Aengus Ó Snodaigh
Dublin South-Central · Sinn Féin · Ireland
“In a reply to a parliamentary question on MetroLink in April of this year, the Minister, Deputy O'Brien, again stated his belief that the MetroLink terminus can facilitate any potential future MetroLink expansion to serve the south west, south or south east of Dublin should sufficient demand develop. That demand is already there.”
“A millennium and a half later, with Ireland serving as the President of the Council of the European Union, it is the same law we want to see enforced in the era of AI. In the words of the author Scott Turow, in paraphrasing The Atlantic's Alex Reisner, the bold future promised by AI has been "created with stolen words".”
“Tá roinnt samplaí anseo agam. Glacaim leis gur chuir an conradh agus BÁNÚ roinnt samplaí eile chuig an Aire ag léiriú an damáiste a dhéanfaidh sé sin. In ainneoin an méid atá ráite aige, i gceantair áirithe, tá coinníollacha ar leith ann ó thaobh forbróirí atá ag forbairt iliomad tithíochta faoi láthair.”
“Theft is being rewarded and creativity is being punished to the tune of €22 billion globally in music and film, according to the International Confederation of Societies of Authors and Composers. The European directives are no longer fit for purpose because of the exemptions granted to train AI.”
“Cloisim é seo. Chuala mé é thar na blianta ó dhaoine a bhí ag iarraidh go laghdófaí teorainn na Gaeltachta. Bhí siad ag iarraidh díriú isteach ar na ceantair a bhí in ísle brí ó thaobh labhairt na Gaeilge chun iad a chaitheamh amach ón nGaeltacht. Bhí siad ag iarraidh go mbeadh an Ghaeltacht srianta go dtí ceantair ina bhfuil 50% ann.”
“Bhí líne den scoth sa leabhar Ag Caint Linn Fhéin , a scríobh Joe Steve Ó Neachtain, laoch an Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus ealaíontóir ildánach, "Is é an croí atá i gceol na hÉireann a dhéanann náisiún mór den náisiún beag seo ar fud an domhain." Tír gan teanga, tír gan anam. Tír gan ealaín, tír gan chroí.”
The complete record
Every one of 904 lines we hold for Aengus Ó Snodaigh, in date order, each linked to its source. Free to read, in full, without an account. Page 16 of 19.
“5 a deir nach mbeidh “feidhm ag fo-alt (2D) maidir le cainteoirí dúchais Gaeilge.” Is é ceann de na rudaí a tháinig trasna nuair a bhí muid á phlé seo sa choiste ná gur shíl roinnt dóibh siúd a bhí ag teacht ó cheantair Ghaeilge, gur cainteoirí dúchasacha iad, go mbeadh siad maslaithe dá mbeadh orthu dul agus test a dhéanamh chun aitheantas a fháil go raibh siad ag an leibhéal B2. Tuigfinn dóibh. Is é sin an fáth go dtacaím leis sin. An fáth gur chuir muid leasú Uimh. 6 chun cinn ná go bhfuil muid cinnte de gur chóir go mbeadh, ar a laghad, B2 liostáilte nó go mbeadh tagairt ann dó ag an leibhéal seo.”
“Is é ceann de na fáthanna go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh sé sa bhunreachtaíocht ná go bhfuil muid ag lorg cinnteachta agus go mbeadh sé soiléir ón tús. Tugann sé sin an t-am dóibh siúd atá ag smaoineamh ar a bheith san iomaíocht mar iarrthóir do thoghchán amach anseo, agus thuigfeadh siad gur sin an caighdeán atá de dhíth. Is é ceann de na fáthanna go bhfuil dhá leasú istigh, leasú Uimh. 5 i m’ainm agus ainmneacha na dTeachtaí McGuinness, Quaide agus Connolly agus leasú Uimh. 6 i m’ainm agus ainm an Teachta McGuinness amháin, ná go bhfuil beagáinín difríochta eatarthu ar eagla nach bhfuil an tAire sásta glacadh leis an sórt caveat atá istigh i leasú Uimh.”
“Tá muid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh chuile dhuine a bheidh san iomaíocht sa toghchán nó a bheidh ainmnithe ag an Aire, mar tá an tAire ag iarraidh daoine a ainmniú anois, in ann é sin a dhéanamh. Bhí aitheantas, mar a dúirt an Teachta McGuinness, tugtha don leibhéal B2 sa chéad dréacht a cuireadh os ár gcomhair, is é sin, an doiciméad a cuireadh os comhair an Chomh-aireachta chomh fada siar le mí Feabhra 2023. Cuireadh na ceannteidil sin os comhair an Rialtais ag an am breis is dhá bhliain ó shín. Sa dréacht sin, bhí aitheantas tugtha go mbeidh sé "de cheangal ar iarrthóirí lena dtoghadh de réir alt 1 (a), sula n-áireofar iad ar an bpáipéar ballóide, a dheimhniú don Aire go bhfuil íoschaighdeán B2 sa Ghaeilge labhartha bainte amach acu ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha". Is é sin an t-aitheantas.”
“Tacaím leis an Teachta McGuinness. BhÍ sé scannalach go raibh daoine ar bhord Údarás na Gaeltachta ag tréimhsí difriúla nach raibh cumas Gaeilge maith go leor acu chun tuiscint a bheith acu ar céard a bhí ag tarlú ag an mbord nó na doiciméid a thuiscint. Luaigh an tAire saineolas ach ní raibh fiú amháin an bunleibhéal acu chun tuiscint cheart a bhaint as na doiciméid a bhí á seoladh ag an údarás. Níl mé ag rá gur chóir go mbeadh tuiscint ag gach duine ag leibhéal saineolais innealtóireachta nó a leithéid agus uaireanta bíonn sé sin deacair ar dhaoine é sin a dhéanamh, nó léarscáileanna nó doiciméid tógála a léamh, ach ba chóir go mbeadh siad in ann buntuarascálacha i nGaeilge a léamh.”
