Aengus Ó Snodaigh
Dublin South-Central · Sinn Féin · Ireland
“In a reply to a parliamentary question on MetroLink in April of this year, the Minister, Deputy O'Brien, again stated his belief that the MetroLink terminus can facilitate any potential future MetroLink expansion to serve the south west, south or south east of Dublin should sufficient demand develop. That demand is already there.”
“A millennium and a half later, with Ireland serving as the President of the Council of the European Union, it is the same law we want to see enforced in the era of AI. In the words of the author Scott Turow, in paraphrasing The Atlantic's Alex Reisner, the bold future promised by AI has been "created with stolen words".”
“Tá roinnt samplaí anseo agam. Glacaim leis gur chuir an conradh agus BÁNÚ roinnt samplaí eile chuig an Aire ag léiriú an damáiste a dhéanfaidh sé sin. In ainneoin an méid atá ráite aige, i gceantair áirithe, tá coinníollacha ar leith ann ó thaobh forbróirí atá ag forbairt iliomad tithíochta faoi láthair.”
“Theft is being rewarded and creativity is being punished to the tune of €22 billion globally in music and film, according to the International Confederation of Societies of Authors and Composers. The European directives are no longer fit for purpose because of the exemptions granted to train AI.”
“Cloisim é seo. Chuala mé é thar na blianta ó dhaoine a bhí ag iarraidh go laghdófaí teorainn na Gaeltachta. Bhí siad ag iarraidh díriú isteach ar na ceantair a bhí in ísle brí ó thaobh labhairt na Gaeilge chun iad a chaitheamh amach ón nGaeltacht. Bhí siad ag iarraidh go mbeadh an Ghaeltacht srianta go dtí ceantair ina bhfuil 50% ann.”
“Bhí líne den scoth sa leabhar Ag Caint Linn Fhéin , a scríobh Joe Steve Ó Neachtain, laoch an Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus ealaíontóir ildánach, "Is é an croí atá i gceol na hÉireann a dhéanann náisiún mór den náisiún beag seo ar fud an domhain." Tír gan teanga, tír gan anam. Tír gan ealaín, tír gan chroí.”
The complete record
Every one of 904 lines we hold for Aengus Ó Snodaigh, in date order, each linked to its source. Free to read, in full, without an account. Page 14 of 19.
“I am introducing a Bill to take the simple step Ministers for Health have failed to take since I first proposed this to the then Minister, James Reilly, back in 2013. The Bill aims to officially name the new children's hospital in honour of the trailblazer that was Kathleen Lynn. She was not just a revolutionary soldier but a founder of Ireland's first children's hospital, Teach Naomh Ultáin. She was a pioneer in the then male-dominated medical profession and helped eradicate TB in Ireland with the roll-out of the BCG vaccine during her long medical career. She died aged 81 in 1955. Kathleen was a city councillor for Rathmines from 1920 to 1930 and an anti-Treaty TD from 1923 to 1927. She learned of her election in that case from the milkman.”
“I move: That leave be granted to introduce a Bill entitled an Act to amend the Children’s Health Act 2018 and therefore to amend the National Paediatric Hospital Development Board (Establishment) Order 2007 (S.I. No. 246 of 2007) so as to direct that the National Children’s Hospital be named Ospidéal Náisiúnta Kathleen Lynn do Leanaí . Today 109 years ago, the 1916 Rising was coming to an end. Among those incarcerated was the only female commandant of the republican forces, the chief medical officer of the Irish Citizen Army, a pioneering medic and a suffragette. Dr. Kathleen Lynn was from Mullafarry outside Killala, County Mayo. Her father was a Church of Ireland cleric and her mother Catherine Wynne was from Sligo.”
“Constituents of mine in Ceannt Fort were three days without proper water recently. This is an area where a lot of elderly people live and it is a consistent problem when there are leakages. We know that Dublin City Council has an old network that needs a lot of work. However, it is unfair where there are planned works or where exceptions happen that there is no attempt by Uisce Éireann to communicate with those residents, especially in an area where there is no other access to other water.”
“People are not informed when they are buying the house that this is one of their duties, even though they are not the ones who are at fault or are creating the problem. Just because it lands on their doorstep or in their back garden, they must pony up the funds because they are in a private house that is not the responsibility of the city council. That is an ongoing issue and there is a need to address it. If there is a public sewer, it should fall under Uisce Éireann's responsibility, whether it falls on private land or not, because initially it was built in that way. The other major problem I have with Uisce Éireann is that it does not respond quickly to constituents. Sometimes I get notifications of road closures but other times when there is an issue and we contact Uisce Éireann it can be several days before it addresses the problem.”
“The question of Uisce Éireann is quite complex and it faces many challenges. The rushed approach to setting it up in the first place is one of the reasons that a myriad of different organisations is involved, as Deputy Lahart said. To this day, there are still Dublin City Council workers being contracted to do Uisce Éireann work. If there is a problem in a Dublin City Council area, one can ring Uisce Éireann. Sometimes it is quicker to ring Dublin City Council, or vice versa , depending on the problem. Deputy Brabazon spoke about obligations around blockages and the unfairness on people who have an outflow or drain in their garden. People who have bought their houses from the council but who find that sewage is coming up in their garden suddenly find that they are responsible for the whole sewerage line. That is a continuous problem.”
