← LEADERSHIP TERMINAL

DÁIL ÉIREANN · FORMER

Aengus Ó Snodaigh

Dublin South-Central · Sinn Féin · Ireland

IN THEIR OWN WORDS

In a reply to a parliamentary question on MetroLink in April of this year, the Minister, Deputy O'Brien, again stated his belief that the MetroLink terminus can facilitate any potential future MetroLink expansion to serve the south west, south or south east of Dublin should sufficient demand develop. That demand is already there.

SITTING OF 2026-07-16 · READ THE OFFICIAL REPORT

A millennium and a half later, with Ireland serving as the President of the Council of the European Union, it is the same law we want to see enforced in the era of AI. In the words of the author Scott Turow, in paraphrasing The Atlantic's Alex Reisner, the bold future promised by AI has been "created with stolen words".

SITTING OF 2026-07-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

Tá roinnt samplaí anseo agam. Glacaim leis gur chuir an conradh agus BÁNÚ roinnt samplaí eile chuig an Aire ag léiriú an damáiste a dhéanfaidh sé sin. In ainneoin an méid atá ráite aige, i gceantair áirithe, tá coinníollacha ar leith ann ó thaobh forbróirí atá ag forbairt iliomad tithíochta faoi láthair.

SITTING OF 2026-07-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

Theft is being rewarded and creativity is being punished to the tune of €22 billion globally in music and film, according to the International Confederation of Societies of Authors and Composers. The European directives are no longer fit for purpose because of the exemptions granted to train AI.

SITTING OF 2026-07-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

Cloisim é seo. Chuala mé é thar na blianta ó dhaoine a bhí ag iarraidh go laghdófaí teorainn na Gaeltachta. Bhí siad ag iarraidh díriú isteach ar na ceantair a bhí in ísle brí ó thaobh labhairt na Gaeilge chun iad a chaitheamh amach ón nGaeltacht. Bhí siad ag iarraidh go mbeadh an Ghaeltacht srianta go dtí ceantair ina bhfuil 50% ann.

SITTING OF 2026-07-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

Bhí líne den scoth sa leabhar Ag Caint Linn Fhéin , a scríobh Joe Steve Ó Neachtain, laoch an Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus ealaíontóir ildánach, "Is é an croí atá i gceol na hÉireann a dhéanann náisiún mór den náisiún beag seo ar fud an domhain." Tír gan teanga, tír gan anam. Tír gan ealaín, tír gan chroí.

SITTING OF 2026-07-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

The complete record

Every one of 904 lines we hold for Aengus Ó Snodaigh, in date order, each linked to its source. Free to read, in full, without an account. Page 13 of 19.

  1. Nuair a bhí caint ann, thuig mise i gcónaí nach iad atá nua-earcaithe isteach sa chóras amháin a bhí i gceist ach go mbeadh daoine a fhaigheann ardú céime san áireamh freisin. Caithfimid a dhéanamh cinnte de go sroichfimid an 20% sin. Níl ach cúpla bliain eile fágtha agus ní fheicim go bhfuil muid chun an 20% sin a shroicheadh. Bhí sé dúshlánach ag an tús ach beidh sé níos dúshlánaí fós de thairbhe na faidhbe bunúsaí atá ann maidir le scolaíocht ag an dara leibhéal agus an tríú leibhéal mura bhfuil cur chuige i bhfad Éireann níos dírithe chun go mbeidh níos mó daltaí ag teacht amach ó na meánscoileanna agus iad inniúil ar an nGaeilge. Níl sé sin ann agus ní bheidh sé ann má leanann leibhéal na ndíolúintí ag fás mar atá faoi láthair.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  2. Luaigh an tAire go mbeidh leasú eile ag teacht. Dar ndóigh, déileálfaimid leis nuair a thiocfaidh sé os ár gcomhair. Tagraím don cheann maidir leis an 20% atá le teacht ar Chéim na Tuarascála. Is maith an rud é go bhfuil an Stát ag aithint an tréaniarracht a bhfuil a lán dóibh siúd atá sa Státchóras ag déanamh cheana féin chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Luadh thar na blianta go raibh gá le níos mó infheistíochta chun cuidiú leo siúd atá sa Státchóras cheana féin. Luaigh muid cúpla uair ag an gcoiste gur chóir go mbeadh cuidiú tugtha dóibh atá ag tabhairt faoi dhianchúrsaí. Más gá, ba chóir go mbeidh saoire ón obair acu chun cuidiú le hiad a thógáil go dtí an leibhéal cuí chun go mbeadh siad san áireamh sa 20%.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  3. (b) Déanfaidh an tAire ráiteas a fhoilsiú nach déanaí ná sé mhí tar éis fhoilsiú na tuarascála de réir mhír (a) ag sonrú gach gnímh atá glactha nó atá le glacadh ag an Aire agus ag eagrais stáit chun na moltaí a chur i bhfeidhm.”.”

