais Ghaeltachta. Gan daoine a bheith in ann tithe a thógáil, níl siad in ann clanna a thosú ná a thógáil sna ceantair Ghaeltachta agus caillimid glúin. Nuair atá glúin caillte ag ceantar Gaeltachta, mar atá ag tarlú i mo cheantar féin, Gaeltacht na nDéise, beidh deireadh le ré na Gaeltachta ann. Tá sé seo an-tábhachtach. Tá a fhios agam go dtuigeann an tAire an cheist.”
“Cén fáth nach mbeadh feidhmeanna tithíochta don údarás san áireamh sa phlé ar an mBille seo mar sin? Bheadh sé seo i bhfad níos ábhartha don Bhille ná an dá leasú atá curtha san áireamh sa Bhille le déanaí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus Acht na Gaeltachta. Feictear domsa go bhfuil easpa agus ganntanas sa Bhille seo agus níl an tAire ná an Rialtas seo ag tapú an deis leis an reachtaíocht seo na cumhachtaí sa bhreis a thabhairt don údarás chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta Gaeltachta atá ag cur todhchaí na Gaeltachta i mbaol.”
“Dúirt an tAire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, a bhí mar Aire Stáit na Gaeltachta ag an am, cúpla uair gur mhaith leis go mbeadh breis feidhmeanna ag an údarás. Seo í an deis mar sin na feidhmeanna tithíochta sin a thabhairt don údarás. Tá 13 comharchumann Gaeltachta agus 12 coiste pleanála teanga ag aontú le polasaí tithíochta atá curtha le chéile ag an gconradh atá ag lorg breis feidhmeanna tithíochta don údarás. Chomh maith leo siúd, tá grúpaí pobal eile ag aontú go bhfuil gá feidhmeanna breise tithíochta a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta, le BÁNÚ, an mheitheal náisiúnta pleanála teanga agus grúpaí eile san áireamh. De réir ceannteidil an Bhille, tá an Bille ag plé le cúpla rud eile nach mbaineann go díreach le toghchán Údarás na Gaeltachta.”
“Dúirt an tAire ar Chéim an Choiste faoi na leasuithe a bhí againn ansin, "Níl mé in ann glacadh leis na leasuithe ag an bpointe seo, ach tá mé ag rá go bhfuil muid chun leasuithe a dhéanamh ar an gcéad Chéim eile, Céim na Tuarascála.” Ach ní fheictear na leasuithe sin anois. Níl siad leagtha síos. Níl dul chun cinn déanta agus níl freagra na ceiste faighte againn ó shin. Go sonrach, baineann leasú Uimh. 10 le moladh ó Chonradh na Gaeilge. I bhfocal Conradh na Gaeilge féin, tá éigeandáil tithíochta sa Ghaeltacht agus caithfear feidhmiú go práinneach le dul i ngleic leis. Mura gcuirtear le feidhmeanna an údaráis sa Bhille seo anois le tithíocht a chur san áireamh, tá gach seans nach mbeidh deis eile ann roimh dheireadh thréimhse an Rialtais reatha agus cuirfidh sé seo moill mhór ar chumas an údaráis feidhmiú i gceart ar an ábhar seo.”
“Ar an lá céanna leis an agóid tithíochta don Ghaeltacht taobh amuigh, d’aontaigh Teachtaí Dála d’aon ghuth le rún ó Shinn Féin ag moladh maoiniú d’Údarás na Gaeltachta a ardú go suntasach, mar atá leagtha amach i gcáinaisnéis mhalartach Shinn Féin do 2026, agus na cumhachtaí riachtanacha a chur ar fáil dó chomh maith le toghcháin dhaonlathacha athuair chun deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta soláthar cuí ar thithíocht áitiúil a mhúnlú. Ba é sin toil na Dála seo. Bunaithe ar an gcur chuige sin, tá na leasuithe Uimh. 10, 14, agus 15 in ainm Shinn Féin, agus tacaímid leis na leasuithe eile atá molta ag na Daonlathaithe Shóisialta ar an ábhar céanna.”