“The problem is not always collection and the EU directive refers to collection, separation and reuse. In Ireland, the vast majority of bring banks are not for separation. Liberty Recycling is the only one that separates but, even with that, the capacity is not there to deal with all of the textile waste in Ireland. We do not even have a figure for that, although we know that 1.4 million metric tonnes are exported from the EU, mainly to Africa, and it ends up being dumped in Africa. That is the scale of the problem in Europe, and we have a percentage of that in Ireland. There is an urgent need to scale up the capacity but also to make sure that when those tenders go out from different local authorities, this is not just for collection and export abroad, but for collection, separation and reuse. These have to be central.”
“For the record, I am the chairperson of the drug rehabilitation charity, Liberty Recycling. It collates, sorts, recycles and reuses textiles, so there is an interest there. I was put on that body by the Ballyfermot drugs task force many years ago. One of the issues that has come up is that there is a lack of capacity in Ireland to deal with textile waste and we need to accelerate that, as the Minister of State acknowledged. There is the European Union waste framework directive and also extended producer liability, but this does not always follow the “polluter pays” principle and there is sometimes an approach of fines or levies. There needs to be some way of ensuring that the industry - those who are involved in recycling and reuse - has the capacity to address this, which means investment or grants from the State.”
“Ní gá go mbeadh ach leath huair a chloig ann nó b'fhéidir uair a chloig in aghaidh na míosa ach go mbeadh sé sin oscailte. Ansin bheadh a fhios ag daoine go raibh dul chun cinn ag tarlú ar a laghad. Bhíodh sé amhail is go raibh rúndiamhair á plé agus nach raibh cead ag éinne fáil amach cad a bhí nó cad a bheadh ag tarlúint. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil an cur i gcoinne seo ann. Shíl mé go mbeadh sé seo ar cheann de na leasuithe a bheadh an Aire breá sásta leis agus go mbeadh sé ag rá linn é a tharraingt siar agus go ndéanfadh sé ina chuid focail féin é. Is ait an kickback atá ann ó thaobh an leasuithe seo. Tá kickback níos mó sa chás seo ná le roinnt de na leasuithe a shíl mé a bheadh an Rialtas ag seasamh ina gcoinne. Tá mise ag iarraidh go mbeadh sé seo rite.”
“B’fhéidir go gcosnóidh sé airgead ar an Stát nó ar an údarás dá mbeadh an scéal á phlé go hoscailte agus go mbeadh daoine ag baint buntáiste as seo. Bheadh siad á phlé anyway agus bheadh daoine ann sa seomra a bheadh in ann é sin a úsáid dá mbeadh sé sin i gceist acu. Ní chóir gur rud rúnda a mbeadh san údarás. Ba chóir go mbeadh an pobal in ann féachaint ar na comhaltaí atá tofa agus na comhaltaí a bhéas roghnaithe anois de réir an slí atá an Bille seo ag dul. Tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh an pobal iad sin ag obair. Ní hamháin go bhfeicfeadh siad ag obair iad ach go mbeadh siad ag plé na gceisteanna go hoscailte atá á gcur acu i dtuairiscí ón bhfeidhmeannas, ón Stát nó ó thaobh rúin a bheadh roinnt de na comhaltaí ag iarraidh a rith. Measaim gur sin an áit atá sé i gceist.”
“D’úsáid an tAire mar shampla an Choiste Gnó anseo. Gach seachtain tugtar tuairisc dúinn go hoscailte sa Teach seo, tríd an bPríomh-Aoire, ar cad a bhí á phlé ag an gCoiste Gnó. Maidir le Coimisiún Thithe an Oireachtais, is bord comhlachta atá i gceist ansin - tá príomhfheidhmeannach ann - a bhíonn ag plé ceisteanna caiteachas agus a leithéid. De ghnáth in aon bhord, ní dhéantar é sin i mbealach atá oscailte don phobal ach bíonn an cinneadh ar fáil sa deireadh thiar thall. Sa leasú seo, níl muid ach ag lorg go mbeadh an cruinniú míosúil oscailte. Níl muid ag iarraidh go mbeadh gach uile chruinniú oscailte. Tá aitheantas tugtha, dar ndóigh, toisc an castacht atá i gceist anseo, go bhfuil siad ag déileáil le gnéithe faoi leith.”
“Is é sin an fáth go bhfeiceann siad air. Tá sé tábhachtach don daonlathas go bhfuil an deis sin ann. Is é sin an sórt ruda atá i gceist. Tuigim má tá an tAire ag iarraidh féachaint ar a leithéid seo agus teacht ar ais. Agus muid ag tabhairt an daonlathais ar ais, nó ag bogadh i dtreo an daonlathas a thógáil ar ais ina iomláine ó thaobh an údaráis, is cuid den domhan nua é seo go bhfeiceann an pobal na cinntí á nglacadh agus an daonlathas ag obair.”
“Bheadh na leisceoirí aitheanta cuibheasach tapa, dá mba ghá. Is gnáthchleachtas anois é seo. Tá sé le feiceáil sna coistí anseo. Bíonn seisiúin phríobháideacha ann agus ansin téann tú isteach go seisiún oscailte. Is féidir a leithéid a dhéanamh. Caithfidh an cleachtas sin a bheith ann ó thús. Is cuimhin liom an díospóireacht – ní raibh mise ar an gcomhairle cathrach anseo riamh – nuair a bhíothas ag caint faoi live streaming a dhéanamh. Bhí alltacht ar na comhairleoirí cathrach siúd. Dúirt siad go mbeadh deireadh le gach rud, ach níor thit an tóin as an domhan dá thairbhe sin. Is gnáthrud anois é. Níl a fhios agam cé mhéad den phobal a fhéachann isteach ar na cruinnithe seo, má fhéachann siad isteach orthu in aon chor. B’fhéidir go bhfuil sé cosúil le Oireachtas TV. Titeann daoine ina gcodladh ag féachaint air sin.”