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  4. Tairgim leasú Uimh. 21: Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach: “ Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht 7 . Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): “(10) (a) Déanfaidh an tÚdarás iniúchadh ar fhadhbanna bonneagair sa Ghaeltacht, le haird ar na córais iompair, uisce, séarachais, fuinnimh, leictreachais, agus cumarsáide, agus an tionchar atá acu ar inmharthanacht sna pobail Gaeltachta, ar sholáthar tithíochta agus ar fhorbairt tionscail, agus déanfaidh sé tuarascáil a fhoilsiú nach déanaí ná sé mhí tar éis an tAcht seo a achtú ina liostófar moltaí ina leith agus ina léireofar an maoiniú a bheadh ag teastáil ó Chiste ar leith faoi chúram an Údaráis chun tabhairt faoi na fadhbanna seo a réiteach agus inmharthanacht na Gaeltachta a chinntiú.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  5. Is féidir ansin a rá go bhfuil nithe áirithe indéanta, go bhfuil gá le hairgead breise chun nithe eile a dhéanamh agus go bhfuil rudaí eile nach bhfuil inbhainte amach ach gur féidir a chur ar aghaidh chuig an bord sláinte nó an Roinn Oideachais le go ndíreodh siadsan orthu. Sin a bhfuil i gceist leis an leasú seo. Is trua nach bhfuil an tAire sásta glacadh leis.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  6. Is rud iomlán difriúil atá i gceist leis na coistí réigiúnacha. Is cuid de ghnáthoibreachas an údaráis a bheidh ann. Beidh na coistí ag déileáil le conas is féidir cinntí atá glactha ag bord an údaráis nó ag an Rialtas a chur i bhfeidhm. Ní hé go mbeidh siad á lorg seo ó thús. Níor chóir go mbeadh eagla ar aon duine roimh a leithéid. Níl ann ach bealach chun na tuairimí atá ag an bpobal a mheas. Mar a dúirt mé, ghlac mé páirt sa choinbhinsiún bunreachtúil agus chonaic muid ar fad na torthaí ó na tionóil shaoránach nó citizens’ assemblies. Níl eagla ar aon duine roimh díospóireacht. Is é sin an méid a bheidh ann, is é sin, díospóireacht agus tuairisc á sheoladh ar ais chuig an Aire, an Dáil nó an t-údarás ag leagan amach na rudaí atá de dhíth.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  7. Tá muid ag iarraidh go dtabharfar seans do ghnáthphobal na Gaeltachta, tar éis don Bhille a bheith rite. B’fhéidir go mbeidh toghchán i lár baill. Glacaim go mbeidh. Glacaim go mbeidh sé cuibheasach tapa. Is díospóireacht a bheidh i gceist maidir leis na feidhmeanna, na róil agus na rudaí ar ghá don údarás tabhairt fúthu. Ina dhiaidh sin, cuirfidh pé Aire atá sa ról sin ag an am - b’fhéidir gur an tAire reatha a bheidh ann – plean le chéile le díriú isteach air seo. B’fhéidir nach mbainfidh roinnt de na hábhair a bheidh ardaithe sna cruinnithe sna chomhthionóil seo leis an údarás in aon chor. B’fhéidir nach mbeidh aon duine ag iarraidh cur leis seachas cancrán amháin ar chúl an tseomra. Sa deireadh thiar thall, is é sin an daonlathas. Bheifí ag tabhairt seans dóibh ceisteanna a ardú agus freagraí a fháil.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  8. Níl an buiséad caipitil le blianta anuas mór go leor le déanamh cinnte de go bhfuil an t-údarás ag cur leis an dtalamh nó an banc talún atá agus a bheidh ag teastáil uaidh. I go leor bailte, deir daoine go bhfuil go leor talaimh ag an údarás, ach tá a lán talaimh imeallaigh nach bhfuil go hiontach aige. Níl a lán acu maith go leor agus níl siad sna háiteanna ina bhfuil siad ag teastáil. Tá áiteanna eile ann. Tá sé go maith go bhfuil an talamh sin acu, áfach. Mar is eagras Stáit é, caithfidh sé fiúntas éigin a fháil as an dtalamh, in áit é a choinneáil ar mhaithe lena choinneáil. Caithfidh talamh a bheith ag an údarás chun cur leis na haidhmeanna atá aige atá leagtha síos sa reachtaíocht. Sa chás seo, agus tagaim ar ais go dtí an pointe seo, níl muid ag iarraidh cur as don údarás, ná do na húdaráis áitiúla ach oiread.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  9. Dá rachfaí go dtí an chúirt agus dá bhfiafraí cad é ata i gceist leis an bpíosa seo, is an leagan Gaeilge a bheadh i gceist. Deir sé sa leagan Béarla that it is “to maintain buildings, markets, premises or plant”. Nuair a fheiceann tú ar an bhfoclóir, tá tithe i gceist leis an bhfocal “áitribh”. Is ionann é agus habitats. Tá gá leis an údarás talamh breise a cheannach, ní hamháin do thithe ach chun tionsclaíocht a mhealladh chomh maith. Beidh an gá sin ann i gcónaí. Nuair a thógann tú rud cosúil le monarcha anseo nó Gteic ansiúd, nó má thógann tú tithe, beidh an gá sin ann, cosúil le haon údarás eile a bhíonn ag déileáil le tithíocht nó foirgneamh a thógáil nó a cheannach.