← LEADERSHIP TERMINAL

DÁIL ÉIREANN · FORMER

Aengus Ó Snodaigh

Dublin South-Central · Sinn Féin · Ireland

IN THEIR OWN WORDS

In a reply to a parliamentary question on MetroLink in April of this year, the Minister, Deputy O'Brien, again stated his belief that the MetroLink terminus can facilitate any potential future MetroLink expansion to serve the south west, south or south east of Dublin should sufficient demand develop. That demand is already there.

SITTING OF 2026-07-16 · READ THE OFFICIAL REPORT

A millennium and a half later, with Ireland serving as the President of the Council of the European Union, it is the same law we want to see enforced in the era of AI. In the words of the author Scott Turow, in paraphrasing The Atlantic's Alex Reisner, the bold future promised by AI has been "created with stolen words".

SITTING OF 2026-07-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

Tá roinnt samplaí anseo agam. Glacaim leis gur chuir an conradh agus BÁNÚ roinnt samplaí eile chuig an Aire ag léiriú an damáiste a dhéanfaidh sé sin. In ainneoin an méid atá ráite aige, i gceantair áirithe, tá coinníollacha ar leith ann ó thaobh forbróirí atá ag forbairt iliomad tithíochta faoi láthair.

SITTING OF 2026-07-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

Theft is being rewarded and creativity is being punished to the tune of €22 billion globally in music and film, according to the International Confederation of Societies of Authors and Composers. The European directives are no longer fit for purpose because of the exemptions granted to train AI.

SITTING OF 2026-07-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

Cloisim é seo. Chuala mé é thar na blianta ó dhaoine a bhí ag iarraidh go laghdófaí teorainn na Gaeltachta. Bhí siad ag iarraidh díriú isteach ar na ceantair a bhí in ísle brí ó thaobh labhairt na Gaeilge chun iad a chaitheamh amach ón nGaeltacht. Bhí siad ag iarraidh go mbeadh an Ghaeltacht srianta go dtí ceantair ina bhfuil 50% ann.

SITTING OF 2026-07-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

Bhí líne den scoth sa leabhar Ag Caint Linn Fhéin , a scríobh Joe Steve Ó Neachtain, laoch an Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus ealaíontóir ildánach, "Is é an croí atá i gceol na hÉireann a dhéanann náisiún mór den náisiún beag seo ar fud an domhain." Tír gan teanga, tír gan anam. Tír gan ealaín, tír gan chroí.

SITTING OF 2026-07-14 · READ THE OFFICIAL REPORT

The complete record

Every one of 904 lines we hold for Aengus Ó Snodaigh, in date order, each linked to its source. Free to read, in full, without an account. Page 15 of 19.