“Tagann na nithe sin faoi bhráid an chomhairle agus is féidir iad a phlé go hoscailte leis na comhairleoirí tofa. Is minic go mbíonn an obair déanta roimh ré ag an feidhmeannas le plé agus cruinnithe laistigh den chomhairle. Is cruinnithe míosúla an údaráis atá i gceist, is iad sin, na cinn dlíthiúla is gá tarlú, áit a mbeidh na cinntí deireanacha á nglacadh seachas na bunchinntí. Is ag an stad seo gur gá don daonlathas a bheith ann. Dá mbeadh sé chomh oscailte sin, ní bheadh na lads nó lassies, mar a bhí an tAire ag déanamh trácht orthu, ag seasamh sa toghchán le Gaeilge ach gan spéis ar bith acu. Ní bheadh siad sásta go mbeadh an pobal ag féachaint isteach mar bheadh sé soiléir cuibheasach tapa cé acu de na comhaltaí tofa - nó fiú na comhaltaí atá á roghnú ag an Aire - atá gafa le hobair an údaráis nó atá dírithe isteach uirthi.”
“Déanann sé cinnte de, sa lá atá inniu ann, go mbeidh an daonlathas trédhearcach agus go mbeidh cruinnithe míosúla an údaráis poiblí, mar atá ag na húdaráis áitiúla agus ag na area committees i mBaile Átha Cliath chomh maith. B’fhéidir go bhfuil a leithéid ag coistí eile. Tuigim go bhfuil cásanna ar leith nuair nach féidir é seo a dhéanamh, agus is é sin an fáth go bhfuil sé leagtha síos nach gá go mbeidh na seisiúin, ina bhfuil cinntí á nglacadh nó á bplé a bhfuil íogaireacht tráchtála nó eile ag baint leo, poiblí. Tá aitheantas ann gur comhlacht trádála atá i gceist a bhíonn ag déileáil le rudaí casta airgeadais. Sa chomhthéacs sin, uaireanta ní cheart go mbeadh na seisiúin phoiblí. Bíonn an comhairle cathrach i mBaile Átha Cliath ag déileáil le ceisteanna móra casta faoi rátaí, páirceáil, cíos agus a leithéid.”
“Tairgim leasú Uimh. 19: Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht 7 . Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): “(10) Reáchtálfaidh an tÚdarás cruinnithe míosúla i seisiún poiblí, a mbeidh rochtain oscailte ag an bpobal agus ag na meáin orthu, ach beidh de chumas agus de chead ag an mbord cinneadh a dhéanamh roimh ré nach féidir leo ábhair áirithe, a bhfuil íogaireacht tráchtála nó eile ag baint leo, a phlé i seisiún poiblí, ach gur gá na hábhair sin a phlé i seisiún príobháideach.”.”. Is ceann simplí é seo.”
“Tairgim leasú Uimh. 17: Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht 7 . Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): “(10) Déanfaidh an tÚdarás straitéis a ullmhú agus a fhoilsiú nach déanaí ná bliain tar éis achtú an Acht a seo, i gcomhairle le pobail Ghaeltachta, Uisce Éireann, Bord Soláthair an Leictreachais, Líonraí Gáis Éireann, Bonneagar Iompair Éireann, an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide agus na soláthraithe bonneagair cumarsáide faoina rialáil, na húdaráis áitiúla atá freagrach as ceantair Ghaeltachta, agus na Ranna Rialtais iomchuí, maidir le tosaíochtaí don bhonneagar uisce, séarachais, leictreachais, gáis, bóithre agus iompair, cumarsáide fóin, leathanbhanda, agus eile, a chuimseoidh amchlár feabhsúcháin agus seirbhíse do cheantair ag a bhfuil easpa seirbhíse nó fadhbanna seirbhíse sa Ghaeltacht, go háirithe iad siúd atá ag cur bac ar fhorbairt eacnamaíochta, shóisialta agus cultúir an phobail agus deiseanna fostaíochta agus cónaithe a chruthú agus a choimeád, agus beidh sé de dhualgas ar na heagrais stáit go léir thuasluaite gníomhú dá réir.”.””
“Ní fheicim ceann amháin ag déanamh rud éigin toisc go bhfuil an ceann eile ag déanamh rud eile chun cuidiú le pé maoiniú caipitil atá acu a leathnú amach. Sa chás seo, níl muidne ach ag déanamh moltaí maidir le tuairisc.”
“Tá go leor scéimeanna trínar féidir leis an údarás airgead breise caipitil a chaitheamh. Faoi cheann amháin, is féidir cuidiú a thabhairt le bonneagar a thógáil ach, gan aon straitéis ná cur chuige, tá sé níos deacra mar níltear ach ag déanamh giota anseo agus ansiúd go piecemeal. Níl tú ag obair leis an údarás áitiúil chun leath den airgead a thabhairt do thogra toisc go bhfuil tú ag iarraidh páirc thionsclaíochta a thógáil agus go bhfuil suíomh béal dorais á oscailt gur féidir leis an údarás áitiúil tithíocht a thógáil air má cheannaíonn sé é. Ba chóir go mbeadh caidreamh leanúnach mar seo ann. B'fhéidir go bhfuil ach ní fheicim toradh aon obair idir an t-údarás agus na comhairlí áitiúla.”