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  10. Tá mé den tuairim – ní aontaíonn gach duine liom – go bhfuil an chumhacht ag an údarás cheana féin chun tithe a thógáil, talamh a cheannach agus talamh a chur ar cíos. Ní gá le reachtaíocht nua mar tá sé leagtha síos. Is é seo an áit a dtagann an Béarla agus an Ghaeilge i bhfeidhm. Nuair atá bunreachtaíocht i gceist, is an Ghaeilge atá níos tábhachtaí. Deir sé in alt 10(7): Chun críocha an ailt seo, beidh de chumhacht ag an Údarás talamh, foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile agus foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógáil, a athrú nó a chothabháil. Tá an focal “áitribh” ann, a chiallaíonn áit ina bhfuil cónaí ar dhaoine. Clúdaíonn sé foirgnimh chomh maith. Níl aon ligean síos nó srian ar an údarás tithe a thógáil.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  11. Níl mé chun mórán moill eile a chur air seo. Go bhfios dom, níl aon duine ag iarraidh baint ó ról an údaráis maidir le tionsclaíocht, fiontar agus mar sin de. Is ról tábhachtach é sin agus tá sé tar éis sé sin a chruthú. Ach, is é sin an ról a bhí ag Gaeltarra Éireann i dtús báire. Nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta, cuireadh leis an ról. Ní gá ach féachaint ar an mbunreachtaíocht. Is í an chéad fheidhm atá ann ná: Déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus cinnteoidh sé gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann. Leanann sé ar aghaidh.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  12. Is é sin an fáth gurb é an bealach is tapúla chun iad seo a cheangal isteach le chéile ná tríd an gcomhthionól atá á lua againn sa leasú seo. Comhthionól saoránach a bheadh i gceist a thabharfadh tuairisc laistigh de 18 mí i ndiaidh achtú na reachtaíochta seo. Ansin bheadh orainn plean a chothú chun déileáil leis sin. Más gá is féidir reachtaíocht bhreise a thabhairt isteach chun na feidhmeanna sin a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta, nó mar a luaigh mé agus mé ag tagairt don bhunalt, treoir Rialtais a cur i bhfeidhm, más gá. Ní gá ach treoir Rialtais a chur i bhfeidhm. Caithfidh an maoiniú teacht le treoir Rialtais. Tá mé fós gafa leis an moladh seo.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  13. Tá rudaí tar éis dul in olcas ó shin, go háirithe maidir le tithíocht. Gan chur chuige, gan chiste ar leith agus gan chur chuige Rialtais chun tacú agus treorú a dhéanamh ar an maoin nó na projects móra gur gá tarlú tríd an gcomhairle áitiúil ag an stad seo, de bharr an easpa muiníne sna comhairlí áitiúla, rachaidh rudaí in olcas ó thaobh infreastruchtúir, séarachais, uisce, bóithre, céanna agus gach rud eile ar an liosta. Tá daoine eile sa Teach seo atá i bhfad Éireann níos cáilithe ná mise chun daoine a threorú air sin. Tagraím do bhuninfreastruchtúr an chomhphobail. Má theiptear siopaí a mhealladh i gceantair áirithe nó má dhúntar siopa an phoist, búistéir nó gruaigeadóir agus an áit á tréigeadh acu, tá fadhb bhunúsach ann.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  14. Is í sin an áit a dtarlaíonn an neamhaird nó an easpa cur chuige maidir le ceantair imeallacha Ghaeltachta le lucht vótála an-bheag nach bhfuil láidir go leor chun tromlach nó tionchar iomlán a bheith acu ar na comhairlí áitiúla. Is é sin an fáth go raibh an frustrachas ann maidir leis an údarás. Níl mise i measc na ndaoine a thug tacaíocht iomlán don choincheap go mbeadh comhairle nó údarás áitiúil ar leith ann bunaithe do na ceantair Ghaeltachta ar fad. Níor shíl mé go mbeadh sé praiticiúil, ach is é sin an léiriú a bhí ann, go raibh frustrachas ann go raibh sé chomh dona ag an stad sin cúpla bliain ó shin, go raibh roinnt ball de Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile ag rá gurbh é sin an t-aon bhealach le cinntiú go mbeadh údarás áitiúil éigin ag díriú isteach air agus ag tabhairt faoi na fadhbanna bunúsacha a aithníodh ansin.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  15. Tá i bhfad Éireann níos mó ná an minimum ag teastáil chun déileáil leis an ngéarchéim atá sna ceantair Ghaeltachta. Tá i bhfad Éireann níos mó cur chuige agus infheistíochta ag teastáil. Ní thiocfaidh sé sin ó na húdaráis áitiúla, mar tá a lán acu i ngéarchéim maoinithe cheana féin agus níl an t-airgead breise acu. Caithfidh na húdaráis áitiúla é sin a roinnt de réir mar a deir na comhairleoirí áitiúla leo. Má tá ceist maidir le bóthar, córas séarachais nó a leithéid, má tá an t-airgead le caitheamh, is ar bhonn daonlathach ag an gcomhairle áitiúil nó de réir tosaíochtaí phríomhfheidhmeannach na comhairle sin a tharlóidh sé.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  16. In ainneoin sin, áfach, tá an ról lárnach ó thaobh oideachais fós leis an Roinn oideachais agus ní cóir go mbeadh sé ciotrúnta ar cad atá á aithint ag an bpobal áitiúil nó ag an údarás áit atá bearnaí i gceist, agus mar an gcéanna le rudaí eile. Déanadh aitheantas nuair a bhí muid ag déileáil leis an Acht pleanála anuraidh go raibh gá le stádas ar leith. Ní dheachaigh an Stát chomh fada is a shíl mise gur chóir dó dul. Ba chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó de ról ag an údarás. Tá ról breise aige. Aithnímid é sin agus tá súil againn gurb é sin ceann de na fáthanna go bhfuil na húdaráis áitiúla ag tabhairt aird ar na fadhbanna pleanála ar deireadh thiar thall. Níl muinín agam go ndéanann na húdaráis áitiúla aon rud ach an minimum faoi láthair.