“Tairgim leasú Uimh. 10: [ Ar leathanach ][ 13, idir líne 3 agus líne 4, an méid seo a leanas a chur isteach: ] [ “ “(7A) Féadfaidh an tÚdarás leas i maoin agus réadmhaoin a cheannach nó a fháil ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí, nó áiseanna sóisialta nó cultúir a chur ar fáil ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis.”. ] Baineann na leasuithe seo leis an ábhar is práinní sa Ghaeltacht, is é sin, cúrsaí tithíochta, agus muid ag triail ról a chruthú don údarás i dtreo réiteach na faidhbe. Tréaslaím le BÁNÚ, Tinteán, agus Conradh na Gaeilge as labhairt linn anseo sa Dáil agus agóid a eagrú lasmuigh de Theach Laighean cúpla mí ó shin ar an ábhar seo.”
“Bhí an tAire sásta glacadh leis an moladh sin maidir le Tithe an Oireachtais agus Parlaimint na hEorpa ach is cosúil nach bhfuil sé ag glacadh leis an moladh i dtaobh daoine a bheith ina mbaill d’údaráis áitiúla agus d’Údarás na Gaeltachta.”
“Léirigh an tAire nach raibh sé sásta glacadh leis cé gur aithin sé cé chomh gnóthach is atá obair an chomhairleora cheana féin agus gur theastaigh acmhainní breise uathu chun a gcuid oibre ar an údarás áitiúil a dhéanamh, gan trácht ar obair sa bhreis a dhéanamh san údarás seo. Táimid fós den tuairim go dteastaíonn idirdhealú idir an dá ról. Bhí moladh traspháirtí ón choiste Gaeltachta sa ghrinnscrúdú réamhreachtaíochta "nach mbeidh cead ag aon ... [duine] a bheith ina mbaill de Bhord Údarás na Gaeltachta, más Comhalta de Thithe an Oireachtais, de Pharlaimint an Aontais Eorpaigh, de Thionól Thuaisceart Éireann nó d’aon údarás áitiúil ar oileán na hÉireann iad ag an am".”
“I gcás go dtoghfar an duine chun na Dála, chun an tSeanaid, chun Parlaimint na hEorpa nó chun údaráis áitiúil fad is atá sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás, déanfaidh an tAire an liosta cúltaca atá luaite i bhfo-alt (2F) a úsáid chun comhalta nua a roghnú le teacht i gcomharbacht air nó uirthi tráth nach déanaí ná seachtain tar éis a thofa nó a tofa chun an eagrais eile.”.” Mhol Sinn Féin an leasú seo ar Chéim an Choiste go mbeadh cosc ar dhuine a bheith mar chomhairleoir contae agus comhalta ar bhord an údaráis ag an am céanna toisc go bhfuil Sinn Féin i gcoinne double-jobbing agus ag iarraidh go mbeadh comhaltaí tofa an údaráis dírithe go hiomlán ar a bheith ag freastal ar riachtanais na Gaeltachta.”
“Tairgim leasú Uimh. 9: Ar leathanach 11, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh líne 34: “(2G) Ní bheidh sé nó sí intofa más comhalta den Dáil, den Seanad, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil é nó í.”
“Táimid ag iarraidh rud éigin a chruthú anseo leis an mBille agus lenár leasuithe atá éagsúil chun dul i ngleic leis na ceantair éagsúla seo, na ceantair Ghaeltachta, atá ag iarraidh daonlathas a bheith acu arís. Is údarás é seo. Tá údarás ag baint le hÚdarás na Gaeltachta. Tá gá le fís dhifriúil ón Aire agus ón Rialtas mar gheall air seo. Tá díomá orm é a chloisteáil arís agus arís eile go gcaithfear leath-thoghcháin a bheith ann, go gcaithfidh an Rialtas daoine agus an gcathaoirleach a ainmniú agus nach bhfuil sé chun a dhéanamh cinnte go bhfuil cothrom na Féinne ag na ceantair bheaga, na ceantair imeallacha agus na ceantair éagsúla ó thaobh na hionadaíochta de. Tá díomá orm nach bhfuil an Rialtas sásta glacadh leis an leasú seo.”
