Aengus Ó Snodaigh
Dublin South-Central · Sinn Féin · Ireland
“In a reply to a parliamentary question on MetroLink in April of this year, the Minister, Deputy O'Brien, again stated his belief that the MetroLink terminus can facilitate any potential future MetroLink expansion to serve the south west, south or south east of Dublin should sufficient demand develop. That demand is already there.”
“A millennium and a half later, with Ireland serving as the President of the Council of the European Union, it is the same law we want to see enforced in the era of AI. In the words of the author Scott Turow, in paraphrasing The Atlantic's Alex Reisner, the bold future promised by AI has been "created with stolen words".”
“Tá roinnt samplaí anseo agam. Glacaim leis gur chuir an conradh agus BÁNÚ roinnt samplaí eile chuig an Aire ag léiriú an damáiste a dhéanfaidh sé sin. In ainneoin an méid atá ráite aige, i gceantair áirithe, tá coinníollacha ar leith ann ó thaobh forbróirí atá ag forbairt iliomad tithíochta faoi láthair.”
“Theft is being rewarded and creativity is being punished to the tune of €22 billion globally in music and film, according to the International Confederation of Societies of Authors and Composers. The European directives are no longer fit for purpose because of the exemptions granted to train AI.”
“Cloisim é seo. Chuala mé é thar na blianta ó dhaoine a bhí ag iarraidh go laghdófaí teorainn na Gaeltachta. Bhí siad ag iarraidh díriú isteach ar na ceantair a bhí in ísle brí ó thaobh labhairt na Gaeilge chun iad a chaitheamh amach ón nGaeltacht. Bhí siad ag iarraidh go mbeadh an Ghaeltacht srianta go dtí ceantair ina bhfuil 50% ann.”
“Bhí líne den scoth sa leabhar Ag Caint Linn Fhéin , a scríobh Joe Steve Ó Neachtain, laoch an Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus ealaíontóir ildánach, "Is é an croí atá i gceol na hÉireann a dhéanann náisiún mór den náisiún beag seo ar fud an domhain." Tír gan teanga, tír gan anam. Tír gan ealaín, tír gan chroí.”
The complete record
Every one of 904 lines we hold for Aengus Ó Snodaigh, in date order, each linked to its source. Free to read, in full, without an account. Page 4 of 19.
“Tá siad ag ligean orthu go bhfuil cead acu dul timpeall an domhain ag léiriú gurb iadsan fórsa póilíneachta an domhain. Chonaic muid é seo cheana féin sa tslí inar chaith Meiriceá le Veiniséala. An é Cúba an chéad náisiún eile a bheidh faoi ionsaí ag Meiriceá? Chonaic muid cheana féin Stáit Aontaithe Mheiriceá ag teannadh a smachtbhannaí ar Chúba agus é ag triail leis an tír sin a thachtadh mar atá déanta ag Iosrael leis an bPalaistín. Tá sé tábhachtach go seasaimid go soiléir leis an nguth sin agus leis na Náisiúin Aontaithe. Tá sé tábhachtach seasamh leo siúd atá faoi ionsaí iomlán ag gach uile shórt diúracáin ó Mheiriceá agus ó Iosrael.”
“Tá na hionsaithe ar an réigiún sin a chonaic muid an tseachtain seo mar an gcéanna leo siúd a chonaic muid ar Gaza agus ar an bPalaistín le blianta beaga anuas. Inniu, tá bagairtí agus ionsaithe á ndéanamh ag Iosrael ar an Liobáin agus ar an Iaráin. Tá siad seo go huile agus go hiomlán mídhleathach agus ba chóir go mbeadh an Rialtas seo á gcáineadh. Seachas a bheith ag rá nár chóir gur tharla sé seo, ba chóir don Rialtas cáineadh iomlán a dhéanamh ar an Uachtarán Trump agus ar an bPríomh-Aire Netanyahu. Níl a fhios agam cé acu an máistir agus cé acu an puipéad. B'fhéidir go bhfuil an bheirt acu ag treorú a chéile. Tá an bheirt acu go huile agus go hiomlán ciontach as cinedhíothú sa Phalaistín agus anois tá siad ag triail leis an rud ceannann céanna a dhéanamh i ndeisceart na Liobáine agus san Iaráin.”
“Toisc nach bhfuil muid ag seasamh leis na Náisiúin Aontaithe, nach bhfuil muid ag cáineadh cad atá ar siúl san Iaráin agus nach ndéanaimid go leor ó thaobh na Palaistíne, táimid anois ceangailte leo siúd atá ag déanamh ísliú ar chumhachtaí agus seasamh na Náisiún Aontaithe timpeall an domhain. Gan an chumhacht sin agus gan an sórt conartha sin go mbeidh an meas céanna ag daoine ar na Náisiúin Aontaithe, tá deireadh leis na rialacha idirnáisiúnta a chinntigh go dtí seo nach raibh coimhlintí ar an leibhéal atá á fheiscint againn le déanaí. Feicimid anois Rialtais Mheiriceá agus Iosrael ag déanamh ionsaí i ndiaidh ionsaithe gan aon seasamh idirnáisiúnta leo. Tá siad ag briseadh na rialacha atá leagtha síos. Tá ionsaithe Iosrael ar an bPalaistín mídhleathach, ionsaithe a dhéantar le cabhair Mheiriceá i gcónaí.”
“Tá sé ríthábhachtach go bhfuil an díospóireacht seo againn an tseachtain seo. Ba chóir go mbeadh muid ag caint ar cheisteanna idirnáisiúnta i bhfad Éireann níos minice toisc gur tír bheag imeallach ó thaobh na hEorpa muid ach go bhfuil ceangail againn timpeall an domhain. Féachann a lán daoine - nó d'fhéachadar go dtí le déanaí - ar Éirinn mar ghuth calma síochánta a bhfuil meas ag a lán den domhan uirthi. Is trua go bhfuil an meas sin ag dul in éag toisc na gcinntí ar ghlac an Rialtas seo agus roinnt rialtas eile le déanaí taobhú le Meiriceá nó gan seasamh leis na Náisiúin Aontaithe. Is ceann de na bunfhadhbanna atá ann é seo.”