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  17. Tá roinnt acu ag déileáil le cúrsaí timpeallachta, cúrsaí meáin, an comhionannas, cearta daonna nó forbairt inmharthanachta. Fiú na grúpaí sin, tá siad ag déileáil le ceantair imeallacha agus déanann siad déileáil le cúrsaí oideachais. Mar sin seachas an tacaíocht bhreise a thugann Údarás na Gaeltachta do na cúrsaí nó na coláistí samhraidh agus b’fhéidir beagáinín eile ó thaobh cuidiú le daoine atá ag lonnú sa Ghaeltacht teacht ar an teanga féin, níl aon phlé ar, nó ní cuid de bhunról an údaráis faoi láthair é, caiteachas maidir le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht. Tá agus beidh níos mó á dhéanamh aige. Tá ról lárnach ag an údarás agus aithníodh sin i bpobal oideachais na Gaeltachta.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  18. Tá sé níos gafa le ceantair Ghaeltachta ná mar atá mise agus mé lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach ní hé sin le rá go bhfuil aineolas orm mar tá na feachtais nó na grúpaí difriúla tar éis roinnt dóibh seo a chur chun tosaigh ag Comhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge thar na blianta agus fiú roimhe sin agus mé ag buaileadh agus ag déileáil le ceist na Gaeilge leis na cianta. Tá mé den tuairim gur gá dúinn díriú isteach air sin. Luaigh mé an taighde a rinneadh roimhe seo maidir le pobal na Sámi. Ní hé Parlaimint na Sámi an t-aon a bhfuil cumhachtaí nó aige nó plé á dhéanamh. In ainneoin nach bhfuil aon eagras eile díreach cosúil le hÚdarás na Gaeltachta, tá eagrais eile ar fud na hEorpa, idir eagrais stáit agus neamhrialtais, a bhfuil róil difriúla acu.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  19. Anois agus muid beagnach 50 bliain níos déanaí, caithfidh an t-údarás nó muidne mar Theachtaí i gcóras daonlathais díriú isteach ar cheisteanna nua agus b’fhéidir roinnt do na seanceisteanna a bhí ann agus ansin tabhairt faoi na fadhbanna sin a leigheas. Leag mé síos roinnt de na fadhbanna a thuig mise ón taobh amuigh. B’fhéidir go bhfuil tuiscint níos fearr ag an Aire. Tá a fhios agam go bhfuil tuiscint níos fearr ag an Teachta McGuinness atá in aice liom.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  20. Cosúil leis na comhdhálacha saoránach eile atá tar éis tarlú, agus bhí ceann ann maidir le drugaí agus coinbhinsiún ar an mBunreacht chomh maith a rinne déileáil le réimse rudaí, an cheist atá anseo, áfach, ná go mbeadh an comhthionól saoránach seo sna ceantair Ghaeltachta agus an jab a bheadh aige ná a fhiosrú cad iad na feidhmeanna breise ar ghá a liostáil nach bhfuil tugtha ag an Rialtas don údarás go dtí seo. In alt 9 sa bhunreachtaíocht, bhí sé i gceist go dtabharfaí na cumhachtaí sin le hordú ón Rialtas. Ní raibh gá go mbeadh reachtaíocht nua ann. Is é sin an bunchoincheap a bhí ann. Bhí aitheantas ann go raibh na fadhbanna seo ann agus gurb é seo an bealach chun tabhairt fúthu.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  21. Na daoine a d’aithin agus a chur an fhadhb sin chun cinn ná an pobal áitiúil, pobal na Gaeltachta, ní an Rialtas ná na húdaráis áitiúla. Ní hiadsan a tháinig chun tosaigh leis na fadhbanna seo. Bhí aitheantas ann go raibh stádas ar leith ag pobal na Gaeltachta. Bhí aitheantas ann gur thuig siad a gceantair. Aithním agus molaim na coistí réigiúnacha agus tá leasú eile agam maidir leo siúd ach beidh siad ag tarlú diaidh ar ndiaidh. Beidh na coistí sin ag déileáil le ceisteanna nuair a dhúntar oifig an phoist má tharlaíonn sé sin. Is é sin an sórt jab atá acu - cosaint a dhéanamh ar rudaí mar seo agus déileáil le cúrsaí ó lá go lá, gach trí mhí nó pé uair a bhíonn na cruinnithe ann.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  22. Nuair a théann tú siar go dtí an reachtaíocht a bhí ann i dtús báire nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta agus an tAcht a ritheadh in 1978, d’aithin iad siúd a chur le chéile é seo. D’aithin siad, toisc feachtas chearta sibhialta na Gaeltachta, go raibh gá le húdarás agus go mbeadh feidhmeanna ar leith aige. In ainneoin nach raibh sé leagtha síos go beacht, luaitear in alt 9 san Acht seo go bhfuil sé mar fheidhm bhreise ag an údarás “chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta, gnéithiúlachta agus geilleagair”. Tiocfaidh mé ar ais go dtí na bunfhadhbanna arís. Sna blianta ina dhiaidh sin, díríodh isteach i dtús báire ar an bhfadhb ba bhunúsaí a bhí ann, is é sin nach raibh fostaíocht ann chun muintir na háite a choimeád sna ceantair sin. Is í sin an fhadhb ba bhunúsaí in 1978 agus 1979.