“Tá muinín againn inár bpobail Ghaeltachta nó níl. Tá muinín againn sna daoine a dtoghfar nó níl an mhuinín sin againn. Caithfidh an Rialtas muinín a léiriú. Má táimid dáiríre mar gheall ar thoghcháin don údarás a thabhairt ar ais, caithfimid a thuiscint go bhfuil saoirse ag an Aire agus ag an Rialtas an rud ceart a dhéanamh. In ionad a rá arís agus arís eile gur bord Stáit é seo, go gcaithfidh na rialacha a bheith daingean agus go gcaithfimid cúlú ón daonlathas chomh fada agus is féidir, bíodh fís ag an Aire. Conas is féidir linn déileáil leis an údarás seo? Tá an-chuid eagrais Stáit ann. Tá struchtúir éagsúla ag an-chuid dóibh. Is comhlachtaí iad cuid dóibh agus is forais tras-Teorainn, institiúidí nó Ranna Stáit iad cinn eile. Tá slite timpeall ar rudaí.”
“Ag an am céanna, dúirt sé go mbeidh sé sásta plé a dhéanamh ar roinnt de na leasuithe a bhí curtha chun cinn againn ar an taobh seo den Teach ag Céim an Choiste, machnamh a dhéanamh orthu agus b'fhéidir cuid dóibh a chur san áireamh. Cá bhfuil siad?”
“Conas is féidir le cathaoirleach atá buíoch den Aire nó d'aon Aire sa todhchaí as a ról a bheith iomlán neamhspleách ón Aire sin? Tá Sinn Féin ag moladh go mbeadh cathaoirleach agus leas-chathaoirleach tofa ag an mbord féin, go mbeadh srianta ann ionas nach mbeadh an bheirt as an gcontae amháin, go mbeadh malartú gach bliain, mar atá déanta ag cathaoirligh in údaráis áitiúla, agus go gcinnteofaí nach i gcontae amháin a bheadh an ról ó bhliain amháin go bliain eile. Le linn an phlé ag Céim an Choiste cúpla mí ó shin, dúirt an tAire freisin go mbeadh sé sásta breathnú ar cháilíochtaí riachtanacha don chathaoirleach a leagan amach ag an gcéad chéim eile. Cá bhfuil na cáilíochtaí sin leagtha síos?”
“Ag Céim an Choiste, dúirt an tAire, an Teachta Calleary, "Tá sé tábhachtach go mbeadh an cathaoirleach agus an t-údarás neamhspleách agus go mbeadh an neamhspleáchas sin ann" agus "Tá sé tábhachtach go mbeadh an t-údarás neamhspleách ón Rialtas agus go mbeadh sé in ann teacht amach le cúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht." Dhiúltaigh an tAire glacadh le cathaoirleach a bheith tofa ag comhaltaí an údaráis féin, áfach. Ba mholadh 7 a tháinig ó ghrinnscrúdú réamhreachtach an chomhchoiste Gaeilge ná "molann an Comhchoiste gur faoi Bhord Údarás na Gaeltachta a bheidh sé an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach a thoghadh." Is moladh ó chomhchoiste tras-pháirtí é sin. Cén fáth go bhfuil an tAire anois ag iarraidh go mbeidh cathaoirleach roghnaithe ag an Aire féin faoin mBille seo?”