“Beidh dualgas freisin ar rialaitheoirí na gcomhlachtaí príobháideacha san airgeadas, san fhóntas, sa chumarsáid agus san aerthaisteal ach go háirithe ó 2030 a chinntiú go mbeidh deis ag custaiméirí agus úsáideoirí na seirbhísí a n-ainmneacha agus a seoltaí a thaifead i nGaeilge, nó bheidh pionós le gearradh ar na comhlachtaí nach ndéanfadh amhlaidh. Anuas air sin, beidh dualgas ar an gconradh don chóras Eircode amach anseo cloí le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, maidir le logainmneacha Gaeltachta a bheith i nGaeilge amháin, agus gan Béarlú a dhéanamh ar sheoladh nó sonraí an duine, rud atá tar éis fearg an phobail agus gearán chuig an gCoimisinéir Teanga a spreagadh le blianta anuas. Molaim an Bille seo.”
“Ar bhealach, tá an leithcheal fós le feiceáil ón Stát agus ó chomhlachtaí móra a chuireann iachall ar dhaoine a n-ainmneacha a Bhéarlú nó a mheasrú ón mbrí ársa Ghaelach atá ag baint leo. Cuirfidh an Bille seo an éagóir sin ar ceal. Déanann an Bille seo cearta an duine maidir lena ainm a dheimhniú, mar atá aitheanta i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, tríd soiléiriú go bhfuil sé de cheart ag duine a shonraí a fháil ceartaithe de réir GDPR, ainmneacha agus seoltaí Gaelacha an duine le síntí fada, mar ba léir ón gcás a ghlac Ciarán Ó Cofaigh, agus é ag lorg go gceartófar taifead ar a ainm agus é faoi chúram in ospidéal na Gaillimhe. Ghlac sé an cás sin in 2019.”
“An cheist atá ag déanamh tinnis dúinn inniu ná ag déileáil le ceist an tsínte fhada ar ainmneacha do dhaoine a bhfuil ainmneacha breá Gaelacha acu. Is iad Aer Lingus, Banc na hÉireann, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte roinnt de na comhlachtaí a deir le daoine le hainmneacha Gaelacha in Éirinn: "Your name is invalid". Níl faic invalid faoi ainm Gaelach in Éirinn. Sa bhliain 1366 a tháinig an coincheap seo d’ainm invalid isteach in Éirinn le Reachtanna Chill Chainnigh. In 1518, dúirt Bardas na Gaillimhe "neither O nor Mac shall strut or swagger through the streets of Galway". Coilíneachas a bhí i gceist agus cos ar bolg ar na Gaeil. Tá an lá sin thart.”
“Tairgim: Go gceadófar go dtabharfar isteach Bille da ngairtear Acht chun cruinneas in úsáid ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge, lena n-áirítear síneadh fada ar ghutaí, a chosaint, trí cheartúcháin a éascú ar thaifid de réir an Achta um Chosaint Sonraí, 2018, trí dhualgas a chur ar rialálaithe a chinntiú go léirítear meas ar ainmneacha agus seoltaí custaiméirí agus úsáideoirí seirbhíse faoin 1 Eanáir 2030, agus tríd an reachtaíocht a leasú faoina ndéanfar rialáil ar chonarthaí amach anseo do chóras na bpostchód náisiúnta; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara. Cosúil leis na busanna, bímid ag fanacht orthu ar feadh tamall fada - sa chás seo, le breis is 100 bliain - agus tagann dhá cheann le chéile. Seo an dara Bille tionscnaithe agus foilsithe as Gaeilge ina iomláine. Tá ceann inniu agus bhí ceann inné uaim.”
“Before we conclude, tá gnó fíorthábhachtach agam on a point of order. It relates to today's business. We publish the Question Paper everyday and I have the right to put questions in Irish. Some of them have appeared in English today. Given that it is Seachtain na Gaeilge, that is madness. It needs to stop.”
“I measc na gcosaintí breise san ionad oibre, beidh deis ann fíneáil suas de €5,000 a ghearradh ar dhroch-fhostóir má sháraíonn sé an ceart sin gan chúis bhailí. Ní bheidh sé de cheart ag ardán ar líne cinsireacht a dhéanamh nó ardán a bhaint ó Ghaeilgeoir as ábhair i nGaeilge a bheadh ceadaithe i mBéarla a fhoilsiú, rud atá tar éis a bheith ina bhac do ghnólachtaí atá ag dul i mbun fógraíochta ar líne i nGaeilge.”
“Cé gur tharla aisghairm ar na Péindlíthe deireanacha ó Thuaidh anuraidh, tá a lán le déanamh go fóill chun cothrom na Féinne a fháil do Ghaeilgeoirí agus úsáid ár dteanga náisiúnta a normalú. Tá cásanna cloiste ag coiste Gaeilge an Oireachtais faoi fostóirí, fiú i monarchana Stáit-mhaoinithe sa Ghaeltacht, ag rá le hoibreoirí gan an Ghaeilge a úsáid ina measc féin nó le custaiméirí. Ní féidir glacadh leis sin. Tá an reachtaíocht seo bunaithe ar chreatlach atá ann sa Bhreatain Bheag ag cosaint úsáid na Breatnaise. Tá sé ag tabhairt aitheantas sa dlí do cheart an duine an Ghaeilge a úsáid agus conas do dhaoine gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga má dhéanann aon duine iarracht cur isteach ar an gceart sin.”
“Tairgim: Go gceadófar go dtabharfar isteach Bille da ngairtear Acht do leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022 chun an ceart chun dul i mbun cumarsáide trí mheán na Gaeilge gan sárú a chosaint; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara. Is lá stairiúil é inniu leis an gcéad phíosa reachtaíochta i nGaeilge amháin á chur faoi bhráid na Dála. Reachtaíocht atá ag cosaint cearta teanga atá ann agus tá sé tráthúil é seo a dhéanamh le linn Sheachtain na Gaeilge. An sprioc atá le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Ceart chun an Ghaeilge a Úsáid) (Leasú), 2026 ná ceart an duine Gaeilge a úsáid a chosaint sa dlí. Rinneadh géarleanúint ar úsáid na Gaeilge le Reachtanna Chill Chainnigh, 1366.”
“Is é sin an fáth go bhfuil mé ag tabhairt tacaíocht iomlán don Aire ó thaobh an chuir chuige. Tá mé ag iarraidh air, más féidir in aon chor, i bhfad Éireann níos mó airgid a chur ar fáil do na healaíon agus na háiteanna seo timpeall na tíre ar fad.”