“Ní an CEO atá i gceist anseo ach an cathaoirleach - an féidir leo a bheith ann níos mó ná an dá théarma? B'fhéidir nach bhféadfaí toisc nach bhfuil ach dhá théarma i gceist ach is tréimhse fada í sin do dhuine amháin a bheith i gceannas ar an údarás, is é sin a bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcomhlacht sin. Táim sásta an leasú a tharraingt siar ag an staid seo.”
“Ó thaobh an chathaoirligh de, áfach, caithfidh na cáilíochtaí sin a bheith acu. Ní féidir go mbeadh seans ar bith amach anseo nach mbeadh sé sin acu agus ní fheicim go mbeadh aon Aire ag déanamh cinnidh mar sin. Bheadh sé nó sí ag maslú an údaráis féin dá réir. Smaoineoidh mé ar cad iad na cáilíochtaí breise a bheidh i gceist anuas air sin agus an féidir iad a chur i bhfoclaíocht a chinnteoidh go mbeidh na cáilíochtaí sin ag pé duine a bheidh tofa. Is í an cheist eile ná seo: cé chomh fada is a bheidh duine mar chathaoirleach? An téarma amháin atá i gceist, nó an féidir le duine a bheith ann ar feadh dhá théarma? Tá dhá théarma i gceist ag an Stát maidir le haon duine a bheidh tofa, is é sin deich mbliana san iomlán. Arís, is iad sin roinnt de na rudaí gur chóir go mbeadh anseo. Uaireanta, bíonn rudaí eile i gceist.”
“Tuigim cad atá á lorg ag an Aire. Ní bealach timpeall air é seo ach, mar shampla, rinneamar faoi dhó sa choiste Gaeilge ainmniúchán chuig an Aire, a dhéanann an t-ainmniúchán sa deireadh thiar thall, maidir le bord TG4. Ní i gcónaí a tharlaíonn sé seo. Is é nó í an tAire sa deireadh thiar thall a dhéanann bord a ainmniú ach mar shórt halfway house roimhe sin tá ról ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, PAS, nó ag duine éigin eile chun é sin a dhéanamh. Is é sin a bheadh i gceist, measaim, sna hainmniúcháin. Tuigim cad atá i gceist ag an Aire agus is ceann de na príomhrudaí gur cuma, ar bhealach, gur ainmnithe nó tofa atá siad, ach go gcaithfidh ardchaighdeán Gaeilge a bheith acu. Glacann gach duine leis sin - níl fadhb ar bith leis. Ba chóir go mbeadh sé sin ann, agus beidh muid ag teacht go dtí leasú eile a bheidh ag déileáil leis sin.”
“Tá sé go maith go bhfuil an tAire chun féachaint an féidir linn bogadh ar an gceist seo ionas nach bhfuil sé ceangailte leis an Aire atá ag déanamh an chinnidh; sé sin, ní hamháin go mbeadh na daoine ainmnithe aige nó aici, ach go mbeadh an cathaoirleach ainmnithe chomh maith.”
“Tá ceann amháin íoctha agus tá tuarastal acu. Bíonn siad ann go minic ar feadh 20 nó 30 bliain, b'fhéidir, agus tá sé tábhachtach go bhfuil an leanúnachas sin le feiceáil mar nuair atáthar ag caint faoi bhord tofa, nó fiú amháin i gcás bord ainmnithe, tagann agus imíonn siadsan ag brath ar an saol ach leanann an príomhfheidhmeannach go minic toisc go bhfuil tuarastal aige nó aici agus leanann an corporate memory, an fhoclaíocht a úsáidtear sa lá atá inniu ann. Is é sin an leanúnachas agus an tuiscint atá acu ar na feidhmeanna ar fad atá ann, an tuiscint atá acu ar an gcur chuige gur chóir a bheadh ann agus a bhí ann roimhe seo, nó an bealach a bhí ann.”
“Má tá an tAire chun teacht ar ais chun an sórt aitheantais sin a thabhairt gur chóir go mbeadh siad neamhspleách, b’fhéidir go gcuideoidh sé sin leis an tuairim atá muid ag iarraidh cur trasna sa leasú seo. Tá sé tábhachtach nach bhféachfar ar aon chathaoirleach ar bhord Stáit a thuilleadh mar dhuine i bpóca an Aire. Bhí an tréimhse sin ann sna seachtóidí agus na hochtóidí agus b'fhéidir fiú sna nóchaidí agus táimid ag bogadh ar aghaidh ó shin. Tá dualgas mór ar aon duine atá i gceannas ar bhord Stáit. Tá an ról atá acu difriúil ón ról atá ag an bpríomhoifigeach feidhmeannach atá ag an gcomhlacht, an t-údarás sa chás seo. Tá ról ar leith acu agus feicfimid cé chomh tábhachtach is atá sé nuair a fheicimid ar na róil a bhí ag cathaoirligh boird Stáit agus na róil a bhí ag na príomhfheidhmeannaigh. Ansin feicimid gur róil dhifriúla iad.”
“Gabhaim buíochas leis an Aire. Tá sé go maith a chloisteáil go bhfuil an tAire sásta díriú isteach air. Measaim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil neamhspleáchas éigin le léiriú, pé bealach a dhéanann muid é sin. Tá sé seo difriúil ó na boird Stáit eile, in ainneoin go bhfuil leas-chathaoirleach ar roinnt boird Stáit. Tá leas-chathaoirleach ar bhord Fhoras na Gaeilge, go bhfios dom. Tá a fhios agam gur foras tras-Teorann atá i gceist leis agus b’fhéidir go bhfuil rialacha difriúla aige. Leis na leasuithe seo, tá muid ag déanamh iarracht a dhéanamh cinnte nach ndéanfar dearmad ar cheantair ar leith. Sin an fáth a bhfuil níos mó ná díreach cathaoirleach agus leas-chathaoirleach leagtha síos sa leasú agus go mbeadh tréimhsí gairide go leor agus daoine difriúla i gceist.”