  1. Is í aidhm na leasuithe seo, agus roinnt cinn eile, ná a chinntiú go bhfuilimid ag tabhairt na cumhachta don údarás tríd an mBille seo agus nach bhfuil aon srian ann. Tá deis againn rudaí a leathnú. Is féidir linn é a shrianadh agus a rá gur gá don údarás dul chuig an Aire nó seo nó siúd a dhéanamh, ach nach mbeadh an cosc ar an údarás talamh a dhíol nó a chur ar léas ar mhaithe le tithíocht. Faoi láthair, níl an chumhacht sin ag an údarás. Is é an jab atá aige ná déileáil le cur chun cinn na Gaeilge agus tionsclaíocht nó poist a chruthú sa Ghaeltacht. Ciallaíonn na leasuithe seo go mbeidh jab ar leith ag an údarás cuidiú le déileáil leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus go mbeidh na dualgais sin air. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann a deir go bhfuil dualgais ag na comhairlí contae agus gur cóir dóibh díriú ar an tithíocht.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  2. Tá an leasú seo ag déanamh cinnte gur féidir roinnt den talamh atá agus a bheidh ag an údarás - is gá dó talamh a cheannach anois is arís - a chur ar fáil chun a chinntiú, ar mhaithe le déileáil leis an ngéarchéim tithíochta, go mbeidh sé de chead ag an údarás córas séarachais a chur ar bun nó aon shórt infreastruchtúir eile ar shuíomh, agus go mbeidh an tuiscint ann ní hamháin go mbeidh seirbhís á cur ar fáil do na monarchana nó na haonaid Gteic aige, ach freisin go mbeidh sé ar fáil chun seirbhís a dhéanamh ar eastát beag tithíochta. Nílimid ag caint faoi eastát tithíochta cosúil le Tamhlacht nó Cluain Dolcáin, ach faoi deich nó 20 teach anseo is ansiúd. Fógraíodh anuraidh nó an bhliain roimhe go raibh scéim phíolótach chun tarlú agus go raibh an t-údarás chun breathnú ar na féidearthachtaí a bheadh aige.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  3. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil na hoibreoirí ag cónaí sa cheantar, go bhfuil an pobal ann chun a chinntiú go leanann an obair sin, go bhfuil an pobal agus na teaghlaigh ann chun a chinntiú go bhfuil pobal beo beathach ann, go bhfuil siopaí, búistéirí agus scoileanna ann, mar mura bhfuil an daonra ann, beidh daoine ag tiomáint isteach sa cheantar sin.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  4. Nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta ar dtús tar éis fheachtas chearta daonna na gcainteoirí sna ceantair Ghaeltachtaí sa 1970idí, bhí sé i gceist acu déileáil le ceist na fostaíochta toisc go raibh bánú ag tarlú ag an am sin de thairbhe nach raibh aon phoist sa Ghaeltacht. Tá tar éis éirí go hiontach leis an údarás thar na blianta. Tá poist sa Ghaeltacht anois. Nuair a thugtar cuairt ar an nGaeltacht, is léir go bhfuil fadhbanna ann, ach nuair a fheictear na haonaid Gteic, na comhlachtaí atá tógtha ag an údarás ann agus an chóiríocht atá á dhéanamh aige ar na seanfhoirgnimh tionsclaíochta sna ceantair Ghaeltachta, tuigtear go bhfuil gá le breis airgid agus caipiteal breise chun cuidiú leis san obair sin.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  5. 20 den ghrinnscrúdú réamhreachtach ar an mBille: Molann an Comhchoiste gur cheart don Aire go ndéanfar cinnte de go mbeidh na feidhmeanna cuí ag Údarás na Gaeltachta ionas gur féidir leis tabhairt faoina chuid oibre go héifeachtach. Molann an Comhchoiste go mbeidh sé de chumas ag an Údarás an talamh a bhfuil faoina úinéireacht a ligean amach ar léas, ar mhaithe le heastáit tithíochta a thógáil i gceantair Ghaeltachta, nó chun athnuachan a dhéanamh ar chórais reatha uisce agus séarachais, nó chun bonneagair eile a thógáil, chomh fada is a chuideoidh na hoibreacha sin le príomhchuspóir Údarás na Gaeltachta an Ghaeilge a thabhairt slán go dtí an chéad ghlúin eile.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  6. Táimid ag iarraidh a chinntiú go bhfuil cónaí ar dhaoine sna ceantair Ghaeltachta, gur pobail beo beathach atá iontu agus go bhfuil seans ag lánúineacha lonnú ann, a gcuid páistí a thógaint ann agus go mbeidh na seirbhísí cuí ann chun go mbeadh siad in ann saol iomlán a bheith acu trí Ghaeilge. Ní féidir sin a dhéanamh, áfach, muna bhfuil teacht ar thithe. Táimid tar éis déileáil leis an gceist seo i gcomhchoiste na Gaeilge. Bhí tuairisc an-leathan againn ag díriú isteach ar cheist na tithíochta sa Ghaeltacht. Nuair a phléamar an cheist seo, mholamar an gá go mbeadh feidhmeanna breise agus maoiniú breise ag an údarás. De réir mholadh Uimh.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  7. Maidir leis na leasuithe atá in ord, táimid ag déileáil le leasuithe Uimh. 8 go dtí Uimh. 11, sraith leasuithe a bhaineann leis an ngéarchéim thithíochta. Bhíomar ag labhairt faoi sin tamall ó shin agus faoi na feidhmeanna atá nó ar chóir a mbeadh nó a bhéas ag an údarás. Bhí cúpla agóid thar na bliana ag BANÚ nó Tinteán agus ag Conradh na Gaeilge lasmuigh de Thithe an Oireachtais. D'ardaigh siad an cheist faoin easpa tithíochta agus an ghéarchéim ar leith atá sa Ghaeltacht nach bhfuil i gceantair eile. Tá mé tar éis é a lua cheana féin nach féidir le daoine teach a cheannacht nó a thógaint faoi láthair agus nach féidir teacht ar cinn ar cíos. Baineann sé sin le cúrsaí turasóireachta. Níl muid ag iarraidh scrios a dhéanamh ar ghnó turasóireachta na dtithe samhraidh. Tá siad i sáinn iad féin, de réir cosúlachtaí.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  8. Níor chóir go mbeadh aon duine ag seasamh don toghchán seo muna bhfuil siad sásta ionadaíocht cheart a dhéanamh dá gceantar, anois nó sa todhchaí. Sin atá i gceist. Is bord ar leith é seo atá ag cur bunréitigh ar fhadhbanna Údarás na Gaeltachta chun cinn. Tá súil agam nuair atá an feachtas á dhéanamh ag an údarás, agus ag an Aire féin nuair atá an Bille seo rite againn, go ndíreoimid isteach air sin. Is é sin an fáth a bhfuil daoine á gcur féin chun cinn. Ní ar mhaithe le hairgead é mar is airgead suarach atá i gceist don obair atá le déanamh agus gur chóir a bheith á dhéanamh ag aon duine a thoghfaidh an bord sin nó a roghnóidh an tAire amach anseo. Tiocfaimid chuige sin chomh maith.