“Ní i mBaile Átha Cliath amháin atá an t-airgead seo ag teastáil. Tá sé go maith go bhfuil an €6 mhilliún sin ann don chuid eile don tír anuas ar an €3 mhilliún a luaigh an tAire ansin do Bhaile Átha Cliath. Mar a luaigh mé, níl ansin ach scéim amháin. Tá a lán scéimeanna eile ag an gcomhairle. San áireamh, tá an scéim le 500 méadar cearnach a tugadh do na healaíon thíos ag Calafort Átha Cliath; an campas ealaíne atá siad ag díriú isteach air ansin. Luaigh an tAire ceann eile an uair dheireanach. Bhí muid ag caint faoin Rupert Guinness Theatre agus an t-airgead a chosnóidh sé sin. Tá sé sin i mBaile Átha Cliath ach má théann tú go dtí Corcaigh tá suíomhanna ansin ar ghá a lán airgid a chaitheamh orthu chun go mbeadh siad i gceart do na healaíontóirí atá á húsáid agus caithfimid cuidiú leo.”
“Ní tharlóidh sé sin ach amháin go bhfuil siad ag fáil €4 mhilliún ó dhuine gan ainm mar bhronntanas. Níl an t-airgead ag an gcomhairle chun é sin a dhéanamh í féin mar sin tá gá le tacaíochtaí ón Rialtas.”
“Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh, cé go bhfuilim ag iarraidh go mbeidh níos mó ann. Táim ag lorg go mbeidh cur chuige an chiste chaipitil do spóirt á úsáid, go mbeidh an t-aitheantas sin ann amach ansin agus go mbeidh na comhairlí contae nó na heagrais ealaíon in ann dul chuig an Aire nó pé duine a bheidh san oifig chun airgead a lorg chun cuidiú leis an obair. Nílim ag caint faoin airgead iomlán. Bheadh ar na comhairlí agus na heagrais sin a gcuid oibre féin a dhéanamh. B'fhéidir go bhfaca an tAire sna páipéir an tseachtain seo an plean atá ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i leith Merchants Quay. Tá an chomhairle chun athmhaisiú nó athchóiriú a dhéanamh ar thrí fhoirgneamh. Beidh 20 spás ann d'ealaíontóirí.”
“Tá an cheist seo dírithe ar an Aire. Táim ag iarraidh a fháil amach cad go díreach atá i gceist aige maidir le ciste caipitil ealaíon a bhunú ar mhúnla an chiste chaipitil spóirt, atá ag oibriú faoi láthair, chun feabhas a chur ar na spásanna atá ar fáil d'ealaíontóirí timpeall na tíre.”
“Tá tacaíocht agus moladh ag dul do BÁNÚ, Tinteán, CATU, Todhchaí na Tuaithe agus dreamanna mar sin, agus do ghnáthphobail na Gaeltachtaí as an bhfoighne atá acu ar shlí amháin ach freisin as an bhfearg atá siad ag léiriú anois toisc nach bhfuil an obair ag tarlú. Molaim an rún seo. Tá súil agam nach bhfuil muid chun glacadh leis ach go leanfaidh an obair ar na ceisteanna atá ardaithe anseo ag gach uile duine a ghlac páirt sa díospóireacht.”
“Ba cheart go mbeadh cur chuige i bhfad Éireann níos tapúla i gceist ionas go mbeidh an plean náisiúnta ó thaobh pleanáil sna Gaeltachtaí foilsithe, ní ag deireadh 2027, ach i mbliana. Dúradh linn faoi na treoirlínte thar na blianta go raibh an obair ar fad déanta, agus nach raibh gá fanacht go dtí go raibh siad foilsithe. Má tá an obair déanta, ní chóir go mbeadh sé ró-dheacair an obair sin a bhogadh trasna go dtí an coincheap nua atá ann agus iad a bheith foilsithe. Tá an rud ceannann céanna i gceist ó thaobh Bille Údarás na Gaeltachta. Cad é an moill? Cén fáth a bhfuilimid ag fanacht air? Ba cheart dúinn díriú isteach ar na rudaí praiticiúla atá luaite agamsa agus ag na dreamanna a bhí lasmuigh inniu.”
“Gheall an Rialtas seo treoirlínte pleanála Gaeltachta faoi Nollaig 2021, sa chéad ráithe de 2022, roimh dheireadh 2022, go luath in 2023, i lár 2023, faoi Cháisc 2024 agus i lár 2024. Fiú tar éis cumhacht na treoirlínte foilsithe a bheith scriosta as an dlí, tá siad fós á dhéanamh, mar a dhein an Taoiseach an tseachtain seo caite. Sin cé chomh seafóideach is atá an cur chuige faoi láthair. Bhí mé ag caint leis an Aire, an Teachta Calleary, níos luaithe agus tá súil agam go mbeidh sé sásta suí síos, cur chuige ceart a shocrú agus na deontais agus na cinntí breise a sholáthair ó thaobh an méid atá ráite ag an Aire Stáit, an Teachta O'Sullivan; sé sin, go mbeidh an t-údarás in ann déileáil le ceisteanna tithíochta, séarachais nó infreastruchtúir agus na cumhachtaí sin a roinnt leis na comhairlí contae más gá.”
“Ba cheart go mbeimid ag obair i gceart chun cuidiú le lánúin sna ceantair Ghaeltachta, agus leis an ghnáthphobal, teacht timpeall ar na constaicí atá rompu ó thaobh an Ghaeilge a bheith ina ghnáththeanga acu. Tá an Rialtas ag admháil agus é ag glacadh leis an rún seo go bhfuil sé tar éis dian-scrios a dhéanamh ar chearta teanga agus gan fiú sop in áit scuaibe maidir leis an tithíocht Gaeltachta. Má tá an Rialtas ag admháil go bhfuil sé freagrach as sin, níor chóir go mbeadh sé ag fanacht mar Rialtas, ach beidh sé ann. Ag glacadh leis an rún seo, caithfidh an Rialtas a chinntiú go bhfuil beart á dhéanamh de réir na briathra sa rún seo. Ba cheart dó tacaíocht a thabhairt do na moltaí atá sa rún.”