“B’fhéidir gur féidir leis é seo a ghlacadh nó teacht ar ais chugainn le hathruithe a mbeidh an sórt toradh céanna ag baint leo, leis an méid atá ráite agam.”
“B'fhéidir go dtabharfadh sé sin tacaíocht do na ceantair sin nó go mbeadh an t-údarás féin dírithe orthu ar feadh na tréimhse gairid nuair atá duine ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach agus go mbeadh an feidhmeannas agus an bord féin dírithe ar na fadhbanna sa cheantar sin. Ba chóir go mbeadh rud éigin ann nach mbeadh an tAire ag cur a ladar isteach sa scéal seo. Mura bhfuil sé sásta bogadh ar an leasú seo, b’fhéidir gur fiú don tSeirbhís um Cheapacháin Poiblí a bheith gafa leis seo. Caithfidh muid a dhéanamh cinnte go mbeadh na cáilíochtaí cuí acu siúd a bheidh san iomaíocht le go mbeidh siad inniúil ar an nGaeilge ag an leibhéal is airde ó thaobh cainte agus tuisceana, ar a laghad. Tá sé sin luaite sa leasú. B’fhéidir go mbeadh gá dom leasuithe breise a chur ar Chéim na Tuarascála mura bhfuil an tAire sásta féachaint air seo.”
“Is fiú dúinn smaoineamh go bhféadfadh go mbeadh an tAire ag roghnú an seisear agus ag déanamh cinnte gur as an rogha den seisear sin a bheadh an cathaoirleach ag teacht agus nach mbeadh aon duine amach anseo riamh tofa ina chathaoirleach faoi mar atá an cinneadh leagtha síos anseo ag an Aire. Caithfear a chinntiú chomh maith nach ag an gceantar is mó i gcónaí a bheadh an cathaoirleach freisin. Ní hé amháin nár chóir go mbeadh an tAire ag déanamh an rogha seo ach caithfimid cinnte a dhéanamh de go mbeadh an deis ag na ceantair Ghaeltachta beaga nó na ceantair Ghaeltachta is iargúlta a bheith sa chathaoir.”
“Sa chás atá leagtha síos ag an Aire sa reachtaíocht os ár gcomhair, tá sé i gceist go mbeadh seisear tofa ach go mbeadh an cathaoirleach ainmnithe ag an Aire féin. Arís, measaim gur ualach breise é nach cóir a mbeadh ann mar nach bhfuil an neamhspleáchas a ghlactar leis de ghnáth maidir le toghcháin agus an daonlathas ann. Tá sé amhail is nach féidir linn muinín nó trusta a bheith againn sa bhord féin an cinneadh sin a dhéanamh é féin agus an duine is fearr don jab a roghnú. Is ar son bhaill an bhoird sin, ar son na Gaeltachta ina iomláine agus ar son an údaráis, mar sa deireadh thiar thall is comhlacht atá i gceist agus bíonn freagrachtaí ar leith i gceist nuair atá duine ar bhord comhlachta, go mbeadh an cathaoirleach sin tofa, nó tá súil agam go mbeidís tofa.”
“Tá bord Údarás na Gaeltachta in ainm is a bheith ina chuid den phobal Gaeltachta agus bíonn ról lárnach anseo ag cathaoirleach an bhoird ag labhairt thar ceann an bhoird uilig. Níl muid ag tarraingt siar ó shin. Nuair atá na cathaoirligh ag déanamh sin, tá siad in ainm is a bheith ag labhairt chomh maith thar ceann phobal na Gaeltachta ina iomláine. Tá muidne den tuairim gur chóir go mbeadh an cathaoirleach neamhspleách ar an Aire má tá sé chun a bheith ceaptha meon phobal na Gaeltachta a chur chun cinn, fiú nuair nach réitíonn sé le meon Aire an lae. Ceanglaíonn sé seo isteach beagán leis an bplé deireanach a bhí againn maidir leis an gá go mbeadh na comhaltaí ar fad tofa, agus mar sin níl mé chun athdhearbhú a dhéanamh air sin. An fáth a rabhamar ag rá sin ná chun go mbeadh an bord féin neamhspleách ón Aire.”
“Seo moladh 7 sa tsraith sin, áit a molann an comhchoiste don Aire go mbeadh cathaoirleach agus leas-chathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta ós rud é gur limistéir fhairsing scoite thar seacht gcontae í an Ghaeltacht agus ós rud é go bhfuil sé an-dúshlánach ar dhuine amháin maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmeanna uile an bhoird thar an limistéir fairsing scoite sin gan chúnamh. Chomh maith leis sin, molann an comhchoiste faoi bhord Údarás na Gaeltachta go mbeadh an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach á dtoghadh. Tá an leasú seo ag déanamh cinnte de go mbeadh an bord féin ag déanamh na gcinntí maidir leis an gcathaoirleacht agus go mbeadh gá go mbeadh leas-chathaoirleach ainmnithe chun cuidiú a thabhairt don duine a bheadh i gceannas le go mbeidís in ann bogadh timpeall.”
“Tairgim leasú Uimh. 4: Ar leathanach 11, líne 19 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur isteach ina hionad: “ “(2AA) Ceapfaidh comhaltaí an Údaráis cathaoirleach agus leas-chathaoirleach óna measc féin uair sa bhliain, ag déanamh malartú chun a chinntiú nach mbeidh níos mó ná tréimhse amháin mar chathaoirleach nó mar leas-chathaoirleach le linn téarma amháin ag duine nó daoine a dhéanann ionadaíocht thar ceann an chontae chéanna, agus ag cinntiú gur as contaetha éagsúla iad an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach.”,”. Tá an leasú seo bunaithe arís ar na moltaí a bhí ag an gcomhchoiste.”