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  9. Is cuimhin liomsa nuair a bhuail muid leis gur leag sé amach cé chomh deacair is a bhí sé air teacht ar áit cónaithe sa Ghaeltacht, agus ní hé siúd amháin a luaigh sin linn go raibh an fhadhb bhunúsach sin ann. Gheofá áit cónaithe ar feadh sé mhí den bhliain agus ansin hard luck, bheadh tú amuigh i bpuball, ar thaobh na sráide nó lasmuigh den Ghaeltacht dá mbeadh an t-ádh leat. Tá fadhb bhunúsach ann munar féidir le daoine teacht ar áit, fanacht sa cheantar nó teach a fháil. Caithfimid teacht ar ais chuige seo. Caithfimid féachaint chuige nach bhfuilimid ag cur cosc ar dhaoine. Níl mise ag iarraidh go mbeadh duine ó Uíbh Fhailí, atá ina chónaí nó ina cónaí in Uíbh Fhailí, ag seasamh don toghchán cé gur Béarlóir é nó í gan spéis ar bith. Ní le bheith ar an mbord.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  10. Tá sé deacair ach tá daoine sa tír seo atá ceangailte leis an nGaeltacht agus atá ina gcónaí lasmuigh den Ghaeltacht, ar imeall na Gaeltachta, a bheidh dícháilithe anois seasamh sa toghchán toisc nach bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht. Muna n-athraítear seo, beidh dualgas orthu siúd a bhfuil spéis acu seasamh sa toghchán dul agus áit cónaithe a fháil sa Ghaeltacht má tá siad chomh gafa sin le seasamh i dtoghchán Údarás na Gaeltachta. An deacracht atá ann ná nach bhfuil na háiteanna ann. Ní féidir leo siúd atá ag obair ann áit cónaithe a aimsiú. Tá aithne againn ar dhaoine ar nós Victor Bayda agus a leithéid atá ina chónaí thíos in Uíbh Ráthach a bhfuil Gaeilge den scoth aige. Is duine de na daoine é atá gafa leis na scéimeanna teanga i gceantar Uíbh Ráthach.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  11. Tuigim gur rud casta é ach ní bheadh gach duine in ann seasamh sa toghchán mar ní bheadh siad inniúil sa Ghaeilge. Is é sin ceann de na buncháilíochtaí atá ann. Is alt 5(c)(2E) atá i gceist leis an trácht atá ar siúl againn anseo. Ghlacamar cheana féin - bhí díospóireacht ann ag an gcoiste agus anseo - gur gá do dhuine a bheith inniúil sa Ghaeilge agus ábalta gnó an údaráis a sheoladh trí mheán na Gaeilge. Is bunrud é sin. Tá fíorbheagán Gaeilgeoirí sa tír seo - tá roinnt acu ann – a bheadh naimhdeach don Ghaeilge agus a bheadh ag dul san iomaíocht i dtoghchán de chuid an údaráis. Bheidís ag cur as dóibh féin agus don saol chun seasamh sa toghchán agus ansin a bheith tofa. Thuigeadh daoine nach mbeadh meas madra acu sa chás sin.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  12. Caithfimid féachaint an féidir linn foclaíocht eile fháil a dhéanfadh cinnte de sin. Táimid tar éis glacadh leis cheana féin leis an gceist faoi B2, coinníoll amháin atá ann. Táimid ag déanamh iarracht gur muintir na Gaeltachta a bheidh mar ionadaithe amach anseo ar Údarás na Gaeltachta ach nílimid ag iarraidh go mbeadh an srian ann. D'fhéadfadh duine a bheith bogtha isteach in aice leis an sráidbhaile mór is giorra ach go bhfuil sé nó sí fós ar imeall na Gaeltachta. Ní hé sin a bhí i gceist aige nó aici ach go raibh sé i gceist acu mbeadh siad bogtha sa Ghaeltacht ach nach raibh teach ar fáil dóibh. Is é sin bun agus barr na faidhbe atá agam leis seo.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  13. Rinne an coiste plé air seo agus bhí siadsan den tuairim sin, tar éis na camchuairte agus labhairt leis na heagrais agus le roinnt díobh siúd. Shílfeá amach anseo go mbeadh siad sásta dul san iomaíocht ar mhaithe leis an gceantar toisc go bhfuil an saineolas sin acu sa cheantar ach nach raibh siad in ann cónaí laistigh den teorainn Ghaeltachta. Aon duine a dhéanann taistil go hUíbh Ráthach, go háirithe, feictear cé chomh ait is atá an teorainn sin. Téann tú isteach agus amach uaithi agus tú ag bogadh timpeall an cheantair sin. Tá sé sin fíor i gceantair eile freisin. D'fhéadfá a bheith ar imeall na Gaeltachta, go bhfuil na páistí ag freastal ar an scoil sa Ghaeltacht, ag obair d'Údarás na Gaeltachta, mar shampla, ach fós ní bheadh sé de chead agat de réir na forála seo, seasamh ann.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  14. Tá a fhios againn ar fad, áfach, go bhfuil géarchéim thithíochta ann - is iad na daoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht a bheadh i bhfad Éireann níos fearr chun labhairt faoin cheist seo ná mé - ach tá a fhios agam ó bheith bainteach leis an gcoiste Gaeilge anseo agus an camchuairt a rinne muid ar na ceantair difriúla cé chomh deacair is atá sé ar lánúin teach cónaithe a fháil i gceantar Gaeltachta. Ardaíodh an cheist maidir le Airbnb. Ní féidir fiú áit a fháil ar cíos. Má chuirtear é seo i bhfeidhm, tá seans ann go gcuirfidh sé as do dhuine nó beirt a bheith san iomaíocht i gceantar áirithe nó mar sin. Tiocfaidh mé ar ais chuige sin ar Chéim na Tuarascála le leasú ach is ceann de na rudaí é sin. Níl a fhios agam go huile is go hiomlán conas déileáil leis mar aithním an fáth go raibh sé ann.