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  23. Tá sé go maith gur cuireadh tús leis na comhráití maidir le tithíocht. Arís, tá súil agam go bhfeicfear na treoirlínte am éigin i mbliana mar tá sé chomh fada sin ó gealladh iad. Tá a fhios agam trí dhéileáil leis an Aire agus leis na hAirí Gaeltachta eile nach bhfuil an locht orthu in a lán slite in ainneoin go gcuireann na hAirí tithíochta an locht orthu toisc an mhoill. Tá fadhbanna maidir le heisceacht a dhéanamh as ceantair Ghaeltachta i gcomparáid le ceantair eile atá ag lorg plean níos cuimsithí maidir le tithíocht ina gceantair féin. Táimid ag déileáil le seoid ar leith anseo áfach agus má chaillimid an tseoid seo, sin é. Ní féidir í a athchruthú. Mar sin, tá cosaint ar leith ag teastáil.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  24. Tá an pobal áitiúil á rá má tharlaíonn rúdaí ar leith - tá an t-eolas acu - beidh sé i bhfad níos éasca orthu clainne a thógáil agus a chinntiú nach mbeidh daoine i gceantair iargúlta nó imeallacha ag bogadh isteach sna cathrachra nó ag tréigeadh na Gaeltachtaí. Bheimis ag mealladh daoine le Gaeilge nó daoine a bhí ag cónaí sna Gaeltachtaí roimhe seo isteach sna ceantair sin, toisc go mbeidh na seirbhísí ar fáil is go bhféadfaí na tithí a thógáil. Bheimis ag fáil tacaíocht ón údarás, ní hamháin ar cheisteanna tionsclaíochta agus fostaíochta, ach ar cheisteanna eile chomh maith. Sin an fáth go bhfuil an moladh seo chomh tábhachtach.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  25. Tá a fhios agam go bhfuil gach uile bóthar tuaithe chomh tábhachtach lena chéile, ach má tá beocht agus todhchaí ár dteanga náisiúnta ceangailte le bóithre tuaithe i gceantair áirithe, atá b'fhéidir níos iargúlta i gcomparáid le ceantair eile, ba chóir go mbeadh stádas níos tábhachtaí acu. Is féidir é sin a dhéanamh trí tacaíocht a thabhairt don údarás ionas gur féidir leis an údarás a ladar a chur isteach sa scéal. Más gá ciste ar leith a chur ar bun le déileáil le ceisteanna uisce, ceisteanna infreastruchtúr nó ceisteanna leictreachais i gceantair áirithe, is é sin an sórt céim breise a ghlacfar leis. Is é an moladh atá agam ná go mbeidh an cheist sin á phlé, á chíoradh agus á chur chun cinn sna ceantair difriúla. Níl cónaí orm sa Ghaeltacht agus mar sin ní bheidh mé ag déileáil leis sin.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  26. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh cás go bhfuil eisceacht i gceist. Tá an cás sin déanta ann féin toisc go bhfuilimid ag déileáil le húdarás ar leith don Ghaeltacht, ach táimid ag iarraidh go mbeidh an údarás sin in ann cásanna eisceachtúla a dhéanamh chun dul i mbun oibre nach bhfuil á déanamh ag na heagrais Stáit eile. Luadh Uisce Éireann mar shampla d'údarás nach bhfuil chun díriú isteach ar chás eisceachtúil a dhéanamh don Ghaeltacht i gcomparáid le ceantair iargúlta eile ina bhfuil an Béarla chun cinn. D'fhéadfainn na bóithre tuaithe a lua mar shampla eile.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  27. Bíonn cead ag an bParlaimint Sámi moltaí a chur chun cinn chuig na húdaráis. Tá stádas i bhfad ar níos láidre ag an bpobal Sámi i gCríoch Lochlannach ná mar atá faoi láthair ag pobal na Gaeltachta. Sin an sórt rud ar chóir dó a bheith níos láidre. Thar na blianta, ní raibh an tacaíocht nó an chosaint céanna ag pobal na Gaeltachta, toisc go raibh siad imeallach sna comhairlí contae agus ó thaobh an Stát de. Nuair a ardaíodh na ceisteanna seo, déanadh neamhaird orthu agus níor tugadh an stádas ceart do na moltaí a bhí ag teacht ón bpobal. Déanadh neamhaird ar an údarás toisc nár aithníodh i súile an mhaorlathais an ról atá aige an tionsclaíocht a chur chun cinn nó an ról lárnach atá aige an teanga dúchais a chosaint sna ceantair ina bhfuil sé bunaithe agus lonnaithe go fóill.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  28. Agus muid ag díriú isteach ar cheist an údaráis, d'iarr mé go díreach Leabharlann an Oireachtais conas mar a chaitear le pobail dá leithéid i dtíortha eile - pobail teangabhunaithe atá imeallach nó nach bhfuil chomh láidir sin. Rinne Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais imscrúdú ar eagrais eile do phobail mionlaigh teanga chun fáil amach an bhfuil difríocht mhór i measc na cúraimí éagsúla atá faoina stiúir. Níl aon eagras díreach mar an gcéanna leis an údarás, ach tá cinn eile gur féidir díriú isteach orthu, mar shampla ceann atá bunaithe i gCríoch Lochlannach le haghaidh an pobal Sámi. Tá dualgas ar leith ar an Stát dul i mbun comhrá leis an bpobal mionlaigh maidir le haon ábhar thábhachtach a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar stádas an phobal sin.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  29. Nuair a moladh na leasuithe seo ag amanna difriúla thar an gcúpla bliain dheireanach agus nuair a dúradh gur cóir go mbeadh an reachtaíocht seo ag déileáil leis, dúradh linn go mbeadh an reachtaíocht seo ag déileáil le ceist thoghchán an údaráis agus go dtiocfadh reachtaíocht eile chun cinn amach anseo. Tá muid ag triail ag déanamh cinnte de, tríd brú a chur, go mbeidh an comhthionóil seo i gceist i ngach uile ceantar. Táimid ag cinntiú go mbeidh an reachtaíocht eile ag teacht. Nuair atá an reachtaíocht seo rite, níl a fhios againn cén uair a bheidh an Roinn nó an Aire ag díriú isteach ar na bearnaí atá aitheanta againn cheana. Dá bhrí sin, táimid ag iarraidh go mbeidh cinnteacht i gceist.