“Tá leasuithe eile agam níos faide ar aghaidh a chinnteoidh go mbeidh na cruinnithe míosúla poiblí, nuair nach bhfuil siad ag déileáil le hairgeadas nó a leithéid, mar a bhíonn ag na comhairlí contae. Is é sin an tslí lena dhéantar cinnte de nach bhfuil caimiléireacht i gceist, nó nach bhfuil daoine ar an mbord nach bhfuil ag déanamh na hoibre gur chóir go mbeadh á déanamh acu. Sa deireadh thiar thall, bheadh sé níos éasca don Aire dá mbeadh sé nó sí in ann gach duine a roghnú, agus off you go chun an rud a dhéanamh. Sa chás seo, táimid ag iarraidh go mbeadh na daoine tofa. Ansin bheadh ar an mbord obair leis an Aire le cinntiú go bhfuil an méid atá leagtha síos don bhord sin - polasaí an Stáit maidir leis na Gaeltachtaí agus na ceantair Ghaeltachta - á chur i bhfeidhm ag an mbord. Is é sin é. Níl mé chun tuilleadh a rá ar an leasú seo.”
“Ar a laghad anois, nuair atá daoine á gcur ar bhoird Stáit, caithfidh go bhfuil meas acu ar an ábhar nó spéis san ábhar. Is dóigh liom go gcaithfidh go bhfuil an spéis chéanna agus an fhís sin acu má tá siad ag dul san iomaíocht i dtoghchán os comhair an phobail. Aithneoidh an pobal é más rud é gur as a bpócaí féin atá siad ag iarraidh dul ar bhord an údaráis, nó ar mhaithe leis an gceantar. Tá na ceantair beag go leor agus tá aithne ag na pobail seo ar a chéile agus ar gach uile dhuine atá ann. Bheadh siad an-tapa caitheamh anuas ar dhuine, nó a rá leo go bhfuil siad as alt, dá mbeadh siad ag déanamh aon sórt caimiléireachta nó nach raibh siad ag déanamh leas nó fadhbanna a gceantair féin a chur chun cinn.”
“Is é an rud a bhí i gceist leis an leasú seo ná fáil réidh leis an bhforáil atá sa reachtaíocht atá os ár gcomhair go mbeadh an chumhacht ag an Aire, mar is é sin atá i gceist, a mian nó a mhian féin a dhéanamh leis an seisear a bheadh sé nó sí ag roghnú. In ainneoin an mhéid atá ráite ag an Aire, níl sé leagtha síos go mbeidh saineolas acu siúd a bheidh roghnaithe. Tá a fhios againn thar na blianta in áiteanna eile go raibh daoine roghnaithe agus curtha isteach ar bhoird Stáit nach raibh saineolas ar bith acu. Tá an saol athraithe le tamall de bhlianta anuas agus anois cuirtear isteach daoine le saineolas ar leith, nó ar a laghad spéis san ábhar, rud nach raibh ann sna seachtóidí, sna hochtóidí agus fiú amháin isteach sna nóchaidí.”
“Taobh thiar de sin, fiú faoi láthair ar bhord Údarás na Gaeltachta agus roimhe seo, bhí an bhainistíocht - pé duine a bhí i gceannas ag aon am - freagrach don Aire, don Choiste um Chuntais Phoiblí agus, le tamall de bhlianta anuas, don choiste Gaeilge sa Teach seo. Tá trí saghas dreamanna os a chionn. Tá an bord seo freagrach chomh maith don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a bhíonn ag déanamh iniúchadh ar an gcaiteachas agus ar fiú é. Tá a lán rialacha ann nach féidir le daoine a mian féin a dhéanamh leo agus tá siad leagtha amach. Níl mé chun leanúint ar an gceist seo mar measaim nach n-aontóimid air. Tiocfaimid ar ais chuige. Táim den tuairim gur chóir dúinn a chinntiú go mbeidh an bord ina iomlán tofa.”
“Sa deireadh thiar thall, ar a lán bealaí, más comhairlí contae nó comhairlí cathrach atá ann, is ag an mbainistíocht atá an fhreagracht is mó maidir leis an mbuiséad chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil an chuntasaíocht cheart i gceist agus nach féidir leis na comhairleoirí rudaí ar leith a dhéanamh. Is é sin an bealach ceart. Ní gá go mbeadh an tAire ag déanamh a mhacasamhail de sin. Beidh bord á thoghadh a bheidh freagrach as polasaithe agus as treoracha a thabhairt ar nithe ar leith. Beidh sé freagrach lena dhéanamh cinnte de go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn agus fite fuaite i ngach uile ghné sna ceantair sin.”
“Más mian leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí an bhainistíocht sin a tharraingt isteach os comhair an choiste, is féidir leis é sin a dhéanamh. Tá an deis sin ann. In ainneoin go bhfuil an tAire ag rá gur bord Stáit é, ní bord Stáit é sa bhealach céanna ina bhfuil an Chomhairle Ealaíon nó aon cheann de na boird eile mar nach bhfuil siadsan tofa. Táimid ag breith toghchán isteach agus ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, ach tá an tAire ag rá nach féidir é sin a dhéanamh. Ní raibh fadhb bhunúsach ann nuair a bhí an bord tofa ina iomláine. Bhí an bord ann agus fós, cosúil mar atá ag na comhairleoirí, tá reserved functions acu. Tá rudaí áirithe ar féidir leo a dhéanamh agus rudaí eile nach féidir leo a dhéanamh.”