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  15. Molann an comhchoiste an moladh seo ionas nach mbeidh aon srian ar iarrthóirí, nach féidir leo a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht mar gheall nach féidir leo áit chónaithe a cheannach inti nó nach féidir leo cead pleanála a fháil i gcomhair áit chónaithe dóibh féin a fháil inti, agus go mbeadh cead acu seasamh sna toghcháin. De réir alt 5, “Ní bheidh duine intofa mura rud é gur i gceantar atá cónaí air nó uirthi agus is sa cheantar arb ina leith a toghadh é nó í a bheidh cónaí ar chomhalta tofa”. Tuigim an bunús leis sin. Tuigim an sceon agus an raic a bhí ann thar na blianta nuair a bhí toghchán údaráis ann roimhe seo nó nuair a bhí toghchán eile ann. Dúradh nár bhain so-and-so leis an gceantar seo, nó nach raibh duine áirithe ag déanamh ionadaíocht ar ár son nó nach raibh cónaí ar an duine sin ann agus mar sin.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  16. B’fhéidir gur féidir leis an tAire díriú ar an ngné sin más ag déanamh athraithe a bheidh sé. Dá mhéad atá ar an mbord, is amhlaidh is mó saineolas a bheadh ann. Má tá bord níos mó, beidh níos mó daoine ann le saineolas bunaithe ar a gceantair féin nó ar a dtaithí féin agus a leithéid. Ag an stad seo tá mé ag iarraidh díriú isteach ar alt 5(c)(2E). Is alt 5 atá i gceist ach nuair a fheiceann tú, tá sé ag déanamh leasaithe ar an mbunBhille. Tá sé ag teacht salach ar an méid a bhí luaite ag an gcomhchoiste ina chuid moltaí. Luaitear i moladh 12 ón gcomhchoiste nach gcuirfeadh an tAire aon choinníoll i bhfeidhm a chuirfeadh srian, a bhaineann leis an áit a bhfuil iarrthóirí ina gcónaí, ar aon iarrthóir seasamh i dtoghchán i gcomhar bhallraíocht bhord Údarás na Gaeltachta.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  17. Níl mé chun dul siar ar gach rud atá ráite agam cheana. Ba chóir go mbeadh níos mó daonlathais seachas a mhalairt. Is é sin an fáth go bhfuil mé den tuairim gur chóir go mbeadh níos mó suíochán ann. Ní féidir liom cur i gcoinne an t-alt seo mar tá daonlathas de shórt éigin ann. Tá toghchán ag teacht ar ais agus is é sin atá á dhéanamh ag an alt ach amháin go bhfuil roghnú ag an Aire chomh maith céanna. Is é sin ceann de na pointí. Luaigh mé an lá faoi dheireadh gur féidir ainmniúchán a bheith ann do na hoileán agus é a bheith rollaithe timpeall na n-oileán le go mbeadh ainmniúchán ag oileán amháin bliain amháin agus ag oileán eile an bhliain dár gcionn, srl. Dhéanfadh sé níos deacra é ach is féidir é a dhéanamh, mar a dhéantar i gcás na gcathaoirleach gnó. Bogtar an t-ainmniúchán sin timpeall.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  18. Tá mise den tuairim gur cóir go bheimis ag athrú alt 5 chun cinntiú go bhfuil sé níos soiléire cad go díreach atá i gceist ag an Aire maidir leis na ceisteanna sin. Tá mé fós den tuairim gur cóir go mbeimid ag déanamh an leasaithe mar a bhí leagtha síos agam, a leag amach go díreach conas a roghnófar na ceantair. Ní fhaca mise aon loighic go dtí seo ar an leagan amach maidir leis na dtoghcheantar a leagadh síos, conas is féidir deichniúr a roinnt i gceantair na Gaeltachta uilig agus teacht ar an rochtain a leagadh síos sa Bhille seo.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  19. Dúradh go gcaithfidh an tAire daoine le saineolas a chur ar an mbord, agus, dá réir sin, go bhfuil gá le seisear ar leataobh a roghnóidh an tAire le cinntiú go mbeidh saineolas de shórt éigin nó sórt eile i gceist chun na spásanna sin a líonadh, in ainneoin go bhfuil mise agus an Teachta McGuinness den tuairim gur féidir daoine faoi leith a bheith ar an bhfoireann i gcásanna go bhfuil easpa saineolais ann. Is é sin an fáth go bhfuil feidhmeannas i gceist. Tá an feidhmeannas ann cheana féin, ach má tá breis saineolais ag teastáil, is féidir é sin a lorg ón gcuid eile den Státchóras. Más gá, d'fhéadfaí íoc as, mar a tharlaíonn i go leor bord Stáit nó eagraíochtaí Stáit eile. Tá na ceisteanna sin i gceist.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  20. Sa mhéid atá á leagadh amach ag an Aire, beidh air ní hamháin iarracht a dhéanamh déileáil leis an bhfadhb atá á lua agam anois, ach déileáil leis an bhfadhb a bheadh ann dá dtoghfaí fir ar fad nó mná ar fad toisc nach bhfuil aon rud sa Bhille go dtí seo – beimid ag teacht ar ais chuige – chun a chinntiú go mbeadh cothromaíocht inscne, nó rud gar di, ar an mbord. Ardaíodh ceist an tsaineolais agus muid ag caint faoin mBille an lá faoi dheireadh.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  21. Fiú leis an seisear breise a bheidh á roghnú ag an Aire, níl aon ghealltanas nó níl sé leagtha amach sa reachtaíocht gur gá don Aire aitheantas a thabhairt do na ceantair nach bhfuil ionadaíocht acu. Is féidir linn smaoineamh ar roinnt ceantar cuíosach beag agus glacadh leis nach dtoghfar duine astu. Is féidir Gaeltacht Uíbh Ráthaigh a lua mar shampla mar tá Gaeltacht Chorca Dhuibhne i bhfad Éirinn níos mó agus glacfar leis go dtoghfar duine ón gceantar sin i dtoghchán. Níl aon fhianaise nó foráil ann sa chás go dtarlaíonn an méid sin go mbeidh aitheantas ar leith do Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Tá an rud ceannann céanna fíor ó thaobh Chonamara de. D’fhéadfaí go mbeidh ionadaí amháin agus triúr ag teacht ón gcathair. Tá an fhadhb sin ann in áiteanna ina bhfuil ceantar beag nach bhfuil an toghlach chomh mór.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  22. Sular chríochnaíomar an lá faoi dheireadh, d’ardaigh mé an cheist go raibh mé ag iarraidh caint faoi alt 5, mar is ceann de na hailt is tábhachtaí sa Bhille seo. Tá sé seo ríthábhachtach, mar, in ainneoin go bhfuil roinnt de leasuithe Shinn Féin as ord, tá an bhuncheist ann go fóill ó thaobh dhéantús an bhoird é féin, agus go bhfuil toghchán i gceist. Fós féin, tá an tAire ag roghnú daoine chun dul ar an mbord seachas go bhfuil toghchán ina iomláine ann. Fiú sa toghchán sin, níl ach deich suíochán i gceist. Tá sé soiléir d’aon duine a fhéachann air seo nach mbeidh ionadaíocht ag na ceantair bheaga Ghaeltachta ann mar níl go leor ball le toghadh.