“Níl an pobal ag bánú ó na ceantair Ghaeltachta de thairbhe easpa fostaíochta anois ach de thairbhe easpa tithíochta. Mar a dúirt mé, in 2009 ba 1:3 an coibhneas a bhí ann. Anois, is 1:11 é. Tá fás ollmhór tar éis teacht ar an maoiniú don IDA ach níl sé sin tar éis tarlú don údarás. Tá ardú tagtha ach tá an coibhneas as riocht. Níl aon mhórardú tagtha ar an airgead nó an caiteachas caipitil. Smaoineofá gur san áit seo a bheadh an t-airgead ag fás. D'ardaigh mé an cheist seo cúpla uair sa choiste le hAirí difriúla. D'fhiafraigh mé cén fáth nach raibh ach €1 milliún breise, nó airgead breise ar bith, á thabhairt don bhuiséad. An é nach raibh pleananna ag an údarás aon rud a dhéanamh? Nach raibh athchóiriú le déanamh ar na foirgnimh atá aige? Níor tugadh freagra ceart dom riamh.”
“Nuair a tugadh dualgais bhreise agus maoiniú dó chun dul i dtreo na pleanála teanga, bhí sé in ann é a dhéanamh. Má tá tú ag obair ar an ngannchuid, muna bhfuil tú in ann teacht ar airgead tú féin agus má tá d'obair ag brath go huile agus go hiomlán ar an Stát, tá sé níos deacra. Tá a fhios againn go bhfuil titim ar an gcoibhneas ó thaobh an t-airgead a bhí á fháil ag Údarás na Gaeltachta ó 2009. In 2009, do gach uile euro a bhfuair Údarás na Gaeltachta, fuair an IDA €3. Bhí airgead maith ag dul isteach san údarás ach, ag an am sin, bhí sé dírithe ar fhiontraíocht, ar thionsclaíocht agus ar phoist a chruthú amháin. D'éirigh go maith leis agus feiceann muid an toradh sna ceantair Ghaeltachta. Níl an dífhostaíocht chomh mór agus a bhí sna seachtóidí agus sna hochtóidí.”
“Tá a fhios againn ar fad cad a tharla ó thaobh an údaráis nuair a tháinig an ghéarchéim eacnamaíochta nuair a theip ar an tíogar Ceilteach. D'fhéach an bord snip agus a leithéid air amhail is gur fiú fáil réidh leis. Is é an fáth go bhfuarthas réidh leis na toghcháin ná gur chosain siad airgead, cé nár ghá leo aon mhórairgead a chosaint. Ag an am, bhíodar den tuairim gur chóir an t-údarás a chur isteach leis an IDA nó Fiontraíocht Éireann. Bhí an t-ádh linn go raibh cosaint ann, gur lean an t-údarás agus gur láidríodh é i mbealach amháin toisc go ndíríodh isteach ar cheist na pleanála teanga. Má théitear siar 30, 40 nó 50 bliain ó shin, ní raibh an phleanáil teanga chomh lárnach sin ó thaobh an údaráis. In ainneoin go raibh sé ar cheann de na rudaí ar ghá dó a dhéanamh, ní raibh an cur chuige ann.”
“Sa bhealach seo, bheadh ar an údarás dul i gcomhairle leo agus tuairisc a fhoilsiú agus a uasdátú gach cúig bliana chun díriú isteach ar na ceisteanna gur gá a leigheas. Tá a fhios againn na fadhbanna ach níl na hacmhainní, an scil, an chumhacht ná an seasamh agam chun é sin a dhéanamh ná chun na Ranna nó na hAirí a mhealladh chun éisteacht a thabhairt dom. Leis seo, leagfaí amach straitéis. Má tá straitéis ann, chaithfí gníomhú dá réir. Táim cinnte go bhfuil an gá sin ann. Is ceann de na rudaí atá taobh thiar de seo ar fad ná nárbh fhiú tráithnín straitéis a chur le chéile muna bhfuil geallúint ann go mbeadh an maoiniú ann nuair atá sé foilsithe. Luaigh muid cheana féin go bhfuil cumhachtaí ag an údarás ach caithfidh an t-airgead a bheith aige.”
“Tá an ceart ag an Teachta Ó Conghaile. Nuair atá tú ag caint faoi leasuithe, deir tú an méid atá le rá agat agus ansin síleann tú go dtuigeann daoine an loighic atá ann. Sa chás seo, ní gá ach féachaint ar leasú Uimh. 15. Tá sé an-simplí. Deir sé "Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle le húdaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéar feidhme, le Roinn na Gaeltachta, agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta a ullmhú agus a fhoilsiú". Nílimid ag tarraingt dualgas ó na húdaráis áitiúla. Táimid ag déanamh cinnte de go ndéanfaidh siad na dualgais sin a chomhlíonadh. Tá an jab sin acu cheana féin ach, mar a dúirt an Teachta Connolly, tá siad ag déanamh neamhairde orthu.”
“Tá a fhios ag aon duine atá ina chónaí sna ceantair seo cad í an bhunfhadhb. Tá tuairimí agus réiteach na faidhbe acu ach níl an chumhacht, an t-airgead ná an cead acu. Caithfimid díriú isteach ar na trí rud sin. Leis na leasuithe seo, tá muinín á chur san údarás gur féidir leis cuidiú leis an rud seo. Sna ceantair sin, níl muinín sna comhairlí contae ná sa Rialtas.”