“Nílimid chun aontú air seo, seachas gur bord Stáit é. Is é sin an teideal atá air agus tagann an t-airgead ón Stát. Níl sé go hiomlán cosúil le comhairle contae in ainneoin go raibh roinnt daoine ag iarraidh go mbeadh sé go hiomlán ina chomhairle contae. Bhí feachtas ann ar feadh tréimhse, ach níor aontaigh mé gur cheart go mbeadh a leithéid ann. Tá dualgais bhreise le bheith tugtha don údarás le go mbeadh sé in ann díriú isteach níos mó ar cheisteanna tithíochta. Dúirt an tAire go bhfuil buiséad ar leith de €28 milliún i gceist. Tá buiséad de €1.3 billiún i gceist le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath agus tá na daoine atá tofa freagrach as sin, sa deireadh thiar thall, agus tá an bhainistíocht freagrach as chomh maith.”
“Níl a fhios agam cén tslí a gcaitheann daoine sa Ghaeltacht a vótaí, agus níl a fhios ag aon duine cén bealach a rachaidh an toghchán amach anseo, ach an príomhrud ná go mbeadh toghchán ann agus go mbeadh an deis ag an ngnáthphobal sa cheantar sin an vóta sin a chaitheamh ar an iarrthóir ar mian leo, agus nach ndéarfadh an tAire nach raibh sé sásta leis an toradh sin agus go ndéanfadh sé cinnte de go mbeadh seisear dá rogha féin ar an mbord mar níl aon chosc ar cé a roghnóidh an tAire. D’fhéadfadh an tAire, más as Maigh Eo dó, seisear ó Mhaigh Eo a chur ar an mbord. Ní daonlathas é sin. Tá an daonlathas bunaithe ar chritéir atá leagtha síos, critéir atá ag tabhairt aitheantais do na ceantair bheaga sa chás seo, agus aitheantas don daonra áitiúil chomh maith.”
“Tá sé go hiomlán difriúil, má thagann duine ó cheantar mór láidir Gaeltachta agus sé nó sí in ainm is tacaíocht a thabhairt don cheantar atá i bhfad níos lú agus go bhfuil deacrachtaí ar leith i gceist ann, agus go minic ní aithníonn na hionadaithe é sin. Is deacracht é sin a mbeidh ar an 16 ball déileáil leis. Bhuel, bheadh ar an deichniúr déileáil leis, agus pé seisear a roghnóidh an tAire amach anseo. Ba chóir dúinn glacadh le leasú Uimh. 2 agus roinnt leasuithe eile i ndiaidh sin chun déanamh cinnte de go mbeidh an bord seo tofa agus go bhfuil an t-aitheantas gur rud daonlathach é seo. Ní hé go bhfuilimid ag iarraidh ualach a chur ar dhaoine.”
“Ina dtuairim, ní thoghfar duine ó cheantar Uíbh Ráthaigh chuig an údarás riamh mar níl go leor daoine ag cónaí ann agus toisc go bhfuil an ceantar chomh beag sin i gcomparáid le ceantar Chiarraí ina iomláine, agus gurb as ceantar oirthear Chiarraí cosúil le Corca Dhuibhne a bheadh ball an údaráis ag teacht. Tá an rud ceannann céanna fíor ó thaobh na n-oileán de. Ní thoghfar duine ó Oileán Chléire nó ó na hOileáin Árann. Tá gá díriú isteach orthu siúd. Tugtar aitheantas éigin sa Bhille go mbeidh coiste réigiúnach ann, ach is rud difriúil é sin. Ní thoghfar an duine sin, agus ní bheidh an chumhacht aige nó aici le suí ar an mbord agus ceisteanna a ardú go leanúnach don cheantar as a toghadh é nó í. Ní bheadh an t-aitheantas ar na deacrachtaí agus ar na rudaí praiticiúla atá i gceist.”
“Tháinig siad chuig an gcomhchoiste nó chuir siad aighneachtaí isteach chugainn, agus tá siad ar fad ar fáil ar líne más gá. Is trua nach raibh an tAire dírithe ar na finnéithe mar dúirt an tromlach acu gurb é sin a bhí i gceist acu. Luaigh an Teachta Connolly lucht Uíbh Ráthaigh. Rinne siad aighneacht cuíosach láidir ar dtús báire, agus de thairbhe na haighneachta sin agus aitheantas a thabhairt dóibh, thaisteal an coiste go ceantar Uíbh Ráthaigh chun go bhfeicimid díreach cad a bhí i gceist le ceantar Gaeltachta imeallach mar seo agus na deacrachtaí ar leith atá ann agus go gcloisfear a ghuth. Ba léir san aighneacht sin go díreach cad a bhí á rá acu.”
“Measaim go bhfuil 56 comhairleoir ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus ní bhíonn aon duine ag caitheamh anuas orthu ag rá nach bhfuil an saineolas ar gá dóibh chun an chathair seo a rith acu, mar tá foireann acu faoin mbainisteoir cathrach ansin a bhfuil an saineolas aige. Ní bhíonn gach uile shaineolas fiú ag an bhfoireann agus bíonn orthu an saineolas sin a lorg, bíodh sé ón Roinn nó áit éigin eile. Luaigh an Teachta Connolly an 20 moladh a rinne an comhchoiste. Is doiciméad 30 leathanach a bhí i gceist agus tá liosta ann de na finnéithe ar fad. Nílim chun iad ar fad a léamh, ar eagla go bhfuil daoine ag ceapadh go bhfuil mé chun moill a chur ar an reachtaíocht seo. Tháinig na finnéithe ó gach cearn den tír.”
“D’iarramar ar an tseirbhís cad é an sórt údaráis nó comhairle a bhíonn acu sna ceantair sin agus cad é an chomparáid. An bhfuil 16 ball i gceist? Mar shampla, i gComhairle Náisiúnta Navajo, tá 24 comhairleoir tofa ansin. Tá 35 feisire i bParlaimint na Tioróile Theas. Tá 39 feisire i bParlaimint Sámi na hIorua. Mar sin, déanann na feisirí ionadaíocht ar 40,000 duine, beagnach feisire amháin do gach 1,000 duine. Níl sin i gceist againn. Tá na figiúirí leagtha síos againn sa leasú nár glacadh leis. Tá 30 ball i bParlaimint na nOileán Åland don 30,000 duine atá ag cónaí ansin. Tá samplaí timpeall an domhain maidir leis sin. Luaigh an Teachta Catherine Connolly Comhairle Chontae na Gaillimhe.”