    SITTING OF 2025-04-09 · READ THE OFFICIAL REPORT

  23. Labre Park has existed for more than 50 years, but the playground has only been built now. One of the most disadvantaged and marginalised communities in this city lives in Labre Park, yet the children there did not have a playground.

    SITTING OF 2025-04-03 · READ THE OFFICIAL REPORT

  24. It is not possible for the services to do this if they are looking over their shoulders all the time to see where the next cut is going to happen, which will mean the marginalised communities they are trying to help will be facing into another round of cuts where services will be cut and the best youth workers will be looking elsewhere for work because they will not be able to pay their own mortgages if their jobs are cut. Let us look to the example of St. Ultan's school, what work it is doing and how it is reaching out to the community as a whole in a disadvantaged area. It is an example of how this activity can work if the investment is there and if there is continual investment. Only last week, I was at the opening of a playground at Labre Park. This is another example of my point.

    SITTING OF 2025-04-03 · READ THE OFFICIAL REPORT

  25. Dedicated youth centres work. Anybody who has visited The Base in Ballyfermot will have seen the work carried out there and the example set. As Deputy Donnelly said, we cannot reach everybody, but we can try. We can try to ensure there is investment in those services, whether in Ballyfermot Youth Service or the likes of the Targeted Response with Youth, TRY, project that was operating in Donore Avenue. These are services reaching out to the hardest-to-reach young men and women running amok in communities. The idea is that the services focus on how to divert these young people away from criminal activity and from drugs and alcohol and the abuse of their abuse.

    SITTING OF 2025-04-03 · READ THE OFFICIAL REPORT

  26. Is léir do gach duine go bhfuil éigeandáil tithíochta ann. Caithfidh mé súil ar ghné amháin toisc go bhfuil roinnt de m’am imithe. If the Government regarded this as a housing emergency, it would be funding regeneration projects to the hilt to make sure that those public sites would have public, social and affordable housing. We now have a situation where the Dublin City Council CEO has said he is putting a three-year pause on regeneration projects in this city because of a lack of central government funding. I cannot figure out where the housing emergency is, or where it sits in the Minister's brain, if the Government cannot even fund those projects, which involve public land with social and affordable houses on it.

    SITTING OF 2025-04-02 · READ THE OFFICIAL REPORT

  27. It is just a point of clarification on what the Government Chief Whip just spoke about. I was at the meeting of the Business Committee, as was the Ceann Comhairle, and other business was set down for Thursday. That business fell last Thursday, which meant that there was time. The objection to us looking for statements on tariffs was raised and it was stated that no time was available-----

    SITTING OF 2025-04-01 · READ THE OFFICIAL REPORT

  28. Will the Government act to restore people's confidence in these projects and to grab the proper funding to accelerate these projects for existing and future tenants and renters?

    SITTING OF 2025-03-27 · READ THE OFFICIAL REPORT

  29. In the context of the national housing emergency, many of the large-scale social housing complexes in my constituency and other urban constituencies have been earmarked for regeneration to address the deplorable condition of many of them, and to increase the density of these sites with additional social and affordable homes. However, I want the Minister's assurance today that the Government is fully committed to funding these projects and regeneration programmes, because I have been informed that Dublin City Council is effectively pausing these projects, namely, Cherry Orchard, Bluebell, Dolphin House, St. Teresa's Gardens, Basin Street and the Oliver Bond flats for at least three years due to a lack of funding from central Government.

    SITTING OF 2025-03-27 · READ THE OFFICIAL REPORT

  30. Tá sé go maith go n-aithníonn an tAire go bhfuil géarghá ann, agus ní hamháin maidir leis an méid a dúirt mé faoi dhaltaí ag teacht amach. Tá dualgas anois ar an Stát a chinntiú go bhfuil 20% dóibh siúd a n-earcófar chuig an Státseirbhís inniúil ar an nGaeilge. Beidh innealtóirí, banaltraí, dochtúirí lia agus é sin ar fad i gceist. Muna bhfuil na cúrsaí ar fáil, ní bheidh na dochtúirí agus Státseirbhísigh leis an nGaeilge cheart ann amach anseo. Caithfidh an Stát seirbhísí a sholáthar i nGaeilge i gceantair Ghaeltachta. Beidh níos mó de dhíth amach anseo. Chomh maith leis sin, caithfidh níos mó fógraíochta a bheith as Gaeilge. Ní leor an líon beag cúrsaí atá ann faoi láthair. Caithfidh i bhfad Éireann níos mó a bheith ann. Ní múinteoirí amháin atá i gceist. Tá gach uile chúrsa eile ag teastáil.

    SITTING OF 2025-03-27 · READ THE OFFICIAL REPORT

  31. Gabhaim buíochas leis an Aire as an bhfreagra sin, ach níl aon rud nua ann. Tá a fhios againn go bhfuil ag teip go huile is go hiomlán ar an Údarás um Ard-Oideachas líon na gcúrsaí Gaeilge a ardú sna hinstitiúidí seo. Tá an ceart ag an Aire. Tá na hinstitiúidí neamhspleách ach tá siad spleách ag an am céanna. Tá siad ag brath ar an Stát do mhaoiniú. Is féidir leis an Stát, tríd an Údarás um Ard-Oideachas nó trí mhaoiniú, níos mó brú a chur orthu cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil do na mic léinn. Is é an figiúr atá ann go dtí seo ná go bhfuil 50,000 páistí ag dul trína mbunoideachas iomlán i nGaeilge. Titeann an figiúr go dtí 17,000 ag leibhéal na meánscolaíochta agus 3,000 ag an tríú leibhéal, is é sin, na hollscoileanna agus na hinstitiúidí eile. Is titim ollmhór é sin agus caithfimid rud éigin a dhéanamh faoi.

    SITTING OF 2025-03-27 · READ THE OFFICIAL REPORT

  32. Is ceist í seo maidir leis an líon beag mac léinn atá ag déanamh staidéar trí mheán na Gaeilge sna hollscoileanna. Cad é atá an tAire chun déanamh chun an líon sin a ardú sna hollscoileanna go háirithe, toisc go bhfuil sé chomh beag sin?