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  30. Nuair a foilsíodh an reachtaíocht, ní raibh na cumhachtaí nó na feidhmeanna breise seo soiléir agus níl siad ann. Tá an leasú seo ag triail teacht timpeall ar an block atá orainn maidir le moltaí praiticiúla a chur chun cinn chun cuidiú leis an údarás na feidhmeanna breise seo a comhlíonadh, agus go mbeadh ar an údarás tionól poiblí cosúil le citizens’ assembly a reáchtáil i ngach uile toghcheantar laistigh de bhliain ó achtú an Bhille seo. Táimid ag iarraidh an chumhacht a thabhairt ar ais don phobal áitiúil chun féachaint cad iad na héilimh, fadhbanna agus bearnaí atá ann ó thaobh seirbhísí de agus cad, dá réir, iad na cúraimí breise don údarás, lena fheidhmeanna breise, amach anseo, agus go mbeadh reachtaíocht eile ann díreach ag déileáil le ceist fheidhmeanna an údaráis.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  31. Rinne Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge 20 moladh ina ghrinnscrúdú ar an reachtaíocht seo. I dtús báire, mhol an comhchoiste “gur cheart don Aire go ndéanfar cinnte de go mbeidh na feidhmeanna cuí ag Údarás na Gaeltachta ionas gur féidir leis tabhairt faoina chuid oibre go héifeachtach.” Síleann Sinn Féin nach féidir leis an údarás tabhairt faoin obair ar fad atá aige gan tacaíocht bhreise. Cad iad na feidhmeanna sin? Níl sé de chead againn na feidhmeanna a liostáil, mar a luaithe is a chuirfimis liosta le chéile de na feidhmeanna gur chóir go mbeadh ag an údarás, rialófaí na leasuithe sin as ord de bharr go gcuirfí muirear ar ioncam an Stáit nó an phobail. Sin an fáth go bhfuil orainn teacht timpeall air. Rinne an comhchoiste an moladh sin.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  32. Tríd an bhfeachtas Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, d’éirigh leo roinnt de na cearta a bhí ag dul dóibh a bhaint amach. Tharla maolú ar an imirce as na ceantair sin toisc go raibh poist iontu agus toisc go raibh seans go mbeadh daoine in ann maireachtáil iontu. Tá sé athraithe go hiomlán arís an uair seo, agus ní de bharr easpa post. B’fhéidir go bhfuil roinnt de sin i gceist, ach don chuid is mó, is leis an easpa infreastruchtúir, seirbhísí agus tithíochta ach go háirithe a bhaineann fadhbanna na Gaeltachta anois. Sin an fáth go bhfuilimid ag lorg go mbeimis ag díriú ar fheidhmeanna níos leithne a thabhairt don údarás chun a chinntiú go mbeidh an t-údarás in ann bheith lárnach sna hathruithe is gá dó a ghlacadh chun cuidiú leis an bpobal a bhfuil sé in ainm is a bheith ag freastal air.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  33. Molaim an cur chuige atá tar éis a bheith aige, ní hamháin ó thaobh tionsclaíocht agus fostaíocht a mhealladh chuig ceantair Ghaeltachta ach a chinntiú, tríd an bhfostaíocht sin a mhealladh, go bhfuil bunús níos láidre sna ceantair sin chun a chinntiú go mbeadh an pobal in ann maireachtáil. Tá a fhios againn ar fad - labhraíomar faoi cheana agus b’fhéidir go labhróimid faoi arís níos déanaí - faoin bhfadhb bhunúsach atá ann anois maidir le cinntiú go bhfanfaidh an pobal sna ceantair seo agus nach mbeidh bánú ag tarlú mar a bhí roimhe seo. Thréig a lán daoine na ceantair Ghaeltachta thar na blianta agus na cianta toisc nach raibh fostaíocht ná seirbhísí ann, de bharr an Ghorta agus toisc go raibh bochtanas i gceist leo. Diaidh ar ndiaidh, tháinig an pobal i réim.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  34. Táimid ag iarraidh go gcinnteofar san alt seo nach ndéanfar dearmad ar an bpobal i gcoitinne agus go mbeadh siad lárnach agus muid ag díriú ar cheist fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Nuair a bhí tús á chur leis an bplé ar an mBille seo ag an stad réamhreachtach - nó fiú roimhe sin, nuair a bhí plé á dhéanamh maidir leis an nGaeltacht agus feidhmeanna an údaráis - bhí trácht ar fheidhmeanna breise a thabhairt don údarás agus tacaíocht a thabhairt dó chun ról níos lárnaí a bheith aige. Tá athruithe tar éis tarlú thar na blianta ón mbunról a bhí ann. Tréaslaím leis an údarás as an obair atá á déanamh aige ag an stad seo leis an gcaiteachas atá leagtha síos dóibh.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  35. Tairgim leasú Uimh. 20: Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht 7 . Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): “(10) Déanfaidh an tÚdarás tionól poiblí a eagrú i ngach ceantar atá sainithe de réir alt 26D nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a achtú chun tuairimí an phobail Gaeltachta a lorg maidir le feidhmeanna Údarás na Gaeltachta a leathnú agus déanfar a gcuid moltaí a chuimsiú i dtuarascáil a bheidh le foilsiú agus le cur faoi bhráid Choiste Gaeilge an Oireachtais nach déanaí ná 18 mí tar éis an tAcht seo a achtú.”.”. Is leasú cuibheasach simplí é seo ar shlí amháin.