“An oversight is fearr ná an pobal féin agus bheadh toghchán ann gach cúig bliana. Is é sin an oversight. Má tá an bord ag déanamh praiseach de na cuntais nó den chur chuige ar chóir go mbeadh ag an údarás i gceantar, beidh an gnáthphobal, mar glacaim leis go mbeadh na daoine seo ag teacht ón ngnáthphobal sna ceantair seo, an-tapaidh ag rá leo siúd atá tofa. Ní daoine móra le rá, scartha amach, thuas i mBaile Átha Cliath atá i gceist, is daoine áitiúla iad. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag rá gur chóir go mbeimid ag díriú isteach ar na ceantair Ghaeltachta ar fad. Luaigh an Teachta Catherine Connolly Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais. D’iarramar ar an tseirbhís taighde a dhéanamh maidir leis na heagrais fhóram náisiúnta a dhéanann ionadaíocht thar ceann ceantar nó grúpaí mionlacha teangeolaíochta agus eitneacha.”
“Dúirt an tAire nach mbeadh an bord neamhspleách dá gceannófaí saineolas isteach, ach ní bheadh an bord neamhspleách mar go mbeadh sé spleách ar an Aire mar eisean a bheadh tar éis seisear den 16 ball a roghnú. Ní fheicim cad atá i gceist ansin. Ó thaobh na gcuntas de, is cuma cén bord Stáit atá ann - tá sé freagrach don Choiste um Chuntais Phoiblí agus don Aire. Bheadh an smacht ag an Aire gach uile bhliain, mar is eisean an duine atá i gceannas ar an airgead a dháileadh ar an údarás. Má fheictear go bhfuil an t-údarás ag caitheamh airgid amú, is féidir déileáil leis sin. Chomh maith leis sin, tá an t-údarás freagrach don choiste Gaeilge anseo. Tá a lán oversight ag tarlú cheana féin agus is féidir an bord a cheistiú ar na cuntais, an caiteachas agus gach rud eile.”
“Níor chóir a rá go bhfuilimid ag tabhairt ar ais an daonlathas ach go mbeidh smacht ag an Aire fós toisc go mbeidh breis agus 35% de chomhaltaí an bhoird roghnaithe aige. Beidh an smacht sin ag an Aire nó ag pé Aire atá ann amach anseo.”
“Cé hiad na daoine is fearr chun eolas a bheith acu ar cad atá de dhíth sa Ghaeltacht seachas daoine a raibh cónaí ar a muintir i gceantair Ghaeltachta le glúnta agus iad ag streachailt leo bliain i ndiaidh bliana? Ba chóir aitheantas a thabhairt don údarás as an obair atá déanta aige go dtí seo agus é srianta go minic de bharr easpa maoinithe. Nílim ag caitheamh anuas air nó ar an Aire. Measaim go dtuigeann an tAire go díreach cad atá i gceist le díriú isteach ar cheisteanna Gaeltachta níos mó ná roinnt de na hAirí eile. Ba léir é sin agus é féin ar an gcoiste Gaeilge agus Gaeltachta. Guím gach rath ar an obair atá roimhe ach tá an cás seo chomh dáiríre gur gá dó smaoineamh air an athuair. Níor chóir cleas a imirt ar phobal na Gaeltachta.”
“Nuair a d'fhéach an Stát ar an gceist seo tar éis fáil réidh le toghcháin don údarás - rud seafóideach ina iomláine a choigil cúpla pingin shuarach ach a chuir as d'aon daonlathas a bhí i gceist go dtí sin - fuarthas na saineolaithe agus dhírigh BDO isteach air chun tuairim a thabhairt ar an bpróiseas roghnúcháin. Tá an tuairisc sin beagáinín tubaisteach. Níor tuigeadh an t-éileamh ar thoghcháin sna ceantair Ghaeltachta. Thar na blianta, maraon le comhairlí contae agus cathracha, bhí comhairlí baile ann. I dtíortha eile timpeall na hEorpa, tá i bhfad Éireann níos mó daonlathas áitiúil i gceist, síos go dtí na bailte beaga. Bíonn i bhfad Éireann níos mó daoine tofa agus i bhfad Éireann níos mó daonlathais i gceist i gcinntí a dhéantar a mbeadh tionchar acu ar na ceantair féin.”
“B'fhéidir gurb iad na daoine ceannann céanna a chuir a n-ainmneacha chun cinn don chóras roghnúcháin a bheidh san iomaíocht. Is féidir leis an Aire iad a ainmniú cé nár toghadh iad. Tá sé sin mídhaonlathach. Ba chóir go mbeadh gach uile dhuine tofa sa tslí a luaigh muid. Tá an ceart ag an Aire agus orthu siúd a deir gur bhord mór millteach a bheadh ann. Ní mór millteach a bheadh sé cé go mbeadh sé mór. Tá a leithéid ann ina lán ceantar eile timpeall an domhain. Táim ag caint faoi cheantair imeallacha agus ceantair ina labhraítear mionteangacha. Is áiteanna iad sin ina bhfuil gá le guth na bpobal, pobail atá scartha amach óna chéile go minic. Tá Ráth Chairn, An Rinn, iarthar Chiarraí agus Uíbh Ráthach ar fad scartha amach óna chéile. Tá an tAire ag rá go mbeadh saineolaí ag teacht isteach ag rá sé seo, siúd agus uile.”