    SITTING OF 2025-03-27 · READ THE OFFICIAL REPORT

  33. Is ionann roinnt den aitheantas sin agus tuarascáil nó liúntas nó pé rud a ghlaoitear air atá ag tabhairt aitheantais don ról atá i gceist. Anuas air sin, tá an leasú seo ag cuidiú lena déanamh cinnte de nach bhfuil siad gafa nó tarraingthe i dtreonna difriúla agus go bhfuil siad dírithe ar na ceisteanna móra atá le réiteach. Is iad sin na ceisteanna mar, cheana féin, ó thaobh Údarás na Gaeltachta, roimhe seo nuair a bunaíodh é, bhí sé dírithe ar fhostaíocht. Le tamall de bhlianta anuas, tá dualgais bhreise tugtha don údarás, dualgais ó thaobh pleanáil teanga de agus dualgais anois atáimid ag díriú isteach orthu ó thaobh tithíochta agus tá daoine ag caint faoi dhualgais eile.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  34. Fiú má tá tú i dTír Chonaill, tá dualgais agus freagrachtaí ort do Rinn Ó gCuanach, Oileán Chléire agus na hOileáin Árainn agus mar sin de. Tá ualach breise ort mar sin. Cuideoidh na gadgets linn; is féidir Microsoft Teams agus rudaí mar sin a úsáid. Ní dhéanfaidh sé an jab níos éasca. Tá gach rud ag éirí níos casta. In ainneoin go mbeidh feidhmeannas ann, is é sin, an príomhfheidhmeannach agus an fhoireann, tá agus beidh dualgais ar bhaill an bhoird. Cheana féin, tá an tAire tar éis a rá gur rud eisceachtúil é go gcaithfidh go mbeidh saineolas ag daoine ar an mbord agus go mbeidh tuiscint acu. Má tá tú á scaradh amach mar sin agus ag tabhairt dualgas agus coinníollacha breise dóibh, caithfidh aitheantas dul leis sin.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  35. Chomh maith leis sin, cuirfear srian orthu nach mbeidh ach dhá théarma acu, má ghlacann muid leis an méid atá curtha chun cinn ag an Aire. Tá muid ag déanamh rudaí difriúla. Is é sin ceann de na rudaí. Níl sé go hiomlán daonlathach nó go hiomlán cosúil le comhairleoir contae ar féidir leis nó léi a bheith tofa bliain i ndiaidh bliana nó téarma i ndiaidh téarma má tá an pobal sásta glacadh leis sin. Is é sin an daonlathas. Má tá tú tofa don údarás, ní hé go bhfuil tú díreach freagrach don cheantar sin. Má tá tú tofa go comhairle contae, tá tú tofa don cheantar ina bhfuil tú ach tá tú tofa do Thír Chonaill ina iomlán chomh maith, i gcomhthéacs an cháis a bhí á phlé ansin. Ó thaobh an údaráis, áfach, tá tú tofa agus freagrach don Ghaeltacht ina iomlán.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  36. Cé go mbíonn eisceachtaí ann i gcónaí - daoine a bhfuil fuinneamh den scoth acu - aithneoidh an Teachta go bhfuil an saol ag casadh beagán. In ainneoin go bhfuil rudaí in ainm is a bheith níos éasca, leis an bhfón, an t-Idirlíon agus rudaí mar sin, tá agus beidh ualach breise ar chomhairleoirí contae amach anseo. Tuigim an dá thaobh. Ní raibh mé i mo chomhairleoir contae riamh. Bhí an t-ádh liom go raibh mé tofa díreach chun na Dála in 2002. Tuigim an sórt buntáiste a bheadh ann do chomhairleoirí dá mbeadh sé nó sí ar bhord an údaráis ó thaobh a bheith ceangailte isteach leis an údarás atá ag déileáil leis na mbóithre nó le ceisteanna pleanála, mar shampla. Ag an am céanna, áfach, ó thaobh na Gaeltachta de, tá muid ag iarraidh go mbeidh na daoine seo dírithe go huile is go hiomlán ar an nGaeltacht.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  37. Mar sin, mura nglactar leis an leasú seo beidh daoine atá mar chomhairleoirí contae cheana féin ag rá leo féin gur bealach é seo le cúpla pingin breise a fháil agus go rachaidh siad san iomaíocht. Tá aithne orm cheana féin ar dhaoine, agus meas éigin orthu, a cheapann go dtoghfar iad agus nach mbeidh orthu mórán a dhéanamh. Táimid ag iarraidh go mbeidh na daoine a bheidh ar bhord Údarás na Gaeltachta gafa leis. B'fhéidir go mbeidh iomarca oibre anuas orthu, le go mbeidh tairbhe á baint ag na ceantair Ghaeltachta astu siúd atá ainmnithe nó tofa.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  38. Sin an fáth gur chóir go mbeadh liúntas cuí ar fáil ní hamháin dóibh sin a bheidh san iomaíocht don údarás, ach do na comhairleoirí i gcoitinne timpeall na tíre freisin. Níl aitheantas cuí a thabhairt ag an Stát dóibh sin ná don obair a dhéanann siad thar ceann na saoránach sa Stát. Sa chás seo, tá mé ag rá nach féidir an dá thrá a fhreastal agus gur chóir dúinn bac a chur sa reachtaíocht chun cosc a chur ar dhaoine a bheith mar comhairleoirí contae agus comhaltaí den údarás ag an am céanna. Seo ceann de na fáthanna a bhí muid ag iarraidh go mbeadh an toghchán seo ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla. Sa chás sin, bheadh ar dhaoine cinneadh a dhéanamh roimh ré cén cineál toghchán ina raibh siad chun seasamh. Anois beidh siad as sync. Ní bheidh na toghcháin áitiúla ar siúl ag an am céanna le toghchán an údaráis.