“Is é sin an fáth go bhfuil riachtanas ann go ndéanfar cinnte de go bhfuil an bonneagar ann chun gur féidir daoine a mhealladh chun fanacht sna ceantair sin agus tithe a thógáil nó a cheannach iontu. Leis na leasuithe seo, táimid ag iarraidh an Bille a dhíriú ar na fadhbanna bunúsacha atá leagtha síos. Chun é sin a dhéanamh, caithfidh straitéis a bheith ann don daonra agus do thithíocht sa Ghaeltacht. Caithfidh a fhios a bheith againn cé mhéad teach atá agus a bheidh i gceist, cad iad na nithe breise atá ag teastáil má táthar ag caint faoi deich, 20 nó 100 teach breise i gceantar, cad é an t-ualach breise a bheidh ar chóras uisce an cheantair agus an bhfuil gá cur leis an infreastruchtúr sin. Ansin, caithfidh a fhios a bheith againn conas a dhéanamh cinnte de go dtarlóidh sé sin.”
“Feiceann tú ansin cé chomh leochaileach agus scoilte amach is atá siad. Ní bhaineann roinnt de na fadhbanna seo le ceantair Ghaeltachta amháin. Baineann siad le ceantair thuaithe agus ceantair atá scartha amach ó na bailte nó na sráidbhailte. Mar a luaigh mé cheana féin, sa chás seo táimid ag caint faoin nGaeltacht agus táimid den tuairim gur chóir go mbeadh eisceacht déanta chun cosaint a thabhairt don tseoid chultúrtha atá againn. Ní mhairfidh an tseoid sin muna bhfuil daoine ina gcónaí sna ceantair sin, ag labhairt na Gaeilge agus ag obair trí Ghaeilge agus muna bhfuil páistí ag freastal ar scoil trí Ghaeilge. Caithfidh sé seo a tharlú glúin i ndiaidh glúine má tá an stair sin le leanúint ar aghaidh.”
“I roinnt cásanna, bheadh tithe tógtha ag an ngnáthphobal ach níl an t-infreastruchtúr ann agus ní féidir cead pleanála a fháil toisc nach bhfuil córas uisce, séarachais ná leictreachais ar fáil. Chonaic muid cé chomh leochaileach is atá ceantair éigin leis an stoirm le déanaí. Mar atá a fhios againn, tá an chuid is mó de na ceantair Ghaeltachta ar an gcósta. Tá siad leochaileach toisc go bhfuil an tAtlantach timpeall orthu agus á mbualadh nuair a tharlaíonn stoirmeacha. Bíonn ceantair eile oscailte don fharraige, don ghaoth agus do na gálaí a bhíonn ag bualadh na tithe. In ainneoin go bhfuil na ceantair sin go hálainn le feiceáil ar laethanta breá samhraidh, go minic bíonn sé deacair a bheith ag maireachtáil iontu nuair atá stoirm á mbualadh toisc go bhfuil siad iargúlta.”
“(11) Déanfar na Straitéisí a shonraítear i bhfo-alt (10) a uasdátú gach 5 bliana.”.”. Táimid ag déileáil anseo le grúpa de leasuithe atá curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge agus againn féin chun díriú isteach ar cheist a bhfuilimid tar éis roinnt di a ardú cheana féin, is é sin, ceist an bhonneagair nó infreastruchtúir sa Ghaeltacht agus an fhreagracht atá ar pé duine ar a bhfuil sí. Faoi láthair, den chuid is mó, tá sí ar na comhairlí contae nó ar Uisce Éireann. Is léir dúinn nach bhfuil an infheistíocht cheart ann. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as forbairt teanga, tionscail agus pobail sa Ghaeltacht. Táimid ag iarraidh feidhm a thabhairt di maidir le tithíocht sa Bhille seo. Mar a dúirt mé, tá sé riachtanach go ndéileálfaimid ní hamháin leis an tithíocht ach leis an mbunfhadhb infreastruchtúir freisin.”
“Tairgim leasú Uimh. 15: Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach: “(2) Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): “(10) Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle le húdaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéar feidhme, le Roinn na Gaeltachta, agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta a ullmhú agus a fhoilsiú, tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis achtú an Achta seo, i gcomhair gach Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, ina leagfar amach spriocanna soiléire intomhaiste chun fás inbhuanaithe na bpobal Gaeltachta a chinntiú agus chun soláthar cuí tithíochta a chinntiú chun tacú leis an bhfás sin.”
“Tairgim leasú Uimh. 11: Ar leathanach 13, líne 8, “agus féadfaidh an tÚdarás talamh nó teach a cheannach, a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a athchriosú, nó a shealbhú don chúis seo” a chur isteach i ndiaidh “sa Ghaeltacht”. Tá sé sin á tharraingt siar.”
“Tá ról ag an údarás agus tá ról freisin ag na húdaráis áitiúla, an Stát agus na co-ops agus comhlachtaí tithíochta atá luaite againn. Tá ról ag a lán eagraíochtaí. Beidh mé ag tarraingt siar leasuithe Uimh. 8, 10 agus 11 chun gur féidir linn bogadh ar aghaidh go dtí roinnt de na cinn eile.”