“Sa rún chomh maith, táimid ag leagan amach go bhfuil an Rialtas seo, agus Fianna Fáil agus Fine Gael thar an mblianta, le cáineadh, toisc an neamhaird ar dhein na páirtithe sin ar mholtaí ón gcoiste Gaeilge faoi mhaoiniú d’Údarás na Gaeltachta, faoin mhoill ar thoghcháin an údaráis agus cumhachtaí breise a thabhairt dó, agus faoin mhoill ar rialáil ar chíos gearrthéarmach agus ar Airbnb, atá ag déanamh scrios ar an méid áit atá ar fáil ar chíos sna ceantair Ghaeltachta. Tá siad ag fágáil oifigigh pleanála teanga ag déileáil le moill agus frustrachas toisc nach bhfuil infheistiú nó cur chuige ceart ann ó thaobh an Stát de i leith an obair ríthábhachtach sin atá ag teastáil ionas gur féidir linn cosaintí a dhéanamh.”
“Tá buíochas ag dul dóibh siúd ar fad a ghlac páirt sa díospóireacht, i mBéarla, i nGaeilge, nó i pé teanga a bhí siad ag déileáil leis. Tá sé tábhachtach go dtarlaíonn sé sin. Aithním nach bhfuil an leibhéal Gaeilge ag gach duine is atá agamsa. Is trua sin, ach sin mar atá. Sin an fáth go bhfuil muid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh tobar na Gaeilge fós beo amach anseo. Tobar na Gaeilge is ea na ceantair Ghaeltachta, áiteanna ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar ghnáththeanga laethúil an gnáthphobail. Má tá dainséar ann - agus tá sé ann - caithfimid a chinntiú go nglacfaimid céimeanna eisceachtúla ar leith chun an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus pobail sna ceantair Ghaeltachta a chosaint. Sin an fáth go bhfuil na céimeanna gur chóir a ghlacadh leagtha amach sa rún seo.”
“Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Murchú agus gach duine a labhair sa díospóireacht seo. Measaim go bhfuil sé ríthábhachtach go bhfuil díospóireacht againn dírithe ar ábhar ar leith chuile bliain. Toghadh mise tamall maith ó shin in 2002. Bíonn ráitis i gceist uair sa bhliain. An fhadhb le ráitis nach bhfuil ceangailte le haon rud ná gur féidir le haon duine teacht isteach anseo agus béalghrá a chraobhscaoileadh ó thaobh na teanga. Measaim go raibh sé go maith anuraidh agus go bhfuil sé go maith i mbliana go bhfuil rún os comhair na Dála. Anuraidh, chuir an Rialtas i gcoinne an rúin a bhí againn maidir leis an oideachas trí Ghaeilge. I mbliana, níl sé ag cur i gcoinne an rúin seo agus tiocfaidh mé ar ais chuige sin.”
“Níl sé leagtha síos go díreach cé mhéid duine ar chóir a bheith ann. Ní féidir le gnáthphobal na Gaeltachta teach a cheannach nó a fháil ar cíos mar ní ann do na tithe a thuilleadh toisc na rachmasaithe agus iad siúd atá gaolta le tiarnaí talún agus atá i seilbhe na dtithe. Tá Airbnb ann seachas áiteanna gur féidir a fháil ar cíos nó a cheannach. Ní féidir le gnáthphobal na Gaeltachta maireachtáil sa Ghaeltacht a thuilleadh. Tá na cinntí atá á nglacadh ag an Rialtas ag brú an ghnáthphobal as an nGaeltacht agus caithfidh sé sin stopadh. Tá sé go maith go bhfuil an Rialtas ag glacadh na cinntí seo ach, mar a dúirt mé, is gá dó gníomhú dá réir.”
“Is féidir leis an Stát a ladar a chur isteach chun eisceachtaí a dhéanamh, chun ciste eisceachtúil a chur ar bun chun díriú isteach ar cheist an infreastruchtúir, ceist an tséarachais, an easpa bóithre agus uisce i gceantair áirithe, an gá le cosaint a dhéanamh ar an stíl lonnaithe atá sa Ghaeltacht, áit a mbíonn clusters timpeall ar thithe, nó i gceantair eile go mbíonn na tithe tógtha ar thaobh an bhóthair agus nach sráidbhaile sa ghnáthbhealach sa chuid den tír a bhíonn i gceist go minic ach go mbíonn an daonra ann. Bíonn na scoileanna ann agus gnéithe eile den tsochaí sa cheantar, ach fós níl aitheantas cuí ann. Tá sé leagtha síos againn sa rún seo an gá gur cóir dúinn a chinntiú go mbeadh spriocanna uaillmhianacha agus indéanta don fhás daonra leagtha síos. Níl siad sin ann.”
“Is an bunchlár ó thaobh na Gaeilge atá ann, áit a bhfuil an Ghaeilge fós á húsáid go laethúil ag an ngnáthphobal sa cheantar sin. Má ghlacaimid leis sin, ba chóir go ndéanfar gníomhartha eisceachtúla chun a chinntiú go bhfuil an chosaint sin ann. Sa chás seo, táimid ag caint faoi cheist na tithíochta. Is féidir dul trí na fáthanna ar fad - déanfaidh na Teachtaí eile é sin - gur gá é sin. Is féidir dul sa bhreis ar an líon cosaintí atá ann don Ghaeilge. Is féidir dul chun tosaigh ar líon na ndeontas atá ar fáil don chuid eile den tír.”
“Bheidís an-spéisiúil dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Céad bliain tar éis an choimisiúin sin, táimid fós ag déileáil le heaspa cur chuige ó thaobh cosaint a dhéanamh ar an nGaeltacht, ó thaobh easpa aitheantais ar na cearta teanga atá acu siúd sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, áit nach raibh seirbhísí ar fáil dóibh siúd ón Státchóras. Bhí orthu Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a bhunú beagnach 50 bliain ó shin chun iarracht a dhéanamh na cearta a bhí ag dul dóibh agus do phobal na Gaeltachta a fháil. Fós féin, táimid ag an staid chéanna nach bhfuil an cur chuige ceart ann ó thaobh an Stáit de i leith na Gaeltachta. Is cás ar leith atá ann. Ar deireadh thiar thall, sin atáimid ag caint faoi. Is seoid ar leith í an Ghaeltacht.”