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  39. Má tá tú ag caitheamh ama ag obair don údarás agus deireann daoine nach gá duit é sin a dhéanamh, mura bhfuil tú an déanamh na hoibre agus tú tofa d’Údarás na Gaeltachta, ní bheidh tú tofa arís. Sin an buntáiste. Ní bheidh tú ag suí ar na pinginí móra a cheapann daoine a thugtar do chomhairleoir nó do dhuine a bheidh tofa don údarás. Beidh tuarastal nó liúntas éigin acu. B'fhéidir go mbeidh roinnt daoine in ann obair pháirtaimseartha a dhéanamh ach má tá siad ag déanamh na hoibre i gceart, ní bheidh siad in ann bheith ag obair go lánaimseartha i bpost idir 9 a chlog is 5 a chlog gach uile sheachtain. Má tá siad dáiríre faoin obair ar gá a dhéanamh agus faoi freastal ar na cruinnithe agus an t-ullmhúchán a dhéanamh i gceart, ní féidir jab lánaimseartha a dhéanamh freisin.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  40. Sin an freagracht agus an íosmhéid ar chóir dúinn a bheith ag lorg, sa chaoi chéanna a bhíonn íosmhéid á lorg uainne. Mar pháirtí, nuair atáimid ag lorg iarrthóirí, ceann de na rudaí a bhímid ag lorg ná go mbíonn siad ar fáil don phobal, freagrach agus ag obair. Glacaim leis go ndéanann Fianna Fáil an rud céanna, agus méid áirithe á lorg aige. Is minic a bhíonn muid ag lorg níos mó ó dhaoine nach bhfuil ar thaobh na cothroime de, agus nach féidir leo a dhéanamh ó thaobh an tuarastail de. Caithfidh siad morgáiste a íoc agus íoc as carr. Sa chás seo, beidh an rud ceannann céanna i gceist. Ní féidir 40 uair a chloig a thógáil as 20 uair an chloig. Ní ann dó.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  41. Tá aithne agam ar dhaoine a bhí orthu éirí as bheith ina gcomhairleoirí toisc go raibh an oiread sin ama á chaitheamh acu ar an ról agus nach raibh an liúntas mór go leor leis an morgáiste a íoc. Tá sé sin fíor go fóill. Sa chás seo, nuair a chuir muid ceist faoin liúntas a bheadh i gceist do dhuine tofa mar bhall d’Údarás na Gaeltachta, bhí sé suarach i gcomparáid leis an méid ualaigh a bheadh orthu agus ar chóir go mbeadh orthu. Nuair atá daoine tofa nó ainmnithe le bheith ar bhord Stáit, ba chóir go mbeadh ualach agus freagracht orthu. Ba chóir go mbeadh orthu freastal ar chruinnithe agus bheith ar an eolas faoi gach rud atá ag tarlúint. Ba chóir go mbeadh orthu freastal ar cheantair dhifriúla agus bualadh leis na ceantair atá siad tofa dóibh.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  42. Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó aitheantas airgeadais tugtha do chomhairleoirí ó gach uile pháirtí atá ag déanamh éacht timpeall na tíre seo. Níl mo pháirtí féin ag déanamh iarrachta aitheantas a thabhairt do na dualgais bhreise atá orthu. Má smaoinímid ar na dualgais bhreise atá ar chomhairleoirí anois, tá siad i bhfad Éireann níos deacra ná mar a bhí blianta ó shin. Tá ualach níos mó ó thaobh freagrachta agus airgeadais de, agus ó thaobh gach uile chur chuige. Tá siad gafa le cruinnithe, srl. Roimh don dé-sainordú imeacht, ní raibh gá dóibh bheith ag gach uile chruinniú. Tharla athrú a chiallaíonn go bhfuil gá dóibh bheith ag cruinnithe den SPC. Caithfidh siad freastal, má tá an ceart agam, ar 80% de na cruinnithe chun an liúntas - níl ann ach liúntas - a fháil. Níl aon aitheantas sa liúntas sin ar cé mhéad ama atá ag teastáil.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  43. An rud atá i gceist go simplí ná nach bhfuilimid ach ag iarraidh cinnte a dhéanamh de go gcaitear leis na toghcháin seo cosúil leis na toghcháin eile. Nuair a bhí díospóireacht ann chun fáil réidh leis an dé-sainordú i dTithe an Oireachtais, is cuimhin liom go raibh chuile dhuine ag gearán agus ag rá go dtitfeadh an tóin as an bpolaitíocht. Dúirt siad nár chóir go mbeadh cosc ar chomhairleoirí contae nó cathrach bheith ina dTeachtaí Dála ag an am céanna nó mar an gcéanna leis sin, ina gcomhaltaí de Phairlimint na hEorpa. B'fhéidir gur thit an tóin as an bpolaitíocht i mbealach amháin nó bealach eile, ach ní raibh sé bainteach leis an deireadh a cuireadh leis an dé-sainordú. Níl go leor airgid á thabhairt do na comhairleoirí. Níl an tuarastal maith go leor.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  44. Roimhe seo, bhí an tAire ag rá gur bord Stáit é seo agus go mbíonn daoine eile ar bhord Stáit ach tá sé seo go huile is go hiomlán difriúil ó aon bhord Stáit eile. Tá toghcháin i gceist. Rinneamar iarracht go mbeadh an toghchán do gach duine ach níl an tAire sásta glacadh leis sin ach, fiú amháin don deichniúr a bhfuil an tAire ag caint faoi, ba chóir go mbeadh siad dírithe air sin mar tá an jab chomh mór sin. Tá an Ghaeltacht chomh scartha amach sin nach féidir freastal ar an dá thrá. Ní féidir le duine a bheith mar chomhairleoir contae i Maigh Eo agus a bheith ag déanamh cinnte de go bhfuil aitheantas agus tuiscint ag an duine ar cheantar Rinn Ó gCuanach nó a leithéid. Is rud simplí é. Níl sé as alt leis an gnáthrud atá ag tarlú i ngach uile chomórtas toghchánaíochta eile. Tá súil agam go mbeidh an tAire sásta glacadh leis sin.