“Gabhaim buíochas leis an Aire as an dtairiscint sin. Tá mé breá sásta ar bhonn na geallúna sin na trí leasú seo a tharraingt siar. Measaim go mbeidh sé tábhachtach, fiú má tá an Rialtas ag iarraidh é seo a bhogadh ar aghaidh, sula mbogaimid go dtí Céim na Tuarascála go mbeadh na cruinnithe sin ag an Aire leis na heagrais a luaigh sé. Tá an cheist a d’ardaigh an Teachta Connolly an-tábhachtach chomh maith. Is féidir linne a bheith ag rá anseo go bhfuil an chumhacht ag an údarás ach má tá an Ard-Aighne ag rá nach bhfuil, ba cheart dúinn a bheith cinnte nuair atá muid ag déileáil leis seo agus á chríochnú go bhfuilimid ag tabhairt na gcumhachtaí is cuí don údarás ionas gur féidir leis an ról atá agus a bhéas aige a imirt chun déileáil leis an ngéarchéim thithíochta sna ceantair Gaeltachta.”
“Tagann moill ar chúrsaí toisc an maorlathas nuair a ghlacann sé smacht ar an gcóras agus ansin cailltear an deis a bheith ag cuidiú leis an gcomhphobal áitiúil. Uaireanta bíonn na deiseanna sin i gceist ó thaobh tithíochta agus ó thaobh talaimh de. Is trí rud shimplí iad. Tá súil agam go mbeidh an tAire in ann glacadh leis na leasuithe agus ansin gur féidir linn bogadh ar aghaidh go dtí an chéad alt eile.”
“Ansin coimeádann tú roinnt smachta air agus muna bhfuil an comhlacht ceadaithe tithíochta sin nó na húdaráis tithíochta ag cloí leis an léas gur féidir iad a tharraingt siar nó ar a laghad amach anseo, i gceann 100 bliain, go bhfuil an talamh fós ag an údarás agus gur féidir a fhéachaint an bhfuil sé ag iarraidh iad a dhíol ina iomláine, cur leo nó pé rud atá i gceist. An leasú is mó atá againn ná go bhfuilimid ag iarraidh cur leis an méid atá luaite ag an Aire trí cinnte a dhéanamh go gcuirfí san áireamh: “lena n-áirítear saoráidí sóisialta, cultúir agus gnó agus, chuige sin, beidh an chumhacht ag an Údarás chun leas i maoin agus i réadas a cheannach nó a fháil ar cibé téarmaí, agus faoi réir cibé coinníollacha, is cuí leis”. Beidh talamh i gceist uaireanta.”
“Sa chás sin, bheadh siad á ligin ar léas, ag déanamh conradh nó á ndíol leis na comhlachtaí seo chun iad a bhainistiú. Níl comhlacht bainistíochta tithíocht atá i gceist in Údarás na Gaeltachta faoi láthair. B’fhéidir amach anseo gurb é sin ceann de na rólanna a bhéas aige agus go mbeadh sé ag déanamh deisiú ar thithe shóisialta nó inacmhainne. Níl muid ach ag déanamh iarracht gach angle a chlúdach sa chás seo. Ansin, ní hé go mbeadh na rudaí seo díreach á ndíol ach go bhféadfaí iad a chur ar léas.”
“Táimid ag tapú an deis breis a chur isteach anseo chun cinnte a dhéanamh de nuair atá muidne críochnaithe leis an mBille go mbeidh pé cumhachtaí breise ag an údarás atá de dhíth air, atá ag teastáil uaidh, nó a shílimid a bhfuil gá leo. Táimid ag déanamh cinnte de go bhfuil an tuiscint ceart againn anseo. Tá triúr againn tar éis a lua go sílimid go bhfuil cumhachtaí ag an údarás nach bhfuil in úsáid acu cheana féin. Ó thaobh an leasuithe de, má fhéachaimid ar an gcéad cheann, níl muid ach ag iarraidh go bhféadfadh an t-údarás talamh nó teach a dhíol le comhlacht ceadaithe tithíochta. Tá sé éasca go leor talamh a dhíol le ceann de na comhlachtaí ceadaithe tithíochta seo nó le húdarás tithíochta ach tá seans ann go mbeadh an t-údarás ag tógaint tithíochta agus ansin nach mbeadh sé ag iarraidh bainistíocht a dhéanamh ar na tithe sin.”
“Níl muid ag dul níos faide ná sin. Luaigh an tAire nach féidir gach rud a dhéanamh i mBille faoi thoghchán. Tá an ceart aige ach tá sé leagtha síos sa Teideal Fada go bhfuil sé seo dírithe ní hamháin ar an toghchán ach freisin ar “leathnú fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta” agus ar shocraithe “i dtaobh nithe gaolmhara”. Tá sé in ord againn mar sin an rud seo a phlé. An fáth go bhfuilimid á phlé seo ná toisc nach minic a bhíonn reachtaíocht ag teacht os comhair Thithe an Oireachtais ag déileáil le ceist na Gaeltachta. B’fhéidir go mbeimid ag fanacht deich mbliain eile sula mbeidh an chéad Bhille eile ag déileáil le hÚdarás na Gaeltachta. Tá súil agam nach mar sin a bheidh ach sin mar atá tarlaithe.”
“Tá súil agam go mbeidh na treoirlínte againn agus guím gach rath ar an obair sin. Tuigim go bhfuil an tAire sa jab ar feadh tréimhse an-ghairid ach tá an t-eolas ag an údarás maidir leis na fadhbanna a shíleann sé atá aige. Ní gá ach scairt a chur ar bhaill an údaráis agus leagfaidh siad síos an bhuairt atá orthu nó cá háit a bhfuil soiléireacht ag teastáil maidir leis na feidhmeanna tithíochta nó an chumhacht a shíleann siad nach bhfuil acu nó áit nach bhfuil an mhaoin ann. Níor tugadh airgead riamh d’Údarás na Gaeltachta ón Státchiste chun tithe a thógaint nó chun infheistiú a dhéanamh in infreastruchtúr ar mhaithe le tithíocht in ainneoin, mar atá luaite agam, go bhfuil an chumhacht acu. Ó thaobh an leasú atá againn, níl muid ach ag iarraidh cur leis an méid atá á chur isteach ag an Aire. Is mionrudaí iad an trí leasuithe seo.”