“Ceann de na jabanna a bhí ann nuair a bunaíodh an Stát nua ná chun oibriú amach cad é agus cad é an leagan amach a bheadh ag an nGaeltacht. Bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta agus rinne sé daonáireamh speisialta. Tá sé an-spéisiúil torthaí an daonáirimh sin a léamh. Bhí sé déanta ag An nGarda Síochána ag an am toisc go raibh an tír chomh corraitheach fós tar éis an Chogaidh Chathartha. Ní hamháin gur dhein siad taighde ar cé mhéad Gaeilgeoir a bhí ann, ach rinne siad taighde ar cé mhéad bó, capall agus uan a bhí ann. Is taighde an-tábhachtach é mar leag sé amach líon na nGaeilgeoirí a bhí i gceantair dhifriúla timpeall na tíre agus i gcontaetha difriúla. Tá sé fós ann. Níl na mionsonraí fós ar fáil go bhfios dúinn, ach b’fhéidir go bhfuil siad i bpoll éigin ag duine éigin in áit éigin.”
“Tá rún ríthábhachtach os ár gcomhair anocht. Measaim go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfar plé ceart air. Fáiltím roimh an gcinneadh a ghlac an Rialtas gan cur i gcoinne an rúin thábhachtaigh seo. Ní leor sin. Muna bhfuil an Rialtas ag cur ina choinne, caithfidh sé gníomhú dá réir agus caithfidh sé glacadh leis an gcáineadh sa rún seo ar an easpa oibre atá déanta go dtí seo. Bhí léirsiú lasmuigh um thráthnóna ó ghrúpaí difriúla: BÁNÚ, Tinteán agus daoine eile nach iad. Bhí roinnt Teachtaí Dála ó pháirtithe difriúla ina measc, mo pháirtí féin san áireamh, ag tacú leo mar tá aitheantas ann - Éire gan Ghaeltacht, Éire gan anam - go bhfuil an Ghaeltacht chomh tábhachtach sin. Táimid ag caint anseo inniu 100 bliain ó tugadh aitheantas oifigiúil don Ghaeltacht.”
“Tairgim: Go ndéanann Dáil Éireann: a thabhairt dá haire, le himní: — go bhfuil an chaoi nach féidir le daoine teach dá gcuid féin a fháil ar cíos, a cheannach, ná a thógáil sa Ghaeltacht, ina chúinse mór ag brú oibrithe agus teaghlaigh a bhfuil Gaeilge acu amach as an gceantar, rud a dhéanann dochar d'iarrachtaí pleanála teanga agus d'infheistíocht shuntasach an Stáit trí inmharthanacht na bpobal a chur i mbaol; — go bhfuil céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i gceantair Ghaeltachta tar éis titim le dhá Dhaonáireamh i ndiaidh a chéile, agus gur thug an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht rabhadh go bhfaigheadh an Ghaeilge bás mar phríomhtheanga an phobail fiú sna ceantair is láidre Gaeltachta gan gníomh suntasach; — gur aithníodh le sonraí de chuid Pobal a scrúdaíodh i bpróifíl socheacnamaíochta ar na ceantair Ghaeltachta sa bhliain 2018 go bhfuil 26.9 faoin gcéad de chónaitheoirí Gaeltachta sna catagóirí "Faoi Mhíbhuntáiste" nó "Faoi Mhíbhuntáiste Mór", rud a chuireann isteach ar bhealach diúltach ar a n-ábaltacht íoc as teach; — gur teach saoire teach amháin as gach cúig theach sna ceantair Ghaeltachta, agus go ndeachaigh líon na dtithe iomlána a bhí ar fáil ar léas gearrthéarmach ar Airbnb in airde de 88 faoin gcéad ó 2019 go dtí 2025, i gcomparáid le hardú 48 faoin gcéad fud fad an Stáit; — nach raibh ach 10 dteach ar fáil ar chíos fadtéarmach ar Daft.ie sa Ghaeltacht in 2024 fad is a bhí 1,017 dteach liostáilte ar chíos gearrthéarmach ar Airbnb; — go bhfuil smacht ag cúig thiarna talún ar 217 réadmhaoin Gaeltachta atá liostáilte ar Airbnb, agus go bhfuil 53 réadmhaoin liostáilte ag an tiarna talún is mó acu, comhlacht Briotanach; — go ndéanann an easpa infreastruchtúir, go háirithe uisce agus séarachais, agus neamhaird ón Rialtas agus ó chomhlachtaí poiblí ar nós Uisce Éireann, bac a chur roimh an gcumas tithíocht a sheachadadh i bpobail Ghaeltachta; — gur aithníodh easpa inacmhainneachta na dtithe sa Ghaeltacht, an easpa seirbhísí chun forbairt na scéimeanna tithíochta a éascú ar an scála cuí, an easpa láithreán atá ar fáil, agus srianta ar thithíocht tuaithe mar phríomhfhórsaí atá ag cur brú ar phobail Ghaeltachta i ráiteas comónta a rinne Príomhfheidhmeannaigh de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus Chomhairlí Contae Chorcaí, Chiarraí agus na Mí inar lorg siad soiléiriú ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; — go raibh ar phobail Ghaeltachta cásanna a chur faoi bhráid na cúirte chun a chruthú go raibh neamhaird á déanamh ag údaráis áitiúla ar dhualgais i leith na Gaeltachta faoin reachtaíocht pleanála; — gur thug pleanálaithe de chuid údarás áitiúil amháin atá freagrach as ceantar Gaeltachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le fios do Choiste Oireachtais nár shíl siad go raibh feidhm ag na dualgais seo ina leith; — go gcuirtear tréith theangeolaíoch agus inmharthanacht an phobail Gaeltachta i mbaol níos mó nuair atá seilbh nó úinéireacht glactha ag daoine gan Ghaeilge ar eastáit tithíochta ar scála mór, ar thithe saoire agus ar léasanna gearrthéarmacha sa Ghaeltacht; agus — céad bliain tar éis thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 1926, nach bhfuil na moltaí curtha i bhfeidhm go fóill a bhain le daoine atá inniúil sa Ghaeilge a chur in áit oifigigh gan Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta chun seirbhísí poiblí a sholáthar; cáineadh ar an méid seo a leanas: — tar éis ceithre bliana de gheallúintí go bhfoilseofaí go luath na treoirlínte pleanála do na ceantair Ghaeltachta, agus spriocdháta i ndiaidh spriocdháta a bheith imithe in éag, gur lean an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta de na geallúintí go seachadófaí treoirlínte nach raibh indéanta a thuilleadh tar éis an chumhacht a bhí tugtha ina leith sin ag an dlí a bheith scriosta; — an neamhaird atá tugtha ag an Rialtas ar thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar Thithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht agus na Treoirlínte Nua a Bhaineann Leo ina raibh 22 mholadh