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  45. Is é sin liúntas ar an scála do chomhairleoirí contae mar táimid tar éis a aithint cheana féin sa chomhrá go dtí seo gur rud an-tábhachtach é seo, go bhfuil dualgais bhreise acu agus go bhfuil sé chomh tábhachtach sin go mbeadh scileanna ar leith ag daoine. D'aithníomar cheana féin gur chóir go mbeadh Gaeilge ag leibhéal áirithe. Tá coinníollacha breise aitheanta againn beagnach cheana féin nach bhfuil anuas orthu siúd atá san iomaíocht don chomhairle contae nó tofa don chomhairle contae nó, fiú amháin, nach bhfuil orainn atá tofa anseo nó ar Sheanadóirí, seachas coinníoll aoise a bhíonn i gceist. Sa chás seo, táimid ag rá gur chóir go mbeadh cinneadh déanta nach mbeidh daoine in ann a bheith ar bhord gan an inniúlacht seo.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  46. I ngach uile ghné eile de na toghcháin ar an oileán seo, níl cead ag duine ach post tofa amháin a bheith aige nó aici. Tráth dá raibh ann, bhí trí nó ceithre post tofa ag daoine. Is cuimhin liom nuair a bhí Ian Paisley ina chomhairleoir contae, ina bhall den Tionól, i Westminster agus san Eoraip ag an am céanna. Bhí daoine eile mar an gcéanna go dtí gur aithníodh nach féidir freastal ar an dá thrá, ní hamháin freastal ar an gceithre thrá. Má táimid dáiríre go mbeadh daoine dírithe isteach ar an nGaeltacht, ba chóir go mbeidh siad dírithe isteach air seo mar gurb é seo an t-aon jab atá acu agus go mbeadh tuarastal acu agus liúntas cuí i gceist.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  47. Tairgim leasú Uimh. 7: Ar leathanach 11, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh líne 34: “(2G) Ní bheidh duine intofa má tá siad mar chomhalta den Dáil, den Seanad, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil. I gcás go dtoghfar an duine don Dáil, don Seanad, do Pharlaimint na hEorpa, nó d’údarás áitiúil, fad is atá siad mar chomhalta den Údarás, déanfaidh an tAire an liosta cúltaca atá luaite i bhfo-alt (2F) a úsáid chun comhalta nua a roghnú le teacht i gcomharbacht air nó uirthi tráth nach déanaí ná seachtain tar éis a thofa nó a tofa don eagras eile.”.”. Is leasú é seo atá ag déileáil leis an dé-shainordú, agus muid ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh sé de chead ag duine atá cheana féin ina chomhairleoir contae a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den údarás.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  48. Má tá sé sa reachtaíocht ón tús, níl aon ghá le rialachán chun déileáil leis. Tuigeann daoine ón tús gur seo mar atá sé má tá tú ag iarraidh a bheith cáilithe chun seasamh sa toghchán nó má tá tú chun d’ainm a chur chun tosaigh tríd an gcóras roghnaithe, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, gurb é seo, ar a minimum, an caighdeán. B’fhéidir go bhfuil cáilíochtaí breise ag teastáil, mar atá luaite ag an Aire, do dhuine a bhfuil spéis acu a bheith mar chathaoirleach. B’fhéidir go bhfuil cáilíochtaí faoi leith gur ghá dóibhsean a shroicheadh. Tá mise cinnte de gur chóir go nglacfar le, ar a laghad, leasú Uimh. 6, ach má tá an tAire ag iarraidh féachaint ar an difríocht idir leasuithe Uimh. 5 agus 6 agus míniú a thabhairt dúinn cén fáth nach bhfuil sé sásta glacadh le ceachtar acu, tá mé sásta éisteacht a thabhairt.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  49. Tá a fhios againn anois nach bhfuil an reachtaíocht chun a bheith rite róthapa. Tá súil agam go mbeidh sé ann am éigin roimh an samhradh tríd an Seanad agus go mbeidh toghchán ann am éigin laistigh de dhá bhliain nó mar sin. Tá síneadh nó athainmniúchán déanta ar na comhaltaí atá ann faoi láthair agus, mar sin, is féidir leis an mbord atá ann leanúint ar aghaidh ar feadh dhá bhliain eile. Tugann sé sin an deis do dhaoine. Má dheireann an tAire nuair atá an Bille seo rite go mbeidh an toghchán i mí Dheireadh Fómhair, nó má tá an toghchán le bheith ar siúl an bhliain seo chugainn, beidh go leor ama ag daoine díriú isteach ar an gcáilíocht seo a fháil. An fhadhb atá ann ná go rithfear an tAcht agus go minic bíonn moill ann idir sin agus cinntí nó rialacháin ag teacht ó Aire.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT

  50. Mar a dúirt an tAire agus mar atá sé curtha faoi láthair, luaitear córas caighdeán bunaithe dár ndóigh ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha ach go mbeifí in ann féachaint ar an gcóras agus an leibhéal inniúlachta. Luaigh an tAire go bhféadfadh sé a bheith ag leibhéal B2 nó níos airde ach d’fhéadfadh sé nó sí amach anseo a bheith ag leibhéal níos ísle ná B2. Is é sin an dainséar agus an fáth go bhfuilimid ag iarraidh an chinnteacht sin a bheith ann ón tús. Nuair a bhí muid á phlé seo sa choiste agus anseo ar an Dara Céim, bhí sórt fuadar orainn mar bhí muid ag iarraidh go mbeadh an toghchán ann. Bhí muid ag ceistiú, dá mbeadh an reachtaíocht rite, an mbeadh go leor ama ag daoine a bhí ag iarraidh a bheith san iomaíocht ainmniúchán a chur isteach agus gach rud eile.

    SITTING OF 2025-03-26 · READ THE OFFICIAL REPORT