“Tairgim leasú Uimh. 7: Ar leathanach 11, líne 19 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina hionad: “(2AA) Ceapfaidh comhaltaí an Údaráis cathaoirleach agus leas-chathaoirleach óna measc féin uair sa bhliain, ag déanamh malartú chun a chinntiú nach mbeidh níos mó ná tréimhse amháin mar chathaoirleach nó mar leas-chathaoirleach le linn téarma amháin ag duine nó daoine a dhéanann ionadaíocht thar ceann an chontae chéanna, agus ag cinntiú gur as contaetha éagsúla iad an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach.”,”.”
“Ba cheart go mbeadh an deis chéanna ag saoránaigh atá ina gcónaí sa Ghaeltacht na daoine atá ag déanamh ionadaíocht orthu a cheapadh gan an tAire a bheith ag ainmniú daoine. Is dócha go bhfuil príomhoifigeach cúnta in Údarás na Gaeltachta - an príomhfheidhmeannach, táim cinnte. Tá sé mar an gcéanna le haon údarás Stát eile. Is féidir le haon údarás Stát – agus déanann siad an-chuid de – comhairleoirí a fháil isteach chun tacú le saineolas. Déanann gach Roinn agus nach mór gach comhlacht agus eagras Stát é sin go rialta. Is féidir é sin a dhéanamh. Mar sin, ní ghlacaim leis an argóint go bhfuil sé seo faoin Aire a bheith in ann cinnte a dhéanamh de go bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí cuí ag na baill boird. Sílim go bhfuil sé faoi chumhacht a choimeád ar an údarás in ionad daonlathas a thabhairt do na pobail Ghaeltachta.”
“Tá ardmheas agam ar an Aire, mar is eol dó, ach ní féidir liom glacadh leis an argóint sin i dtaobh na gceapachán. Más eisean atá mar Aire nó duine a thagann ina dhiaidh mar Aire, conas a mbeadh a fhios againn go mbeadh na scileanna agus na tuiscintí cuí ag an Aire úd sin na daoine cearta a cheapadh? Conas a mbeadh a fhios againn? An freagra ná go bhfuil an tAire freagrach don Teach seo. Conas a mbeadh a fhios againn go mbeadh na scileanna cuí ag na Teachtaí Dála istigh sa Teach? Níl a fhios againn. Má tá cáilíochtaí á leagan síos in ionad toghcháin, táthar ag cur isteach ar an bpróiseas daonlathach. Tá deis ag pobal na hÉireann agus ag gach saoránach sa Stáit seo a vóta a chaitheamh pé slí gur mhian leis nó léi gan treoir ón Aire nó ón Rialtas.”
“Bheadh an Ghaillimh roinnte go tíreolaíoch freisin. Bheadh ceithre shuíochán ag Conamara agus suíochán amháin ag an Eachréidh agus bruach thoir na Gaillimhe. Leis seo, aithnítear go bhfuil gá le scoilt ionas nach mbeadh an iomarca cumhachta ag vótaí na cathrach i gcóras atá in ainm chun guth a thabhairt don phobal teanga atá lonnaithe i gConamara ach tugtar deis don cheantar Gaeltachta soir ó abhainn na Gaillimhe plé a dhéanamh ar cad a theastaíonn uathu freisin. Tá na trí leasuithe an-tábhachtach. Impím ar an Aire glacadh leo mar tá sé seo ag eascairt ón gcomhchoiste agus ón éileamh pobail atá ann sna ceantair Ghaeltachta.”