“Is dóigh liom gurb é sin an bealach a luaitear é nuair atá leasuithe mar sin curtha as ord. Caithfimid a dhéanamh cinnte de go bhféadfaimis a mholadh don Aire féachaint orthu - leasuithe Uimh. 12, 13, 14 agus 16 - in ainneoin go bhfuil siad as ord toisc go bhfuil siad faoi deara muirear a chur ar an ioncam. Iarraim ar an Aire díriú isteach orthu siúd mar go gcuireann siad leis an méid atá á rá againn anseo. Leagann siad amach ar bhealach níos mine an cás ná na mionleasuithe Uimh. 8 go dtí Uimh. 11. Leagann siad amach conas is féidir díriú isteach ar an ngéarchéim tithíochta i gceantair Ghaeltachta.”
“Caithfimid teacht ar bhealach éigin chun an tosaíocht sin a bhronnadh ar na ceantair sin. Ba chóir go mbeadh ciste ar leith ann agus, más féidir, é a bheith bainistithe ag an údarás, ag approved housing body Gaeltachta, ag na comhairlí contae nó ag an Stát féin. Caithfear é sin tarlú chun a dhéanamh cinnte de go bhfuilimid ag díriú isteach ar na ceisteanna tithíochta. Is mionleasuithe iad seo. Tá leasú eile nach raibh cead againn a chur chun cinn toisc go raibh costas i gceist. Is é sin ceann de na fadhbanna bunúsacha nuair atá ag an bhFreasúra, go bhfuil tuairimí maithe againn, nó ag eagras cosúil le Conradh na Gaeilge, agus go gcuirtear na leasuithe seo chun cinn in ainneoin go bhfuil a fhios againn go minic go mbeidh cosc curtha orthu go mbeidh siad faoi deara “muirear ar an ioncam”.”
“Mura bhfuil sé, is fiú go ndéanfaidh sé cinnte de go bhfuil carn airgid ar leith curtha ar leataobh ag an Stát le go bhféadfaí, mura bhfuil an chumhacht ag an údarás - tá súil agam go mbeidh - le go mbeidh an t-údarás nó na comhairlí contae in ann tarraingt as chun díriú leis an bhfadhb bhunúsach ó thaobh infrastruchtúir, séarachais, uisce agus leictreachais de i gceantair Gaeltachta maidir leis an gceist thithíochta. Mura tharlaíonn sé sin, is léir dom ó bhualadh le hUisce Éireann nach bhfuil tosaíocht ar bith ag an gcomhlacht sin faoi na ceantair bheaga Ghaeltachta. Tá an comhlacht sin dírithe ar na pleananna móra agus uisce a chur ar fáil do 1,000 teach nó 2,000 teach. Níl sé buartha faoi chóras séarachais atá dírithe ar 50 nó 60 teach i gceantair iargúlta na Gaeltachta.”
“Caithfimid díriú isteach ar an mBille seo ar an gCéim seo istigh anseo idir an dá linn. Tiocfaimid ar ais ar an gceist sin ach tá an deis againn ar an gCéim seo. Nuair a bheimid ag teacht ar ais anseo ar Chéim na Tuarascála, tá an deis ag an Aire díriú níos mó isteach air seo agus féachaint an féidir an cúpla focal breise a chur san Acht, le go mbeadh breis deiseanna ag an údarás díriú isteach ar an gceist seo. Is ansin freisin go dtabharfadh an tAire Airgeadais - ní hé an tAire, an Teachta Calleary, an tAire Airgeadais - níos mó airgid don údarás chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil an caipiteal aige chun cur leis an méid talaimh atá ag an údarás agus díriú isteach ar roinnt den tithíocht seo a chur ar fáil, más é sin an treo ina bhfuil an tAire, an Teachta Calleary, sásta dul.”
“Ní gá ach féachaint ar chathair na Gaillimhe agus an tslí ina bhfuil an chomhairle ansin tar éis eastáit tithíochta a thógaint sa chathair gan coinníollacha teanga ann nó aon chur chuige a bheith ag an gcomhairle chun a dhéanamh cinnte de go raibh an Ghaeilge slánaithe sna heastáit tithíochta sin thar na blianta. Tá bunfhadhb ansin. Táim sásta ar shlí amháin go bhfuilimid ag teacht ar ais chuige seo. Chun an tAire a chur ar an eolas, ní bheidh coiste Gaeilge ag bualadh le chéile roimh lár mhí Bealtaine. Bhíomar ag an gcruinniú díreach roimhe seo, mé féin, an Ceann Comhairle, agus a lán daoine eile, ag iarraidh díriú isteach ar Chathaoirligh agus ar bhaill a roghnú. Beidh siad roghnaithe agus beidh sé ag tarlú go luath i mí Bhealtaine ach ní bheidh cruinnithe ann.”