“Ní féidir a dhéanamh cinnte de go mbeadh saineolas ar gach uile rud a tharlaíonn sa Ghaeltacht ag an mbord. In ainneoin an liosta ar thug an tAire dúinn, ní bheadh innealtóir ar bhord Údarás na Gaeltachta. Bhuel, ní gá go mbeadh. D'fhéadfadh an tAire innealtóir a roghnú. Tagann ceist inscne isteach sa cheist seo ar fad freisin. Níor dhéileáil muid leis sin. Níor tháinig an tAire suas le haon chinneadh maidir le conas is féidir déileáil leis an gcothromas a bhí i gceist agus gur iarradh ar an gcoiste díriú isteach air. Is féidir déileáil le heaspa saineolais sa bhealach inar dhéileáladh léi roimhe seo. Ní gá go mbeadh saineolas ar gach duine i gcónaí. I slí amháin, is sórt masla é dóibh siúd atá ag dul in iomaíocht. Níl a fhios againn cé hiad go fóill.”
“Ceann de na rudaí a dúirt an tAire maidir leis an mbord ná gur bord Stáit é agus go gcaithfimid cinnte a dhéanamh de go bhfuil saineolas ar leith ann. Tá loighic éigin leis sin ach, má fhéachtar ar na comhairlí contae nó bardais a bhí ann fadó, is comhlachtaí le boird iad anois. Is iad na comhairleoirí contae na boird sin. Tá an saineolas ann áfach. Tá CEOanna ann anois. Is é bainisteoir contae nó cathrach an teideal a bhíodh orthu. Ina dhiaidh sin, tá daoine eile ag leibhéil dhifriúla. Anuas air sin, fiú leis an saineolas sin sna comhairlí contae agus i mboird Stáit, nuair a aithnítear ganntanas nó bearna shaineolais, íoctar as. Is é sin an meon atá ann anois. Tugtar isteach daoine leis an saineolas agus cuidíonn siad. In aon bhord Stáit, ní gá go mbeadh cuntasóir ina suí ar an mbord. Íoctar as agus déanann cuntasóir cuntasaíocht.”
“Is féidir linn ar fad caint faoi sin ach níl aon tairbhe le baint as ag an staid seo. Bhí cúpla moladh leagtha síos againn. Is fiú dúinn díriú isteach ar cheann amháin dóibh: "Molann an Comhchoiste go gcuirfear an tAire córas i bhfeidhm trína dtoghfar baill uile Bhord Údarás na Gaeltachta, seachas córas ina dtoghfar roinnt ball agus ina n-ainmnítear roinnt ball eile" mar a bhí leagtha síos sa scéim. Ag an am, bhí deichniúr lena bheith tofa agus seisear lena bheith ainmnithe. Bhí an coiste tar éis díriú isteach air sin. Luafaidh mé ceann de na fáthanna leis seo. I gceantar an Aire féin, Maigh Eo, má ritear é seo, bheadh níos lú daoine tofa chuig bord Údarás na Gaeltachta amach anseo ná mar a bhí roimhe seo.”
“Tá an oiread sin plé le déanamh anseo tá sé deacair díriú isteach ar cén chuid ba chóir dúinn plé a dhéanamh air. Déileálfaidh mé le ceist amháin. Ghabh an Teachta Tóibín a bhuíochas liom as an leasú ach tá an leasú bunaithe ar an tuarascáil a dhein an comhchoiste. Bhí an tAire féin ar an gcomhchoiste sin ar feadh tréimhse. Dhein muid staidéar agus lorg muid aighneachtaí. Bhí orainn é sin a dhéanamh mar tháinig cinnteidil an Bhille seo os ár gcomhair le haghaidh grinnscrúdú réamhreachtach. Is tamall ó shin a tharla é seo, i mí Iúil 2023. Dhein muid faoi dheifir é. Mar a dúirt muid ag an am, ní raibh muid ag iarraidh moill a chur ar an reachtaíocht seo. Bhíomar ag tnúth go mbeadh sé rite ina iomláine agus go mbeadh an toghchán ceangailte leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha. Níor tharla sé sin.”
“Tiocfaidh mé ar ais chuige mar táimid ag déileáil leis i gcoitinne, ach bhí sé sin níos daonlathaí agus dírithe ar na pobail. Ní mise amháin atá á rá seo. Rinneamar déileáil leis seo i gComhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go mion. Bhí cruinnithe againn agus bhí a lán daoine os ár gcomhair ag tabhairt a gcuid tuairimí. Níor aontaigh gach duine lena chéile ach bhí moltaí ann gur chóir go mbeadh muid ag bogadh níos mó i dtreo comhaltaí a bheith tofa seachas a bheith roghnaithe ag Aire.”
“I dtuairim an Aire, b’fhéidir go ndéanann siad an rogha mícheart uaireanta eile ach sa deireadh thiar thall is é sin an daonlathas agus bíonn toghcháin i gceist. Má tá 16 i gceist, is slam mór é sin. Tá an chumhacht i gcónaí – cosúil leis an Seanad i slí amháin – ag an Aire. Ní tromlach atá acu ach is dream mór iad. Sa Seanad, tá 11 duine as 60 roghnaithe ag an Taoiseach. Tá sé seo beagnach ar an scála céanna le beagáinín níos mó. Bheadh breis is 35% dóibh siúd a bheadh ar an mbord seo roghnaithe ag an Aire. Is é sin an fáth sa leasú nach bhfuil glactha leis go raibh muidne ag rá gur chóir go mbeadh méadú. Bhíomar ag rá go mbeadh bord níos mó ná deichniúr ann agus go mbeadh daoine as gach uile chearn den Ghaeltacht. Bhí sé leagtha síos cé mhéad comhalta as gach uile chuid den tír. Mar a dúirt mé tá an leasú as ord.”