aontaithe ar bhonn traspháirtí sa bhliain 2022; — nach bhfuil gníomh ar bith beartaithe go dtí go bhfoilseofar ráiteas pleanála náisiúnta don Ghaeltacht sa bhliain 2027 in ainneoin na práinne a bhaineann leis an ngéarchéim; — nach bhfuil dul chun cinn ar bith tar éis tarlú sa Dáil ón 14ú Bealtaine 2025 leis an mBille chun toghcháin dhaonlathacha a thabhairt ar ais d'Údarás na Gaeltachta, rud a bhí ar cheann d'éachtaí lárnacha ghluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta, rud ar chuir Fianna Fáil ar fionraí agus ar scrios Fine Gael é, agus go dteipeann ar an mBille cumhachtaí a bhronnadh ar an Údarás chun dul i ngleic le géarchéim thithíochta na Gaeltachta; — an tearcmhaoiniú atá déanta ag rialtais i ndiaidh a chéile ar Údarás na Gaeltachta i gcomparáid le forais forbartha eile an Stáit, agus an chomparáid idir maoiniú caipitil na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail agus Údarás na Gaeltachta tar éis fás ó 3:1 sa bhliain 2009 go dtí 11:1 in 2022; an mhoill atá curtha leis an ngeallúint chun rialáil a dhéanamh ar an earnáil cíosa ghearrthéarmach; — oifigigh agus eagraíochtaí pleanála teanga a bheith fágtha ag deileáil le "mearbhall agus frustrachas" mar thoradh ar chóras lochtach, dar le hathbhreithniú ar phleananna teanga a foilsíodh le déanaí, athbhreithniú a cáineadh go mór ann féin toisc míchruinnis; agus — in ainneoin geallúint go ndéanfar caighdeáin teanga nua a chur in áit na scéimeanna teanga reatha do sheirbhísí poiblí, gur scriosadh na scéimeanna reatha gan aon rud a bheith tagtha i gcomharbas orthu, rud a chuir cearta teanga siar 22 bliain; tréaslú leo seo a leanas: — grúpaí feachtais, lena n-áirítear Bánú, Todhchaí na Tuaithe, Tinteán, Conradh na Gaeilge, CATU, agus Inside Airbnb, leis na meáin, lena n-áirítear The Ditch, TG4, Tuairisc.ie agus Raidió na Gaeltachta, agus le pobail áitiúla a bhain úsáid as na cúirteanna, chun an fhírinne atá leagtha amach sa tairiscint seo a nochtadh; agus — oifigigh pleanála teanga a leanann d'obair na gcapall a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur ar ais in úsáid níos forleithne sna pobail Ghaeltachta in ainneoin na heaspa tacaíochta ón Stát; agus a éileamh ar an Rialtas: — Ráiteas Pleanála Náisiúnta láidir a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm láithreach don Ghaeltacht; — Scéim Deontais don Tithíocht Ghaeltachta a thabhairt ar ais de réir Achtanna na dTithe (Gaeltacht); — polasaí 10 bpointe Shinn Féin don Tithíocht Gaeltachta, Ag Pleanáil don Athchóiriú, a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear measúnuithe tionchair teanga ar thograí molta, B2+ faoin gComhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha a shocrú mar chaighdeán náisiúnta inniúlachta i gcomhair coinníollacha teanga, machnamh a dhéanamh ar réadmhaoin a cheannach agus clásail aisghlámtha chun soláthar na tithíochta Gaeltachta a chinntiú nuair a imíonn feidhm coinníollacha teanga in éag, aitheantas do phatrúin lonnaíochta na Gaeltachta, pleanáil fáis daonra agus anailís shochtheangeolaíoch, pleanáil teanga a lárnú sa phleanáil forbartha, tithe sóisialta agus inacmhainne a sholáthar do Ghaeilgeoirí, Scéim Labhairt na Gaeilge a athbhunú, bonneagar, fostaíocht agus teacht aniar aeráide a phleanáil, agus rannpháirtíocht, monatóireacht agus freagracht a chinntiú; — spriocanna uaillmhianacha agus indéanta don fhás daonra agus soláthar tithíochta a shocrú do gach limistéar pleanála teanga Gaeltachta, lena n-áirítear don mheascán cuí de thithe aon uaire nua, tithe tréigthe agus folmha athchóirithe, agus tithe nua nó athchóirithe i ngráigeanna tuaithe, bunaithe ar anailís shochtheangeolaíoch ar phobail Ghaeltachta agus treochtaí deimeagrafacha; — tithíocht a sheachadadh bunaithe ar éileamh a thuar ar bhonn coinníollacha teanga ar gá iad a chur i bhfeidhm go seasta, lena n-áirítear tríd an bpraghas a ísliú más gá chun inacmhainneacht na dtithe atá curtha ar leataobh do Ghaeilgeoirí a chinntiú; — a chinntiú go gcuirfear fáilte Uí Cheallaigh roimh eisimircigh atá ag filleadh agus a léiríonn tiomantas i dtreo páirt a ghlacadh go gníomhach sa phobal Gaeltachta agus in áiseanna Gaeilge, trí thabhairt faoin nGaeilge a fhoghlaim nó faoin gclann a chur chuig scoileanna lánGhaeilge áitiúla mar shampla, agus gur chóir go dtabharfar a dtiomantas san áireamh in aon mheasúnú tionchair teanga; — díolúine ón dleacht stampa a thabhairt do dhíolachán an dara teach i gceantar Gaeltachta má dhíoltar mar theach teaghlaigh do Ghaeilgeoirí, do chónaitheoirí Gaeltachta, nó d'eagrais ar nós Údarás na Gaeltachta nó comhlacht ceadaithe tithíochta ar mhaithe le cur ar fáil ar cíos do Ghaeilgeoirí ar an liosta tithíochta áitiúil; — scéim ar leith a fhorbairt d'údaráis áitiúla agus do chomhlachtaí poiblí chun dlús a chur leis an infreastruchtúr uisce agus séarachais a thógáil atá ag teastáil ó phobail Ghaeltachta; — maoiniú d'Údarás na Gaeltachta a ardú go suntasach mar atá leagtha amach i gcáinaisnéis mhalartach Shinn Féin do 2026 agus na cumhachtaí riachtanacha a chur ar fáil dó chomh maith le toghcháin dhaonlathacha athuair chun deis a thabhairt do phobail Ghaeltachta soláthar cuí ar thithíocht áitiúil a mhúnlú; — dréacht den ráiteas beartais pleanála do léasanna gearrthéarmacha a fhoilsiú le práinn agus am a thabhairt don Choiste Oireachtas Tithíochta chun an dréacht a scrúdú agus éisteacht a thabhairt mar chuid den scrúdú sin d'eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann phobail Ghaeltachta a mbeidh tionchar aige orthu; agus — forbairt a dhéanamh ar thacaíocht bhreise nó amchlár níos giorra roimh cheadúnas d'fhorbairtí nuair atá cosúlacht ann go mbeidh dea-thionchar acu ar an bpobal Gaeltachta.”