“B'fhéidir go bhfuil an ceart ag an tAire gurb é sin an fáth go bhfuil na comhairlí contae breá sásta anois á rá go bhfuil muid dírithe isteach ar an gceist seo. Rud amháin ná go bhfuil dualgais bhreise acu toisc an tAcht Pleanála agus go bhfuilimid ag díriú isteach ar na treoirlínte am éigin amach anseo. B'fhéidir go bhfuil siad sásta dá mbeimid ag rá chun an dualgas ar fad a bhogadh chuig an údarás. Ansin, déarfadh siad happy days, mar nach mbeadh gá acu ansin déileáil leis an nGaeltacht, le BÁNÚ nó le haon dream mar sin. Ní hé sin a bheadh i gceist againn agus ní hé go mbeadh na comhairlí contae scartha amach as.”
“Ní dhearna na comhairlí contae a leithéid, tá a fhios agam, agus tá an ceart ag an Aire. B’ait liom an tslí nuair a tháinig na comhairlí contae os comhair an choiste cé chomh haineolach is a bhí siad ar shlí amháin. Chuir siad an milleán ar an Aire tithíochta agus iad á rá nach bhfuil aon treoirlínte agus níor thuig siad céard a bhí le déanamh acu. Bhí dream amháin ag déanamh rud amháin agus dream eile nach raibh ag déanamh rud ar bith. Ar shlí amháin, bhí siad ag rá go raibh siad ag fanacht ar threoir éigin. Bhí agus tá gach uile chomhairle contae sa tír seo in ann tithe a thógáil agus tá suíomhanna acu. Mura bhfuil na suíomhanna acu, tá sé de cheart agus de chead ag na comhairlí sin na tailte sin a cheannach.”
“Go háirithe nuair a smaoinítear siar ar an bPríomh-Acht ó 1979, scríobhadh ann: Chun críocha an ailt seo beidh de chumhacht ag an Údarás talamh, foirgnimh, margaí, áitribh [sin áit a bhfuil cónaí ar dhuine] nó gléasra a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile agus foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógáil, a athrú nó a chothabháil. Bhí aitheantas éigin ann in 1979 go raibh gá don údarás díriú isteach air seo ag am éigin ach tharla athrú idir an dá linn agus níor tugadh an mhaoin agus an caipiteal dó chun díriú isteach ar an gceist seo. Mar atá léirithe, níl an saineolas nó an fhoireann acu toisc nach raibh sé dírithe ar an gceist seo go hiomlán. Ghlac sé, mar a ghlac an chuid eile den tír, go raibh an jab seo le déanamh ag na comhairlí contae.”
“Caithfidh cead a bheith ag an údarás an teach sin a dhíol sa chás sin nó b'fhéidir tithe a dhíol, is é sin go bhfuil sé dírithe chun déileáil leis an bhfadhb bhunúsach atá ann nach bhfuil tithe inacmhainne ar fáil. Is mionrudaí iad. Chuala mé an tAire agus gur chóir dúinn díriú isteach air seo agus tá súil agam go ndéanfaimid é sin. Tá an t-aitheantas ann go bhfuilimid ag bogadh sa treo ceart sa Bhille seo agus go bhfuil an leasú seo ag teacht leis an bPríomh-Acht.”
“Maidir leis na trí leasú atáimid ag déileáil leo faoi láthair, leasú Uimh. 8 go dtí 11, is cinn cuibheasach simplí iad. Níl siad ach ag déanamh cinnte de go bhfuil na cumhachtaí breise ag an údarás agus ní cumhachtaí móra atá i gceist ann. Tá siad ag déanamh cinnte de má tá an t-údarás ag díol nó ag ceannach, gur féidir leis é sin a dhéanamh i gceart. D'fhéadfadh an t-údarás talamh a dhíol. Bheadh sé in ann talamh nó teach a dhíol nó a chur ar léas. Aontaím leis an Teachta Connolly nár chóir go mbeimid i gcónaí ag díol talamh poiblí nó teach poiblí ach caithfimid féachaint air sin. Uaireanta, is teach amháin atá i gceist: má cheannaítear suíomh mór talaimh chun ionad tionsclaíochta nó Gteic nua a thógáil, bíonn teach leis an suíomh.”
“Seachas sin, táimid ag tabhairt na deise don údarás, áit a bhfuil talamh aige nach bhfuil aon fhiúntas nó plean aige di, gur féidir leis féachaint an gcuideoidh sé le fadhb thithíochta i gceantar áirithe a leighis. Bheadh clanna á gcur ann agus fostaithe á gcothú do chomhlachtaí atáthar ag triail a lonnú sa cheantar. Dhéanfaí cinnte de go mbeadh beocht ag teacht ar ais i roinnt de na ceantair Ghaeltachta atá an-leochaileach faoi láthair agus a d'fhéadfadh bás a fháil laistigh de ghlúin amháin.”
“Tá frustrachas ann. Tá a fhios ag daoine go bhfuil an dualgas sin ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe, mar shampla, ach níl sé ag tarlú. Níl an talamh sa cheantar á ceannach aici agus níl an t-infreastruchtúr á chur isteach. Is de bharr gur scéimeanna beaga tithíochta atá i gceist nach bhfuil an tosaíocht chéanna á tabhairt mar is gá. Níl aitheantas ann ar an ngá an Ghaeltacht a chosaint agus gur gá rudaí eisceachtúla a dhéanamh seachas an ghnáthchóras. Tá jab ar leith le déanamh. B'fhéidir go mbeidh na comhairlí contae chun déileáil leis seo, ach an frustrachas a bhí ar lucht na gcomhairlí contae nuair a tháinig siad os comhair an chomhchoiste ná nach raibh na treoirlínte ann. Is féidir linn dul tríd ceist na dtreoirlínte agus cén tAire atá i gceist - deir duine amháin an tAire Gaeltachta agus deir duine eile an tAire tithíochta.”