    SITTING OF 2025-05-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

  36. Titeann líon na ndaltaí atá fáil oideachais trí Ghaeilge ó 50,000 ag an mbunleibhéal go dtí 17,000 ag an dara leibhéal, agus tá titim níos tubaistí arís go dtí 3,000 ó thaobh mic léinn ag déanamh staidéir ar an nGaeilge nó trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal. Teastaíonn gníomh le hé a dhéanamh níos éasca do mhic léinn ar mhian leo leanúint leis an nGaeilge ag leibhéal na hollscoile, le réimse leathan cúrsaí mealltacha agus an Stát ag obair i dtreo institiúid lán-Ghaeilge nó Gael-ollscoil, leis sin a dhéanamh níos éasca dóibh. Tá taighdeoirí, dlíodóirí, innealtóirí, dochtúirí agus Státseirbhísigh le Gaeilge de dhíth más mian linn seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus má táimid ag tnúth go sroichimid 20% d’earcaithe sa Státseirbhís a bheith inniúil sa Ghaeilge roimh 2030.

    SITTING OF 2025-05-13 · READ THE OFFICIAL REPORT

  37. B’fhéidir nuair atá rudaí mar seo curtha le chéile nach dtuigeann na Teachtaí cé chomh lárnach is atá an Ghaeilge i ngach gné den saol; san oideachas ach go háirithe. Is cothaitheoir eacnamaíoch í chomh maith. Is léir nach dtuigeann an maorlathas an tábhacht sin, ós rud é gur fágadh an t-ardoideachas as an bpolasaí oideachais lán-Ghaeilge, mar shampla. Tá neamhaird chomh dona sin á déanamh uirthi sa chóras gur freagraíodh ceist pharlaiminte de mo chuid le déanaí leis an bhfreagra “Ní choinníonn an Institiúid Oideachais taifead faoi láthair ar líon na mic léinn atá ag staidéar trí mheán na Gaeilge san ardoideachas.” Tá sé sin scannalach. Maidir leis na staitisticí atá ann, is léir nach bhfuil an Rialtas ach ag ligean air i dtaobh na ndaltaí agus na nGaeilge.

    SITTING OF 2025-05-13 · READ THE OFFICIAL REPORT

  38. Go gairid ar an gceist seo, ní díreach na treoirlínte pleanála a bhí geallta dúinn agus do Thithe an Oireachtais ó 2021 ar aghaidh. Tá ceist mhór ann maidir le tithe samhraidh agus Airbnb. I gcomhthéacs na rialacha nua atá ann do Airbnb, ní rialacha nua iad mar ní bhaineann siad leo. Tá sé sin ar cheann de na bunfhadhbanna. Fiú na tithe atá sa Ghaeltacht, níl siad ar fáil do phobal na Gaeltachta. Caithfear déileáil leis sin. Ní gá go ndéanfaidh na treoirlínte pleanála Gaeltachta déileáil leis sin in aon chor. Tá ceist eile ann maidir le ciste infreastruchtúir ar leith do cheantair Ghaeltachta.

    SITTING OF 2025-05-08 · READ THE OFFICIAL REPORT

  39. There is concern out there and the Minister will probably get that when he meets the National Campaign for the Arts. Both his own party's manifesto and that of Fianna Fáil promised to continue it, yet the programme for Government looks to assess it. That assessment is to be done between now and budget day, which is a very tight timeframe. If it falls, potentially at the end of August, that means there will be no basic income for artists until the budget gives effect to a new one or to something else. The concern is this very tight timeframe. In the initial roll-out of the basic income for artists scheme it took many months for new participants to be assessed. If it were to be rolled out again it would create a lacuna at the end of August rather than a continuation, a new round of another 2,000 artists or an extension of it.

    SITTING OF 2025-05-08 · READ THE OFFICIAL REPORT

  40. It would be welcome that there is some type of confirmation of where next for the basic income for artists. It is to end in August, which is strange because it is a month earlier than the full three years, given it did not start until October 2022. The real question is the timeline. These reports are needed before an assessment can be fully made as to whether to continue this or extend it. While these reports are due at some stage between now and, I presume, budget day, can we be assured there will not be a cliff edge where the scheme ends and the funding finishes altogether? If that happens, those on the basic income scheme will see it end within the three years and there will be no additionality for them or income for those who are expecting to go on another scheme.

    SITTING OF 2025-05-08 · READ THE OFFICIAL REPORT

  41. The question relates to the second research report on the basic income for the arts pilot scheme. When will it be completed and when will a decision be made on the continuation or otherwise of the scheme?

    SITTING OF 2025-05-08 · READ THE OFFICIAL REPORT

  42. I am glad the Minister raised the issue of Professor Niamh Brennan. This is not a criticism but she carried out a report and review in the culture of governance in RTÉ and she totally missed that this €4 million write-off had been discussed repeatedly by the RTÉ board in 2023, and that there were issues in that project in 2019. Can the Minister in any way assure us in the reviews she is doing that she will not miss other flaws or gaps in the reports from either RTÉ or the Arts Council? This is to ensure that when all of this is finalised, we are assured that the accounts are fully acceptable, but also that any project floundering - as were both IT projects in both organisations from early on - will be scrapped before the expenditure of huge amounts of taxpayers' money.