“Faoinár leasuithe, bheadh ionadaithe cinnte i nGaeltacht Uíbh Ráthach i gCiarraí agus i nGaeltacht Acla i Maigh Eo, mar a bhí pléite agus molta ag an gcoiste. Faoin mBille mar atá sé, ní bheidh dóthain daonra ag na ceantair seo difear a dhéanamh i dtoghcháin atá dírithe ar Ghaeltachtaí Chiarraí thiar agus tuaisceart Mhaigh Eo. Ag an am céanna, tá daonra ag Uíbh Ráthach agus Acaill atá cosúil le daonra Ghaeltachtaí Phort Láirge agus na Mí. Baineann sé sin le cothrom na Féinne a bheith ag na ceantair éagsúla. Nuair atáimid ag caint mar gheall ar chúrsaí Gaeltachta, cultúrtha agus ionadaíochta, táimid ag caint mar gheall ar phobail cois cósta ach go háirithe. Is pobail imeallacha iad a bhfuil cultúr agus aitheantas éagsúil acu fiú laistigh de cheantar Gaeltachta an chontae. Caithfimid glacadh leis sin agus caithfimid an méid sin a thuiscint.”
“Seasann an argóint a dhein mé níos luaithe. Má táimid ag caint mar gheall ar dhaonlathas agus guth na bpobal a bheith cloiste, ba cheart go mbeadh vótáil i gceist chun baill den bhord a roghnú in ionad iad a bheith ainmnithe. Laistigh dár leasuithe, Uimh. 3, 5 agus 22, bheadh ionadaithe cinnte i go leor de na Gaeltachtaí atá róbheag le guth a fháil agus iad caite isteach le ceantair mhór thíre. Níl ach idir 2% agus 4% den daonra Gaeltachta i nGaillimh, Dún na nGall agus Corcaigh lonnaithe ar na hoileáin. Ag an am céanna, tá daonra na n-oileán Gaeltachta níos mó ná daonra na nGaeltachtaí i bPort Láirge agus sa Mhí agus beidh suíocháin ag an dá cheantar sin. Táimid ag iarraidh bunleibhéal a thabhairt do gach ceantar Gaeltachta, ní hamháin sna toghcháin, ionas go mbeidh aitheantas ann.”
“go gcuirfear an tAire córas i bhfeidhm trína dtoghfar baill uile Bhord Údarás na Gaeltachta, seachas córas ina dtoghfar roinnt ball agus ina n-ainmnítear roinnt ball eile Mar sin, tá comhréiteach molta sna leasuithe seo ionas go mbeidh an 16 go léir tofa ag pobail Ghaeltachta le breis suíochán i nGaillimh, i dTír Chonaill, i Maigh Eo agus i gCiarraí. Chinnteodh na leasuithe ionadaíocht ar leith d’Uíbh Ráthach, Acaill agus na hoileáin. Níl costas breise ag baint leis an gcur chuige seo. De bharr na bhfáthanna sin atá léirithe agam, táim ag brú leasuithe Uimh. 3, 5 agus 22.”
“Mar sin rialaíodh as ord é. Ní Sinn Féin amháin a lorg bord iomlán tofa agus ionadaíocht do na ceantair bheaga. Ba iad sin moltaí traspháirtí an choiste Gaeilge sa Dáil dheireanach. Dúirt moladh 1: Molann an Comhchoiste go ndéanfaidh an tAire athbhreithniú ar líon na mball ar Bhord Údarás na Gaeltachta lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht ag gach ceantar Gaeltachta ar leith, na ceantair beaga cosúil le Uíbh Ráthaigh i gContae Chiarraí agus na hoileáin Ghaeltachta ina measc. Molann an Comhchoiste é seo lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht ar Bhord Údarás na Gaeltachta ó gach pobal Gaeltachta, rud atá an-tábhacht ag baint leis i meon na bpobal sin. Ba mholadh 2 ón gcomhchoiste ná: ...”