“Táim agus ár bpáirtí i gcoinne an sórt ceapacháin seo. Táimid in ainm is a bheith ag dul i dtreo an daonlathais maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus is é an tuairim atá agamsa ná gur chóir go mbeimid ag déanamh cinnte de go mbeadh gach uile bhall de bhord Údarás na Gaeltachta tofa agus ansin go mbeimis ag rá gurb é seo an daonlathas sna ceantair sin mar go mbeadh siad ag déanamh an rogha agus ní mise agus ní an tAire. Níl a fhios agam an bhfuil an tAire ina chónaí sa Ghaeltacht; níl cónaí orm sa Ghaeltacht. Is an gnáthphobal a bheadh ag déanamh an rogha sin díreach mar atá á dhéanamh ag na comhairlí contae timpeall na tíre agus i dTithe an Oireachtais; an pobal a dhéanann an rogha. Cuirfimid muinín sa phobal an rogha ceart a dhéanamh. Uaireanta, déanann siad an rogha mícheart.”
“Tairgim leasú Uimh. 2: Ar leathanach 11, líne 16 a scriosadh. Ní thuigim i gceart an fáth go bhfuil leasú Uimh. 1 as ord. Tuigim ach bíonn an argóint seo agam de shíor. Bíonn sé an-deacair dúinn ar an taobh seo den Teach aon rud a chur chun cinn atá ag iarraidh cuidiú leis an bpobal, nó fiú cuidiú leis an Rialtas sa chás seo, má tá muirear ar ioncam i gceist. Déanann sé seo deacair dúinn. Sa chás seo táimid nó bhíomar ag iarraidh a dhéanamh cinnte de go raibh ionadaithe ó thoghcháin i gceantair bhreise i gceist agus tiocfaidh mé ar ais chuige sin arís. Is é sin leasú Uimh. 1 agus táimid ag déileáil leis an alt i gcoitinne. Sa chás seo, táimid ag plé le leasú Uimh. 2 agus is é an rud atá i gceist anseo ná go scriosfaimid an méid atá ar leathanach 11, áit a deir sé go mbeadh sé chomhalta á gceapadh ag an Aire.”
“Níl leasú curtha síos agam mar nílim ag rá go bhfuil mé ina choinne. Nílim ach ag iarraidh ceist a chur ar an bhfáth go bhfuil sé chomh hoscailte sin. B'fhéidir gur gnáthfhoráil é ach ní cuimhin liomsa é a bheith chomh hoscailte sin i reachtaíocht eile. Más é seo an gnáthchleachtas, bheinn ag cur leasú amach anseo ag rá má tá rialachán dá leithéid á dhéanamh gur chóir go mbeadh an rialachán seo ag teacht os comhair an choiste agus an tAire ag teacht chun míniú a thabhairt ar an bhfáth go bhfuil sé ann mar go bhfuilimid ag bogadh sa treo nach bhfuil rialacháin díreacha á ndéanamh ag an Aire ar aon rud seachas mionrudaí ar gá dó nó di a dhéanamh. Má táimid ag déanamh rialachán, ba chóir go mbeimid in ann déileáil leo istigh anseo nó sa choiste.”
“Tá mé ag lorg soiléirithe maidir leis an bhfáth go bhfuil sé chomh hoscailte seo nó an bhfuil sampla ann ar céard atá i gceist sna cumhachtaí nó sna forálacha breise seo nó an bhféadfadh an tAire tabhairt faoi seo.”
“Táimid ag déileáil le halt 4 agus an chuid a deir go leasaítear an príomh-Acht leis an alt seo a chur isteach. Is alt 5A(2)(b) atá i gceist agam. Tá sé beagáinín níos casta ná an ghnáthfhoráil a bheadh ann ag an staid seo. Níl a fhios agam ach tuigim, uaireanta, go mbíonn nithe breise de dhíth ar an Aire nach bhfuil clúdaithe sna rialacháin ach tá sé seo ag dul chun tosaigh ar na rialacháin i mo thuairim féin agus níl aon oversight ag an gcoiste nó ag an Dáil ar na rialacháin atá anseo mar níl sé leagtha síos.”
“Ní fheicim gur gnáthchleachtadh é a bheith chomh oscailte leis seo. Tuigim anois is arís go mbíonn gá le treoracha eile nó go mbíonn cead ag an Aire rialacháin a dhéanamh agus a chur faoi bhráid na Comh-aireachta agus níl aon rud anseo ag rá go bhfuil aon cheann de na cinntí seo a bheith gafa leis na cinntí a bheadh anseo, is é sin go mbeadh an tAire ag teacht os comhair na Dála nó coiste le haon fhoráil bhreise a bheadh i gceist. Tá an tAire ag bronnadh na gcumhachtaí seo air nó uirthi féin. An féidir leis an Aire míniú nó soiléiriú a thabhairt dúinn agus ansin go mbeimis in ann bogadh ar aghaidh ón alt seo mar go bhfuil sé tábhachtach? Toisc go bhfuilimid ag déileáil chomh maith-----”
“Maidir le halt 4, ní hé nach n-aontaím leis ach is é go bhfuilim ag lorg soiléirithe. Tá cumhachtaí cuibheasach as cuimse, de réir cosúlachta, á mbronnadh ag an Aire air féin anseo. Nuair a théitear ag líne 27, luaitear in alt 5A(2)(b): “féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith iontu nó ann is dealraitheach don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán nó an ordaithe.” Níl a fhios agam an fáth go bhfuil an cheist seo chomh hoscailte is atá sé leagtha síos anseo. Má tá cumhachtaí breise agus má aithnímid ag an staid seo go bhfuil cumhachtaí breise de dhíth ar an Aire maidir le hÚdarás na Gaeltachta, ba chóir go mbeadh siad sainordaithe nó sonraithe ag léiriú cad go díreach atá i gceist leo mar níl a fhios agamsa cad iad an sórt forálacha atá i gceist anseo.”