    SITTING OF 2025-05-08 · READ THE OFFICIAL REPORT

  43. I will come to this on a different path. This Minister and the Minister for Finance, Deputy Donohoe, have acted as if some of this information about the Arts Council and RTÉ is new. We know that Deputy Donohoe's former Department of public expenditure was aware of the issues relating to the Arts Council as far back as 2013, and Deputy O'Donovan's Department - even though he was not the head of it - was provided with a large volume of correspondence over the lifespan of the project in the Arts Council. It is so large in fact that the Minister has so far not agreed to publish it. That project was tracking red as early as 2021. I know the Minister has looked for other projects that are costing the taxpayer millions of euro. What other agencies are affected at this stage, other than RTÉ and the Arts Council?

    SITTING OF 2025-05-08 · READ THE OFFICIAL REPORT

  44. Bogfaidh muid ar aghaidh go dtí ceist Uimh. 4 atá in ainm an Teachta Rory Hearne. Sula nglaoim ar an Teachta, cuirim fáilte roimh Erin, Caolán agus Aisling. Tá fáilte rompu. Is iad sin páistí an Teachta Hearne. Tá sé ag caint ar a son agus ar son an phobail ar fad.

    SITTING OF 2025-05-01 · READ THE OFFICIAL REPORT

  45. Deputy Barry Ward - To discuss the ban on the use of mid-urethral mesh slings in treatment for urinary incontinence in women. Deputy Michael Cahill - To discuss boat operations to Sceilg Mhicíl. Deputy Rory Hearne - To discuss waiting lists at Beaumont Hospital. Deputy Dessie Ellis - To discuss funding for An Saol Foundation CLG's plan to relocate to a new campus in Ballymun. The matters raised by Deputies Thomas Gould, Louise O'Reilly, Michael Cahill, Rory Hearne and Barry Ward have been selected for discussion.

    SITTING OF 2025-05-01 · READ THE OFFICIAL REPORT

  46. I wish to advise the House of the following matters in respect of which notice has been given under Standing Order 39 and the name of the Member in each case: Deputy Gary Gannon - To discuss the lack of suitable after-school facilities in Dublin 1. Deputy Thomas Gould - To discuss the closure of the tenant in situ scheme in Cork city. Deputy Eoghan Kenny - To discuss proposals to restructure District Court services in district No. 21. Deputy Louise O'Reilly - To discuss the need for primary care services in Fingal West. Deputy Maurice Quinlivan - To discuss organised crime in Limerick city. Deputy Jennifer Whitmore - To discuss the environmental degradation of Lady's Island Lake, County Wexford. Deputy Louis O'Hara - To discuss the Mental Health Commission report, Acute Mental Healthcare in Hospital Emergency Departments in Ireland.

    SITTING OF 2025-05-01 · READ THE OFFICIAL REPORT

  47. The planning objectives 89 and 90 around protecting, conserving and enhancing built heritage, including streetscape vernacular dwellings and other historical buildings and monuments through appropriate, sensitive investment and conservation, are welcome. This should have been interpreted to rule out the disastrous Hammerson plan and envisage the vision outlined in the Moore Street Preservation Trust.

    SITTING OF 2025-04-30 · READ THE OFFICIAL REPORT

  48. When young people in particular are unable to live and work in their Welsh-speaking communities this clearly has an effect on Welsh as a community language and the sustainability of these communities." Ba chóir na pleananna daonra agus tithíochta do limistéir pleanála teanga na Gaeltachta, a gealladh sa chlár Rialtais, a thionscnú, agus na treoirlínte a gealladh dúinn ó 2021 a fhoilsiú gan mhoill. Ó thaobh na healaíona de, of 1,000 people who answered a Sinn Féin arts survey last year, 74% said they were not satisfied with the local arts space. There is nothing in the national planning framework incorporating space for the arts, culture, nightlife, new developments or protecting existing spaces.

    SITTING OF 2025-04-30 · READ THE OFFICIAL REPORT

  49. Níl tagairt ar bith sa chreat seo do riachtanas phobal labhartha agus tíreolaíoch na Gaeltachta a chosaint agus deis a thabhairt don chéad ghlúin Ghaeltachta eile cónaí ann, in ainneoin aighneachtaí cuimsitheacha curtha isteach ag Conradh na Gaeilge. Níl aon rud faoin nasc idir an soláthar tithíochta agus pleanáil teanga sa Ghaeltacht, agus níl tagairt ar bith don fhadhb a chothaítear nuair atá breis is 1,000 teach ar fáil ar Airbnb i gceantar Gaeltachta i gcomparáid le níos lú ná deich dteach ar fáil ar cíos fadtéarmach ar daft.ie, mar a léirigh iniúchadh a rinne TG4. Ba chóir cur chuige Rialtas na Breataine Bige a ghoid, a deir ina phlean go ligeann dlús na dtithe saoire sa phobal teanga "detrimental effect on the vibrancy of the language in these areas.

    SITTING OF 2025-04-30 · READ THE OFFICIAL REPORT

  50. Tá tacaíocht don ainmniúchán seo, Ospidéal Náisiúnta Kathleen Lynn do Leanaí, 70 bliain tar éis a báis, tagtha thar na blianta ó réimse leathan. Shínigh na mílte duine achainí poiblí, ritheadh dhá rún sa Seanad, bhí litir ón Seanadóir Victor Boyhan sa The Irish Times an tseachtain seo caite agus tharla a lán rudaí eile ó na páirtithe uilig. Thug an Taoiseach agus an tAire focail thacaíochta nuair a bhí siad ag freagairt ceisteanna uaim thar na blianta. Tá súil agam go mbeidh siad in ann é seo a rith.

    SITTING OF 2025-04-29 · READ THE OFFICIAL REPORT