“Dúirt an tAire nach mbeadh saineolas ar an mbord dá dtoghfaí an bord go hiomlán, ach tá an Dáil seo tofa go hiomlán agus is féidir linn saineolas a fháil chun cabhrú linn. Tá sé mar an gcéanna le comhairlí contae nó comhairlí cathrach. Ní ghlacfadh an Dáil le haon trian de na Teachtaí Dála a bheith roghnaithe ag an Aire. Ní ghlacfaimis leis dá mbeadh aon trian de chomhairle contae nó cathrach tofa nó ainmnithe ag Aire. Ní aon leithscéal é an gá le saineolas ar féidir a choimisiúnú i bhfeidhmeannas an údaráis. Bhí modh níos cuimsithí ag Sinn Féin i gcomhair bord níos mó le guth níos láidre agus níos ionadaíche don phobal na Gaeltachta, leasú Uimh. 4, bunaithe ar pholasaithe cuimsitheacha Shinn Féin ag lorg dínit, dea-chleachtas agus daonlathas don Ghaeltacht, ach dúradh go mbeadh costas i gceist toisc níos mó comhaltaí boird a bheith ann.”
“An sprioc atá ag na leasuithe seo ná le cinntiú go mbeidh an bord iomlán ag Údarás na Gaeltachta tofa agus go mbeidh guth ag na ceantair Ghaeltachta níos lú atá scartha amach ó mhórchuid na Gaeltachta ina gcontaetha féin. Táim ag tagairt ar cheantair Ghaeltachta i gContae na Mí agus i gContae Phort Láirge mar shamplaí. Faoin mBille mar atá, bheadh seisear as 16 comhalta boird roghnaithe ag an Aire, agus ní thoghfaí ach deichniúr go daonlathach. Sa seanchóras ní raibh ach trí cheapachán ón Aire agus 17 tofa ón bpobal. Anois beidh dúbailt ar an líon ceaptha ag an Aire agus laghdú ar an líon tofa. I gcomparáid leis an údarás mar a bhí sular scriosadh na toghcháin, is cosúil go bhfuil power grab i dtreo an Aire ón bpobal le feiceáil. Bhí an t-údarás in ainm is a bheith mar ghuth daonlathach an phobail in áit ghuth an Aire sa Ghaeltacht.”
“This attack on medical and humanitarian facilities is part and parcel of the genocide. This punitive and exterminationist regime has to be called to heel. Ireland must act decisively. Will the Government make time next week to pass the occupied territories Bill, goods and services included?”
“I raise the mobile maternity unit fundraised for by Gaeil ar son Gaza in west Waterford. It is now stuck in Egypt, prevented from entering Gaza by the Israeli occupation forces. I understand Irish diplomats in Egypt are seeking a resolution but will the Minister urgently intervene with Egypt, the UN and all relevant agencies to get this Irish-funded and much-needed mobile maternity unit into Gaza? In the same week that we saw the Global Sumud Flotilla illegally interdicted and humanitarian volunteers including 14 Irish citizens - who have since been released - detained, mistreated and denied proper consular access, it is clear that this is part of a wider pattern. I refer to Israel's genocide in Gaza, its destruction of hospitals, its murder of medics and its attacks on ambulances.”
“I would welcome that engagement. The strength of this initiative is that it is not asking anybody to go where they would not ordinarily go or to go outside their comfort zone. It is meeting people where they are at, where they feel comfortable and where they are turning up anyway. It is not just about isolation among older farmers; it is also about connecting younger farmers and giving people who are still farming but would love to retire a way to find somebody who might take on the enterprise. They can share skills that they have learned throughout their life. It is a critically important initiative. I welcome the Minister of State's engagement. It would be good to discuss this to see how the State and society can support it.”
“I ask the Minister of State about the farmers' yard initiative developed - in this country in any case - by Dr. Shane Conway and Dr. Maura Farrell, and piloted successfully in Mountbellew mart. I met recently with Dr. Shane Conway to discuss the model. It uses marts as trusted social spaces for older farmers, combining peer-to-peer support, information sharing, social contact and discussion around issues such as succession, ageing, isolation and farm life. As we discussed earlier, social isolation, particularly in rural Ireland, is reaching crisis levels, so this is a timely initiative. Is the Minister of State familiar with the initiative and does he see its potential as part of rural regeneration and rural enterprise development?”