“Cúpla bliain ó shin, dúirt breitheamh sinsearach eile go raibh an Stáit páirteach i dteangadhíothú nó linguicide. Mar is gnáth, ní dhéantar díriú isteach ar an gceist sin anseo. Measaim gur gá dúinn díriú isteach ar an gceist a d'ardaigh muid anuraidh faoin nGaeloideachas agus an fáth go bhfuil 11 contae i lár na tíre fágtha amach as. Má fhéachaimid ar an léarscáil, feicfimid nach bhfuil aon spotaí dorcha i lár na léarscáile sin. Is iad sin na háiteanna nach bhfuil Gaelcholáiste ar bith iontu. Caithfimid díriú isteach ar an gceist sin má táimid chun cloí leis an méid atá leagtha síos sa dlí anois. Is é sin an dlí; caithfimid beart a dhéanamh de réir bhriathar an dlí sin.”
“Níl dochtúirí ar fáil, agus bíonn brú ar dhaoine sa Ghaeltacht taisteal lasmuigh di chun seirbhís sláinte a fháil i mBéarla. Is mór an trua tar éis 100 bliain go bhfuil neamhaird fós á dhéanamh ag an Státchóras ar na moltaí cuimsitheacha a bhí ag Coimisiún na Gaeltachta. Níor chloígh an Rialtas leis an dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 chun spriocdháta a shonrú faoina mbeidh seirbhísí stáit ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. A mhalairt ar spriocanna na reachtaíochta sin, tá cearta teanga sa Stát seo éirithe níos measa. Áit a raibh cosaint ag daoine trí na dualgais a bhí sonraithe sna scéimeanna teanga do chomhlachtaí poiblí, tá na scéimeanna go léir scriosta anois gan faic ina n-áit. Dúirt breitheamh san Ard-Chúirt go raibh cur chuige an Stáit "áiféiseach".”
“B’fhéidir gurb é seo an t-am chun an deis a thapú chun féachaint siar ar thuarascáil Choimisiúin na Gaeltachta a foilsíodh sa bhliain 1926 – céad bliain ó shin: Ionas go dtuigfí an scéal go hiomlán, níor ghá ach beairic de chuid an Gharda Síochána ina bhfuil Gardaí ar Béarlóirí iad a shamhlú i gceartlár ceantair Ghaeltachta; nó Oifig Poist i mbaile Gaeltachta nach bhfuil Gaeilgeoir ar bith inti; nó oifigeach nach bhfuil Gaeilge aige de chuid na Roinne Talmhaíochta, nó na Roinne Custam agus Máil, ag feidhmiú as measc phobal na Gaeltachta. Is gníomhairí díreacha iad na hoifigigh seo maidir le bunú agus leathadh an Bhéarla. Fós, níl Gaeilge ach ag beirt as gach triúr garda sa Ghaeltacht. Tá ar 80% de scoileanna na Gaeltachta múinteoirí gan Gaeilge líofa a earcú.”
“Anocht, tá rún ag Sinn Féin dírithe ar cheist na tithíochta, rud atá ag déanamh tinneas do a lán dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht. Sin an fáth go raibh an agóid lasmuigh inniu. Anuraidh, bhí rún dírithe ag Sinn Féin anuraidh ar cheist an chóras oideachais ach chuir an Rialtas ina choinne ag an am. Is mór an trua é, mar b’fhéidir dá mbeadh sé tar éis glacadh leis go mbeimis tar éis bogadh ar aghaidh i saol chúrsaí oideachais as Gaeilge sa tír seo. Is am cinniúnach é an tseachtain seo.”
“Rinneadh tuairisc anuraidh faoin nGaeilge sa Teach agus bhí grúpa stiúrtha ann faoi bhun an Uachtaráin anois – Catherine Connolly. Phléigh an grúpa le difríochtaí agus athruithe a dhéanamh i dTithe an Oireachtais chun a chinntiú go raibh níos mó deiseanna ann, ní hamháin dóibh siúd a bhí tofa, ach dóibh siúd atá ag obair anseo. Tá 100 bliain caite ó tugadh stádas oifigiúil don Ghaeltacht den chéad uair, agus 100 bliain níos déanaí tá pobal na Gaeltachta amach ar na sráideanna lasmuigh den Dáil fós ag éileamh bunchearta agus meas ón Stát seo. Gach bliain tagann an Dáil le chéile chun ráitis béalghrá a chloisteáil ón Rialtas agus chun deis a thabhairt do dhaoine seasamh leis an nGaeilge agus chun a chinntiú go bhfuil díospóireacht amháin trí Ghaeilge.”
“Aontaím leis an méid deireanach a bhí le rá ag an Aire. Tá sé orainn ar fad cuidiú leo siúd nach bhfuil Gaeilge líofa acu an Ghaeilge sin a úsáid agus tacú leo agus iad ag dul ar thuras foghlama na Gaeilge in athuair nó den chéad uair. Tá súil agam go bhfuil an ceart ag an Aire go mbeidh níos mó díobh sin nach bhfuil an mhuinín acu an Ghaeilge a úsáid anseo an bhliain seo chugainn agus muid ag tabhairt faoi na ráitis seo. Bíonn na ráitis seo againn gach uile bhliain. Anuraidh, bhí sé go hiontach an oiread sin Gaeilge a chloisteáil, ní hamháin le linn an lae seo, ach le linn Sheachtain na Gaeilge. Ó shin, tá ardú tar éis teacht ar líon na nGaeilgeoirí agus an méid Gaeilge atá le cloisteáil timpeall Thithe an Oireachtais. Leis sin ráite, táim ag impí ar an gCeann Comhairle más féidir léi díriú isteach ar an gceist.”
“I was not here for the whole debate. If there was repetition, it was not on my watch, as they say. Members need to be reminded that they cannot continuously repeat points of view that have been put across. Brevity is always good in a debate, but the rules on Committee Stage allow for exchange back and forth. There is nothing to prevent that and there are no time slots on Committee Stage. That is why Committee Stage usually happens in the committee rooms. Anyway, how stands amendment No. 15?”
“It would send out the message that we remember the audacious plans of Irish republicans around the world, our exiled nation if we want, who helped shape the nation. It is important when we get the opportunity to do so that we mark those occasions, and whether it is a full State commemoration or the State supporting some local commemorations it should happen.”
“Whether it is a small event or a big event in embassies in the United States and Australia to mark this event, whether it is a publication or a republication of material that was sent before, whether it is a pull-out in one of the newspapers, there are ways the State can get involved without having a full State commemoration. It is important that such an initiative happens. Books have been published, one of the most recent of which is The Voyage of the Catalpa by Peter Stevens. We can also go to books by Joseph Clarke and others; there is a whole load of them. Let us try to encourage people to read them, and maybe try to encourage some of the film companies to look at them as scripts. We have seen adventures from every other piece of work, most of which are fictional, but this is a true-life story that could be very easily captured.”
“It is important, even though there will not be a State commemoration, that the State should get involved. We should try to encourage State institutions to mark the event. The National Museum has a flag. The Minister knows of Joe Clarke who fought in 1916 at Mount Street which is in the Minister's constituency. I have a picture of that flag being handed over and he is in it, as is my father. It was in 1972. Frank MacGabhann contacted me and when I looked up the picture I remembered it from when we were kids. There are connections there and, while this is personal to me, these connections go around the world. We need to recognise the events that shaped Ireland and the role that our diaspora had in shaping this nation. It is important that the message goes out that we respect it.”
“It is not just national, but local in all those towns I mentioned and also international, involving Australia and America. It is something our Irish diaspora looks at to try to ensure we celebrate their role in Ireland's freedom.”
“They managed to escape and spent the next four months travelling back to New York, where they were met on 19 August 1876 to wild celebrations. I think this event is worth celebrating. It is being celebrated in Rockingham itself by the Irish there. It should be celebrated in the United States and celebrated here in the museum, etc. I have been involved in events in the decade of centenaries, and going back to the 1798 centenary events, in which the then Minister, Seamus Brennan, was centrally involved. We then had the Famine commemorations, Robert Emmet's bicentenary and the 1916 and decade of centenaries events. This is important. It is strange there is not a commemorative programme by the Government thus far. I think this would fit perfectly into it.”
“Considering it was150 years ago, it was against all the odds that the whaler got to the pre-appointed place on Easter Monday, 17 April. The key part of the expedition cost over €1 million in today's money. The men were picked up from the road gang they were involved in by a backup team of sympathisers and IRB men who had travelled to Australia to act upon this plan. They included John Breslin from Drogheda, Thomas Desmond from Cobh, Thomas Brennan from Dublin, John King from Tallaght and Denis Duggan from Dublin. They brought the six men to Rockingham, and they rowed out to sea to make good their escape. Even though they got on board the Catalpa , a standoff of four hours ensued when a police boat pursued them and told them to pull to. They refused, and showed they were flying the Stars and Stripes.”
“The six were Thomas Darragh from Broomhall in County Wicklow, Michael Harrington from Macroom in County Cork, James Wilson, whose real name, in fact, was McNally, from Newry, Robert Cranston from Stewartstown in County Tyrone, Thomas Hassett from Doneraile in County Cork and Martin Hogan from County Limerick. That letter set in motion a devious, cunning and audacious plan to rescue the six military Fenians. Military Fenians were Irish men who had been in the British Army and who enlisted and took the Fenian oath. From them, the British sought vengeance. While others in the 1867 rising were pardoned, these men were being made an example of to stop other Irish men in the British Army from joining republican forces.”
“On 17 April 150 years ago, an American whaler anchored off Western Australia. It was captained by a US citizen, George Anthony, and it had an ulterior reason to be at that point on the other side of the world from where it had sailed from New Bedford, Massachusetts. Unbeknownst to most of the crew, in fact, it was on a mission other than whaling. Its story began with a smuggled letter to Fenian and Irish Republican Brotherhood, IRB, leader John Devoy from six prisoners of war incarcerated in Fremantle prison outside of Perth, Western Australia.”
“On a point of order, the Minister cannot put wrong facts on the record. Coláistí Eoin and Iosagáin are bursting at the seams. They are not undersubscribed in any sense. The Department has accepted that.”
“An bhfuil an Roinn chun díriú isteach ar na háiteanna ar luaigh mé ina bhfuil feachtais, tuismitheoirí agus éileamh atá cruthaithe cheana féin?”
“Tá léarscáil ansin agus tabharfaidh mé don Aire níos déanaí é. Taispeánann na pointí buí ar an léarscáil na Gaelscoileanna. Tá éileamh ann don oideachas trí Ghaeilge. Níl, nach mór i lár na tíre ar fad, aon mheánscoil lánGhaeilge. Tá éileamh ann. B'fhéidir nach bhfuil sé chomh mór céanna leis an éileamh don Bhéarla, ach ní chiallaíonn sé sin gur chóir don Stát loic ar na cearta atá ag daltaí oideachas a bheith acu trí Ghaeilge. Tá ag teipeadh ar an Stát. Glacaim leis go bhfuil céimeanna chun tosaigh glactha ach, in ainneoin an méid a dúirt an tAire, níl go leor acu. Is gá díriú isteach air sin. Dúirt an tAire ag an tús go bhfuil 314 ceantar pleanála scoile ann. Tá 264 acu sin gan meánscoil trí Ghaeilge. Is léiriú é sin ar an fhadhb bhunúsach atá ann ó thaobh an Stát de.”
“Ar an liosta de na ceantair nach bhfuil an soláthar sin ar fáil iontu, cé go bhfuil an t-éileamh ann, tá leithéidí Caisleán an Bharraigh, Cill Dhéagláin, Coill na Silíní, Droichead na Bandan, Fionnbhrú, Sord agus Mullach Íde. Is iad sin na háiteanna ina bhfuil breis is 500 dalta ag iarraidh freastal ar Ghaelcholáiste. Is gá obair i bhfad Éireann níos tapúla a dhéanamh ná mar atá i gceist ó thaobh an tascfhórsa de.”